Cumann Gaelach 5 an Taobh

Bhuaigh DCU RAG comórtas peile 5 an taobh a bhí curtha ar siúl ag an gCumann Gaelach an Mháirt seo chaite. Bhí an ócáid ar siúl ag a 5 a chlog tráthnóna Dé Máirt, sna páirc imeartha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tháinig go leor cumann le chéile chun dul in aghaidh a chéile agus na cluichí a imirt. Bhí Cumann na Meán, Cumann Cancer, Dráma, Damhsa, Global Brigades, RAG agus an Cumann Gaelach ag glacadh páirt sa chomórtas. Chomh maith leis na foirne a bhí acu, bhí lucht leanúna ag cuid mhór de na foirne chomh maith ag tabhairt tacaíocht dóibh.
Bhí dathanna difriúla ag chuile foireann, le ceann amháin acu le smideadh ar a n-aghaidh!
Dúirt Siobháin Ní Thaidhg, Oifigeach Siamsaíochta an Chumainn Ghaelaigh:
“Bhí mé an-sásta leis an imeacht agus bhain gach duine taitneamh as”.
Chomh maith le sin, bhí na réiteoirí ann ó na Gaeil Óga, mar sin, d’imir siad na cluichí leis na rialacha go léir i bhfeidhm. Dúirt Séan Mistéal, a bhí mar cheann de na réiteoirí, “Rinneamar iarracht na rialacha a bheith simplí” mar sin, bhí gach uile duine in ann taitneamh a bhaint as, fiú muna raibh na rialacha ar eolas acu.
Seo an chéad imeacht idir-chumann a bhí eagraithe ag an gCumann Gaelach i mbliana.
Ag deireadh an cluiche, fuair na buaiteoirí go léir trófaithe beaga mar dhuaiseanna. Dúirt cathaoirleach Cumann RAG, Caoimhe Ní Mhaolagáin:
“Táimid an sásta go bhuamar an trófaí seo. Rinne an fhoireann go léir a lán cleachtadh an tseachtain seo agus bhí siad ag súil leis an ócáid ar feadh tamall”.

Cáit Ní Cheallacháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.