Mo Thaithí Mar Intéirneach

Tráth dá raibh, cloistear trácht faoi hintéirneacht agus smaoinítear faoin saol oibre a ghabhfadh leis; duine óg ag ullmhú caifé agus tae agus ag tabhairt faoi thascanna leadránacha san áit fhostaíochta nó san oifig.

Ní sin an scéal faoi láthair agus muid mar mhic léinn ag ullmhú don saol proifisiúnta i gceann bliana. Faightear roinnt taithí iontach agus foghlaimítear scileanna nua as an intéirneacht, in ionad a bheith fágtha san oifig mar sclábha in ionad scoile ag iarraidh scileanna a fheabhsú.

Bhí an t-ádh dearg liom gur sheoladh ríomhphost chugaim faoi dheiseanna fostaíochta éagsúla roimh laethanta saoire an tsamhraidh i mbliana. Ar an drochuair, faighim an iomarca ríomhphost agus ní bhím in ann m’aird a thabhairt dóibh agus iad a léamh go géar. Thug mé faoi deara gur intéirneacht a bhí ar fáil agus bhí an-suim agam inti agus mé gan phost ar feadh an tsamhraidh. Is fiú rud nua a thriail i rith d’am saor.

Bhí neart eolais nasctha leis agus é faoi intéirneacht a bhí le fáil anseo sa scoil ríomhaireachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Táim ag iarraidh tabhairt faoi mháistir sa mhargaíocht dhigiteach agus bhí an cuma ar an bpost seo go mbeadh sé oiriúnach domsa agus mé ag iarraidh triail a bhaint as margaíocht ar líne agus níos mó dearadh digiteach a dhéanamh.

Líon mé an t-iarratas ollmhór isteach agus sheol mé isteach é. Rinne mé agallamh gearr seachtain i ndiaidh sin agus fuair mé amach go raibh an post agam ina dhiaidh. Bhí mé ar mhun na muice ag súil leis an samhradh. Bhí mé gan fhostaíocht an samhradh roimhe agus chaith mé lá i ndiaidh lae i mo luí ar an tolg ag breathnú ar chláracha aisteacha ar Netflix.

Thosaigh mé ag obair mar intéirneach margaíochta in ionad ADAPT i mí Iúil. Bhí mé an-neirbhíseach agus mé mar an t-aon duine gan chéim ríomhaireachta bainte amach ann. Bhí mé buartha faoin obair, buartha faoi na scileanna a bheadh ag teastáil uathu agus buartha faoi na héadaí a bheadh á gcaitheamh agam chuile lá!

Bhain mé an-sult as an taithí tar éis 3 mhí a chaitheamh ag obair ansin. Bhí orm cabhair leis na hoibrithe eile, ag ullmhú buiséad don bhliain agus don bhliain seo chugainn chun deontais a fháil ón Fhondúireacht Eolaíochta Éireann ar son imeachtaí a eagrú.

D’fhoghlaim mé faoin gcóras a bhí curtha i bhfeidhm agus an próiséas i dtaobh imeachtaí a eagrú ar son an pobal, ar son daltaí scoile agus ar son daoine proifisiúnta. Bhí an fhoireann ag eagrú imeachtaí mar chuid de AILO, comórtas teangeolaíochta do dhaltaí meánscoile in Éirinn.

Mar chuid den eagrúchán, thug siad an deis domsa dul go Chill Channaigh ar feadh dhá lá le haghaidh ‘Transition Year Expo’, imeacht nua bliantiúil eagraithe ag Transition Year Ireland. Ba dheis iontach é cúrsaí agus scéimeanna atá cúrtha ar fáil do dháltaí san idirbhliain a fheiceáil in aon áit amháin. Thug mé eolas do dhaltaí scoile, múinteoirí agus tuismitheoirí faoin scéim agus an comórtas féin.

Baineann roinnt buntaistí le teangeolaíocht a dhéanamh ag aos óg, agus tugann an comórtas seo deis do dhaoine óga í a thriail go luath. Níos minice ná a mhalairt, bíonn siad ag iarraidh céim a bhaint amach san ábhar tar éis é a thriail san idirbhliain, cúigiú bhliain nó b’fhéidir sa séú bhliain.

Deis iontach ab ea é agus d’fhoghlaim mé, mar aon leis na daltaí, níos mó faoi chúrsaí éagsúla atá le fáil ar fud na tíre agus faoi dheiseanna obair dheonach atá ar fáil go náisiúnta agus thar lear.

Rud eile a bhí an-úsáideach domsa ná an deis a thug siad domsa le haghaidh imeacht a eagrú tar éis na hintéirneachta ar fad. Chuir mé imeacht le chéile san ionad in OCmBÁC i mí Lúnasa agus an t-aon aidhm a bhí leis ná obair na hintéirnigh ar fad a thaispeáint do na fostaithe eile in ADAPT.

Is fiú triail a bhaint as rudaí nua chun chinneadh a dhéanamh i dtaobh an cineál poist a mbeidh ag teastáil uaim sa thodhchaí. Ní raibh mé go huile is go hiomlán ar an eolas faoi HTML agus conas an córas a úsáid i gceart sula thosaigh mé ag obair in ADAPT, ach thug siad comhairle agus cabhair dom chun mo chaighdeán a fheabhsú.

Bhí mé ag iarraidh gach deis a thapú a bhí tugtha dom i rith an tsamhraidh agus d’fhiafraigh mé díobh an mbeadh mé in ann cabhair le dearadh an suíomh gréasáin agus leis na pacáistí scoile ar son AILO. Bhí siad lán-sásta agus mé ag cur mo scileanna deartha in úsáid. Thug mé faoi deara gur maith an rud é a bheith ag breathnú ar dhaoine proifisiúnta ag obair ina réimsí féin. Bhí mé in ann foghlaim conas rudaí a dhearadh le córas PhotoShop agus InDesign tar éis ceisteanna simplí a chur ar dhaoine, in ionad a bheith ag braith ar leabhar nó físeán amháin agus b’fhearr an rud é sin i mo thuairim.

Molaim d’aon duine clárú do hintéirneacht amháin don samhradh seo chugainn mar gur taithí iontach a bhí ann i mbliana! Ná éist le tuairimí diúltacha fúthú, mar is féidir níos mó a fhoghlaim faoin domhain proifisiúnta gan pá a fháil!

Áine Marie Monk

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.