Seicliosta J1

Táimid anois leath bealaigh tríd an dara sheimeastar agus tá an samhradh ag druidim níos cóngarach gach lá. Tá scrúdaithe an samhraidh ar fhíor na spéire agus tá sé in am dúinn a bheith ag smaoineamh faoin sos a mbeidh tuillte againn.

An samhradh seo chaite, chuaigh thart ar 150,000 mac léinn Éireannacha chuig na Stáit Aontaite le víosa gearrchuairte J1 agus níl aon dabht ach go bhfásfaidh an figiúir seo i mbliana. Tá sé in am duit do phlean gníomhaíochta a chur le chéile ach seo seicliosta beag chun tús a chuir leis an bpleanáil.

1. Lóistín
Déan do chuid taighde roimh ré maidir le lóistín; bíodh fios agat cá háit a fhanann na mic léinn go léir agus bí i dteagmháil le tiarnaí talún ionas go bhfuil buntáiste agat thar grúpaí eile. Tá gach éinne ag lorg an rud céanna, mar sin ná bí buartha ort muna bhfuil tórthaí láithreach agaibh. Bíonn tús lag leis i gcónaí ach coimeád leis agus oibríodh gach rud amach ag an deireadh.

2. Post
Tosaigh ag lorg post páirt aimseartha chomh luath ‘s a shroiceann tú do cheann scríbe. Beidh ort a bheith chomh glic le sionnach, agus buail an t-iarann te. Bí ag faire amach do chomhlachtaí atá ag lorg oibrithe séasúracha; siopaí, bialanna, óstáin, caifé nó beár cois farraige nó in áit a mbeadh dubh le daoine i lár an tséasúir.

3. Imeachtaí
Cé go mbeidh tú ag obair, is seans iontach é seo airgead a shábháil i gcomhair do chuid taisteal ag deireadh an tsamhraidh más mian leat. Déan cinnte taighde a dhéanamh ar na himeachtaí saor in aisce a mbíonn ar siúl sa chathair i rith an tsamhraidh. Idir phictiúrlanna amuigh faoin aer, féilte agus ceolchoirmeacha beidh tú i gcónaí gnóthach!

4. Clann thar lear
Am iontach é seo fáil i dteagmháil le d’aintín ó Chicago nó cara d’athair i mBostún nár labhair tú leis ar feadh blianta fada. Seans ann go mbeidh siad lán sásta aire a thabhairt duit ar feadh cúpla lá! Beidh tú lán sásta freisin dinnéar úr agus sos ó do chairde a fháil. Is maith an t-anlann an t-ocras agus beidh sé deas béile a ithe nach raibh ort féin cócaireacht a dhéanamh air!

5. Cairde
Dhá rud faoin bpointe seo; ar dtús báire taisteal le doine a mbeidh tú compordach leo. Trí mhí fada a mbeidh ann má tá tú ag troid nó ag argóint le do chairde. Gan dabht ní aontóidh sibh ar chuile rud ach bígí foighneach le chéile! Freisin, bí cinnte cairde nua a dhéanamh ó do ghrúpa féin. Is seans iontach é seo taithí a fháil ar thír iomlán nua.. ná bí greamaithe i ngrúpa Éireannach thar lear!

An rud is tábhachtach ag deireadh an lae ná a bheith slán sábháilte agus samhradh den scoth a bheith agat. Bí réidh d’eispéireas úr. Bíonn an siúlach scéalach mar sin déan cinnte go bhfuil cúpla scéal agat féin!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.