Ravelóid 2016

Ní feidir a rá go bhfuil easpa féilte le fáil in Éirinn – ó Electric Picnic go Castlepalooza, Sea Sessions go Indiependence, freastlaíonn ár dtír ar gach leantóir cheoil. In ainneoin an méid seo, ní chloistear trácht faoi fhéilí lán-Ghaeilge chomh minic.

Tá Teach an Droichid nua i mbun féile nua-aimseartha, nua-Ghaeilge a eagrú i mbliana i nDomhnach Bat, Deisceart Baile Átha Cliath. Cuirfear na himeachtaí ar siúil thar deireadh seachtaine amháin i rith an tsamhraidh – sa séasúr céann leis na féilte mhóra thuasluaite.

Léitear roinnt trácht faoin fhéile, ‘Ravelóid’, ar líne tríd postéirí scaptha trí-bhlaganna agus na meáin shóisialta. Dar leo siúd a bhfuil i mbun an feachtas seo ar a gcuid cuntas Facebook, beidh níos mó eolas le faoin deireadh seachtaine le fáil tar éis an 26ú lá de Dheireadh Fomhair.

Béidh ‘Ravelóid’ mar an chéad féile go huile is go hiomlán trí-Ghaeilge. Creidtear go gcuirfear roinnt mhaith imeachtaí ar fáil, mar shampla, ceoltóirí nuacheol agus ceol traidisiúnta le cloisteáil i rith an lae agus i rith na hoíche, seóanna grinn, ceardlanna damhsa, litríocht and cainteanna éagsúla.

Tá roinnt mistéir fós ann i dtaobh na himeachtaí le cúpla ceisteanna tabhachtach le freagairt -an fíor an scéal go mbéidh campáil le fáil ar an láthair? An mbéidh sé cosúil le Electric Picnic agus roinnt le déanamh i rith an lae? Cé a bhéas ag seinnt?

Pé scéal é, níl aon dabht go bhfuil ‘Ravelóid’ thar téarma agus go bhfuil an mhuintír Ghaeilge as súil go mór leis.

Áine Marie Monk

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.