Saol na gCumann

Le Gradam na gCumann críochnaithe do bhliain eile agus BICS ag druidim níos congaraí, caithfidh muid súil ar shaol na gcumann agus na deiseanna a cuirtear ar fail dúinn mar gheall ar imeachtaí éagsúla na gcumann. Tá na cruinnithe gineáralta bliantúla ag teacht aníos agus ceann de na cinnithe is fearr go féidir déanamh ná rith ar son coiste.

Ag tús do shaol ar an gcoláiste, cloiseann tú i gcónaí daoine ag cur béim ar na gcumainn agus an tábhacht a bhaineann leo maidir le d’fhás agus d’fhorbairt thar na blianta. Ní haon bhréag é sin; idir scileanna, taithí agus eolas a ghnóthaíonn tú, bíonn seans agat tú féin a ullmhú don shaol tar éis na hollscoile agus an taithí sin a úsáid mar bhuntáiste agus tú ag lorg post.

Thar an craic agus spraoi a ghabhann lena beith páirteach i gcumann, foghlaimíonn tú scileanna de gach saghas tríd a bheith ar choiste; ó cheannasaíocht agus comhoibriú, go heagraíocht agus airgeadais, beidh tú níos muiníneach as tú féin de bharr an taithí seo ag deireadh na bliana.

Ar choiste cumainn, bíonn ról a oireann do gach éinne. Má thaitníonn dearadh leat, tá post an oifigeach caidrimh poiblí go hiontach duitse, agus más breá leat a bheith i gceannas ar ullmhúchán agus eagrúchán, oireoidh oifigeach siamsaíochta duit.

Seasfaidh an taithí go léir leat nuair a chríochnaíonn tú do chéim. Sampla de seo ná Niall Mc Nally, iar-mhac léinn atá anois ar camchuirt le ‘Lord of the Dance – Dangerous Games’. Tar éis córagrafaíocht a dhéanamh ar an ngrúpa rince gaelach le DCU Dance, chuaigh sé ar aghaidh agus tá sé anois má chuid de thuras domhanda le Michael Flatley. Chuaigh grúpa ó DCU Dance chuig an 3Arena chun an seó i mBaile Átha Cliath a fheiceáil agus chonaic siad láithreach an obair dhian agus grá a léirigh Niall don damhsa, a bhí aige agus é in DCU agus níl aon dabht gur choimeád sé é.

Sampla eile ná Big Shot, a mbeidh ag taisteal chuig na Stáit Aontaithe i rith an tsamhraidh tar éis tosacht ar stáiste The Venue. Ceoldráma é a scríobh iar-mhac léinn Lauryn Gaffney agus a chur DCU Drama ar siúl. Anois tá an criú agus an foireann aisteoirí ag taisteal chuig an San Diego Fringe Festival ar feadh cúig lá. Éacht ollmhór atá ann agus léiríonn sé an oiread ratha gur féidir baint amach mar gheall ar shaol na gcumann.

Tá sé tábhachtach an seans a thógáil; bain triail as rudaí nua, bí muiníneach asat féin agus tóg riosca. Téigh ar son post ar choiste. Beirfidh sé deiseanna iontacha duit. Beidh sé mar an cinneadh is fearr a dhéanfaidh tú riamh i rith do chuid ama ar an ollscoil!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.