Lá Feasachta na Gaeilge

Bhí Lá Feasachta na Gaeilge ar siúl Déardaoin seo chaite (9 Aibreán) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ghlac roinnt eagraíochtaí páirt san ócáid eagraithe ag An Cumann Gaelach. An aidhm a bhí leis ná deis a thabhairt do mhic léinn agus baill foirne eolas a fháil faoin Ghaeilge san ollscoil agus taobh amuigh.
Raidió na Life a chuir ceol íontach ar siúil agus iad ag labhairt leis na mic léinn áirithe. Lá iontach a bhí ann cé gur fhreastal roinnt daoine ar an imeacht chun eolas a fháil agus taithneamh a baint as na himeachtaí a bhí ann. Chuamar i dteagmháil le Cumann Gaelach DCU agus duirt siad go raibh: “an-rath ar an Lá Feasachta mar gur léirigh cuid mhór mac léinn agus ball den fhoireann suim san eolas a bhí muid ag cur ar fáil. Tháinig cuid mhór daoine anall chugainn ag cuardach tuilleadh eaolais agus ag iarraidh deis cainte agus ba iontacah an rud é.”
Dúirt Leas-Chathaoirleach an chumainn, Caoimhe Ní Chathail go raibh “ suim mhór ag na daoine in úsáid agus i bhforbairt na Gaeilge agus thug sé sin misneach croí dúinne sa Chumann Gaelach.”
Chuireamar an cheist faoin fhéidearthacht go mbeadh Lá Feasachta na Gaeilge ar siúl an bhliain seo chugainn: “bhí muid iontach sásta ar fad le himeacht na bliana seo agus tá muid ag súil é a reachtáil achan bliain anois, i gcónaí ag cur feabhas air.”
Míle buíochas do achan duine a tháinig chuig an Lá Feasachta.Go háirithe Fiontar, Gaelscoileanna, Raidió na Life, Conradh na Gaeilge, DCU Language Services, Oifig na Gaeilge DCU agus T-Rex / Gaelgory. Tá muid ag súil go mór leis an bhliain seo chugainn!
Muna raibh tú i láthair agus agus bíonn suim agat i nGaeilge téigh go dtí na suíomhanna seo chun eolas a fháíl.
• Fiontar www.dcu.ie/fiontar/gaeilge/ 
• Gaelscoileanna www.gaelscoileanna.ie 
• Raidió na Life www.raidionalife.ie 
• Conradh na Gaeilge www.cnag.ie 
• DCU Language Services www.dculs.dcu.ie

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.