Léirmheas: Hozier le Hozier

Is as Bré, Contae Chill Mhantáin é Hozier, a bhain clú agus cáil amach don chéad uair thart ar bhliain ó shin lena chéad EP ‘Take Me To Church’ agus an físéan ceoil a tháinig amach in éineacht leis. Lán beochta agus mothúcháin, insítear óna ghlór paiseanta faoi na deachrachtaí a bhaineann leis an ghrá. Tá nasc mór idir cuid de na radharcanna san fhísean agus an fadhb atá ag titim amach sa Rúis maidir le heaspa cearta aeracha, áit gur coir é a bheith homaighnéasach. Bhain an físeán cáil laithreach nuair a scaoileadh é agus tá sé feicthe níos mó na 200 milliún uair anois, le neart cáil fós air inniu.
Tá aithne againn uilig ar Hozier, nó Andrew Hozier-Byrne i ndiaidh ‘Take Me To Church’ agus a dara EP darb ainm ‘From Eden’, singil a bhain an dara áit sna cairteanna amach. Ba mhó an oiread ráchairte ar a chéad albam ‘Hozier’ sular scaoileadh é ar an 19 Meán Fómhair in Éirinn, agus i nDeireadh Fómhair sna Ríocht Aontaithe agus i Meiriceá.
Cinnte nach raibh díoma ar a lucht leanúna nuair a chualathas faoi dheireadh é. Cnuasach de 13 amhrán atá ann agus chum sé uilig é féin iad, seachas rian 4 ‘Someone New’. Is cinnte go bhfuil cáilíocht éagsúil ag baint leis an amhrán sin. Coimeádann sé an tarraingteacht chéanna ach tá sé mar mhalairt ar an ton dorcha atá sna hámhráin eile. Tá sé éagsúil mar gheall ar an bhuaille corraitheach ann agus cloistear gnéithe den phopcheol ann chomh maith. Is cosúil go ndéarna sé seo d’aon ghnó mar cloíann an stíl sin leis an ghnáthcheol a ghlacann tús áite sna cairteanna don chuid is mó. An mhéid sin ráite, cé go bhfuil rithim difrúil ag ‘Someone New’, ní feidir an tallann ar leith atá ag Hozier a sheachaint agus is amhrán dochreidte é fós.
Dísréad giotiár is é rian 7 ‘In A Week’ le hamhránaí Éireannach darb ainm Karen Crowley. Cruthaíonn siad ceol aoibhinn le chéile agus mealltar an éisteoir go mór chuige. Amhrán grá atá ann le ceol agus canadh binn, ach ní gá ach scracfhéachaint a chaitheamh ar na lirící sula tugamid faoi deara an dorchadas a luíonn taobh thiar de. Baineann siad úsáid as a nguthanna draoíchtúla chun scéal faoi choirp lanúin atá marbh i bpáirc ar feadh seachtaine, a insint dúinn go ceolmhar agus go rómansúil.
Le linn a óige, b’inspioráid é Jackie Wilson do Hozier, an ceoltóir Meirceánach Rithim agus Gormacha, a bhásaigh 6 bhliain sular rugadh é. Is feidir gnéithe den stíl ceoil seo a chloisteáil go ríshoiléir tríd an albam seo, mar shampla sna hamhráin ‘To Be Alone’, ‘It Will Come Back’ agus dar ndóigh ‘Jackie and Wilson’, a chum sé in ómós don amhránaí.
Is cinnte an rud é gur albam den chéad scoth é seo ina léiríonn Hozier a ghlór galánta, réimse gléasanna agus a chumas mar amhránaí go ginearálta, rud atá spéisiúl agus annamh sa lá atá inniu ann.

Kerri Nic an tSaoir

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.