Comhnascadh nó Colscarradh?

Le Áine Marie Monk

Nuair a bheidh an t-alt seo léite ag cuid mhór den ollscoil, béidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Phádraig agus Institúid Oideachais Mater Dei mar clann nua go hoifigiúil.

 

Tá a fhios againn, mar mhic léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go n-athróidh chuile rud i mbliana mar thorradh den chomhnascadh seo.

 

Nuair a chuala mé an nuacht seo don chéad uair, chuir mé cúpla ceist orm féin; an mbéidh mic léinn Choláiste Phádraig ag freastal ar na léachtaí chéanna liomsa agus an mbéidh orainn ár gcuid meansúnachtaí a dhéanamh le chéile?

 

Chun an fhírinne a rá, ní bheidh an athrú seo i gceist i mo chás féin, cé go bhfuilim ag tabhairt faoi Ghaeilge agus Iriseoireacht, ach chuala mé trácht go mbeidh ar mhic léinn áirithe freastal ar léachtaí i gColáiste Phádraig. Cén chaoi ina mbeidh siad in ann taisteal ó léacht anseo (OCBÁC) go Coláiste Phádraig gasta go leor chun a bheith in am agus cloí leis an amchlár?!

 

Tar éis dom smaoineamh faoin athrú sin, an aon ionadh é gur chuir mé an teideal thuas ar an alt seo?! Ní bheidh pobal Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar an gcéanna as seo amach.

 

Is dócha go  mbeidh deis iontach againn bualadh le daoine nua ó  na hinstitúidí eile, agus is iontach an rud é sin, ach an gcaillfimid ár gcuid féiniúlacht dá bharr?

 

An mbeidh muid fós mar phobal beag agus muid ag dul ó áit go háit ag freastal ar léachtaí agus ag glacadh pháirt i gcumainn sna hollscoileanna eile?

 

I gcás na Gaeilge, sílim go mbeidh pobal níos láidre cruthaithe againn mar ‘The New DCU’. Táim dóchasach go mbeidh muid in ann imeachtaí níos spéisiúla a eagrú agus tá súil agam go mbeidh slua ollmhór ag freastal ar imeachtaí anseo (cosúil leis na féilte móra timpeall Oíche Shamhna agus roimh an tsamhraidh).

 

Baineann roinnt bunstaistí ollmhóra leis i dtaobh saol na mac léinn i gColáiste Phádraig. Beidh siad in ann dul chuig an dochtúir ar champas in ionad i nDrum Conrach, ach, ar an taobh eile, beidh orthú táille €20 a íoc as.

 

Chomh maith leis sin, beidh oifig ar champas ar son seirbhísí do mhic léinn faoi mhíchumas a chur ar fáil, mar an gcéanna leis an oifig atá oscailte anseo.

 

An mbeidh muidne mar chlann nua ollmhór nó mar chlann scartha agus dúnta? Is féidir linn ár gcinneadh féin a dhéanamh faoi. Muna bhfuil muid, mic léinn OCBÁC, ag iarraidh a bheith mar bhaill de chumainn eile timpeall na háite, níl orainn. Tá an cinneadh sin againn, agus cinneadh breá-shimplí é.

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.