Mo thaithí ag lorg post nua

Thosaigh mé mo chéad post part-aimseartha nuair a chríochnaigh mé mo chuigiú bhliain sa mheánscoil. Sé bliana déag d’aois, cailín éirimiúil agus lán sásta m’airgead féin a thuilleadh, thosaigh mé ag obair taobh thiar den gcuntar i siopa cuimhneachán sa cathair. Le mo neamhspleáchas féin and airgead ag líonadh mo chuntas bainc don chéad uair riamh bhí mé ar mhuin na muice. Thóg mé gach uair a bhí lé fáil; ró óg chun dul ag taisteal, chaith mé leath den airgead ar eadaí ach i ndairíre bhí an sábháil tar eís tosnú.
Lean mé leis an phost seo ar feadh trí bhliain. Bhí mé compordach le mo chuid airgead, agus ní raibh mé greamaithe riamh.
Thaistil mé ar fud na hEorpa, ag dul chuig trí déag tíortha thar ceithre seachtain. D’íoc mé as mo ranganna damhsa, as turais go Baile Átha Cliath agus as na costaí nua i mo shaol; costas saol na gcumann. Chuaigh mé amach uair nó dhó gach seachtain, i gcónaí le hairgead i gcomhair mo thascaí agus deoch. Níor cheap mé é ag an am, ach bhí mé saibhir i gcomparáid le mhic léinn eile.
Ansin, tháinig an smaoineamh.. b’fheidir rachaidh mé ar J1. Smaoineamh bídeach a bhí ann ar dtús ach tar éis cúpla mhí, bhí iarlais íochta agus eitilt curtha in áireamh chuig Chicago. Tar éis cúpla mí eile, d’fhág mé mo phost agus bhí mé i m’aonair.
Ar aghaidh liom ar aon nós. Shocraigh mé isteach i mo phost nua gan aon stró agus bhain mé an sult as mo shamhraidh mar óstach i mbialann le móréileamh.
Thiomáin mé chuig iarthar na tíre mar pháirt den turas: Vegas, San Diego, Los Angeles, San Francisco agus ansin thar an ilchríoch chuig Nua Eabhrach. Chaith mé gach uile phingean gan aiféala ar bhith. Bhí uaireanta ann agus chaith mé níos lú ná €5 in aghaidh an lá – bhí mé i bhfiachas, agus bhí sé ag fáil níos measa gach uile lá.. ach bhí mé chomh sásta. Bhí mé ag fáil táithí shaol iomláin nua, ag déanamh cairde nua agus taisteal an domhan. Beidh mo phost ag fanacht dom nuair a fhileann mé abhaile , nach mbeidh?
Ar an drochuair, bhí mé go hiomlán mícheart. Is cuma cén taithí a bhí agam, agus bhí go leor agam, ní raibh aon post le fáil i mo shean áit oibre. Tar éis trí mhí ag cur airgead amu, bhí mé abhaile, gan phingean rua. Le iasacht le híoc ar ais ón gcomhar creidmheasa, bhí me i bponc. Agus mí níos moille, táim dós greamaithe sa deachracht céanna.
Níl mé ag lorg slí beatha a íocann tuarastáil fláithúil. Táim ag lorg post part-aimseartha ionas go mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint as mo thréimhse sa choláiste agus mo iasacht a íoc ar ais. Oibrím go dian. Táim díograsach agus iontaofa, le taithí maith agus thar a bheith sásta sealanna fada a dhéanamh. Ach tar éis na céadta dubha CV’s a tabhairt amach, táim tuirseach.

Sinéad Ní Chumhaill

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.