‘Sober October’ gan póit

Tuigim go gcloiseann gach mac máthair faoi Movember, ach ar chualathas trácht riamh faoi Sober October?
Is tiomsaitheoir airgid í Sober October do Macmillan Cancer Support. Is dúshlán é do dhaoine a bheith sóbráilte i rith mí Dheireadh Fómhair ar fad. Níl ann ach 31 lá gan póiteanna!
Is éasca an rud é Sober October a dhéanamh; ní gá ach foirm a líniú isteach ar líne ag www.gosober.co.uk. Glacfaidh sé níos lú ama ort ná pionta a dhoirt!
Is feachtas é Dry July san Astráil i rith an Iúil a thosaigh in 2008 agus atá ar siúl ó shin. Thug an feachtas seo inspioráid do Macmillan Cancer Support ‘Sober October’ a eagrú sna Ríocht Aontaithe ar dtús, ach tá daoine in Éirinn ag glacadh páirt inti freisin.
Ag an bpointe seo, tá beagnach 999,500 ‘Sober Heroes’ ag glacadh páirt in Sober October agus tá beagnach £1,350,000 bailithe acu don charthanas.
Tá cáil ar Sober October i measc daoine cáiliúla freisin anois. Tuigtear go bhfuil céimí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Laura Whitmore ag glacadh páirt. D’uaslódáil an láithreoir grianghraif ar Instagram leis an cur síos : “#SoberOctober is going to be tough! But I’m up for the challenge.”
Tá Sober Soc in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag spreagadh mic léinn a bheith páirteach san tiomsaitheoir airgid seo. Más ball den gcumann tú, tá siad ag cur an feachtas seo go mór chun cinn.
Is cumann nua é Sober Soc a bunaíodh cúpla mí ó shin. Eagraíonn an cumann eachtraí spraíúil do mhic léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste Phádraig. Ócáidí gan alcól a bhíonn i gceist, mar shampla, oíche scannáin. Tugann sé seans do na mic léinn bualadh le daoine nua i suíomh compordach, sóisialta agus neamh-mheisciúil.
Chruthaigh eagarthóirí Sober October liosta de bhuntáistí a bhaineann le mí a chaitheamh gan alcól. Deirtear go mbaineann roinnt buntáistí maidir le sláinte leis. Ina measc, codladh níos fearr, airgead a shábháil agus craiceann níos folláine, gan dearmad a dhéanamh ar an easpa póite!

Áine Marie Ní Mhainicháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.