Aithníodh é mar an fhéile ab fhearr san Eoraip sa bhliain 2011, teideal a chur bonn an fhéile cheoil san ilchríoch as a riocht, a bhain Glastonbury dá sheastáin cheoil agus a thug aitheantas d’éabhlóid na bhfeiltí ceoil le blianta beaga anuas. Thar oíche, d’fhás Sziget ó mheánfhéile cheoil agus chultúr go dtí cuan ardmholta an rac agus an damhsa.
Tá an fhéile lonnaithe ar Óbudai-Sziget, nó Oileán na Saoirse, ar Abhainn na Danóibe. Aistear traenach, 10 nóiméad ar fhad, é an t-oileán ó phríomhchathair na hUngáire, an Bhúdaipeist. Neamhchosúil leis an bpríomhchathair, áfach, ofrálann an fhéile atmaisféar suaimhneach dá hoilithrigh. Níl a leithéid de shuíomh na féile ar fáil áit ar bith eile san ilchríoch. Ofrálann tírdhreach ilghnéitheach an fhéile eispéireas a shíneann i bhfad níos faide ná an phríomh-stáitse.
Taobh istigh de chúpla mhí d’éirigh leis an bhféile stádas domhanda a bhaint amach. Bhí fonn ar gach duine ticéad teoranta an fhéile a bhaint amach, ticéad na saoirse. Agus bhí mé féin ar comhionann leo. Chuir mire na féile ar líne le réamhghabháil an imeachta agus ní raibh díomá orm.
Comhcheanglaíonn an fhéile seánraí an rac-cheoil, an phopcheoil, an reigé agus ceol an támhnéil mar aon le himeachtaí traidisiúnta na hUngáire. Freastalaíonn ilghnéitheacht cheoltóireachta na féile ar bhlasanna éagsúla an phobail agus gach aon duine ag tógáil a stíl, suimeanna agus traidisiún indibhidiúla féin leo, rud a chuireann le meanma shaor an imeachta.
Ofrálann an fhéile seo stíleanna éagsúla an cheoil le taibhithe ó mháistrí ó gach seánra. In aon lá amháin bhí an t-ádh orm taibhithe a fheiceáil óna leithéid de Chriss Ronsan, Biffy Clyro, Dizzee Rascal, Regina Spektor agus Simon Getready , faoi ghrian loiscthe na hUngáire.
Neamhchosúil le féilí Éireannacha a mbíonn faoi smacht na haimsire taghdaigh, bíonn aimsir na Búdaipeist chomh hard le 30⁰C i rith an tsamhraidh. Cuireann dea-aimsir na féile go mór le hatmaisféar dearfach agus taitneamhach an imeachta. Tugann sí deis d’oilithrigh sult a bhaint as an ócáid gan aon bhuairt ann go rachaidh a bpubaill ar strae i stoirm fad is a bhfuil siad imithe.
Anuraidh roghnaíodh, iarchoisir oifigiúil Sziget, B.my.Lake an fhéile nuabhunaithe is fearr san Eoraip. Féile dhá oíche is ea í a bhfuil ar siúil san Ísiltír dóibh siúd nach bhfuil réidh deireadh a chur le spraoi Sziget agus súil a chaitheamh ar an domhan réadach go fóill agus iad ar a mbealach ar ais ón bhféile.
Tháinig an-rath ar fhéile Sziget ó a mbunaíodh sa bhliain 1993. Le háiseanna nua-aimseartha ar nós an chórais íocaíochta gan airgid agus an Big Green Coach; a ligeann do chuairteoirí na féile cóisir an imeachta a leanúint agus iad á n-iompar ón bhféile, leanann féile Sziget ar aghaidh ag stiúradh féilte ceolta san ilchríoch isteach san 21ú hAois.
Mar gheall ar a háiseanna geografach agus dea-aimsir na háite, chomh maith le dearcadh ailtéarnacha agus neamhchlaonta na féile, is í féile Sziget ar cheann de na féilte is radacaí sa domhan, áit ar a bhfuil saoirse le fáil ag gach duine. Gan amhras beidh mé ag filleadh ar ais go hOileán na Saoirse mí Lúnasa, mar ceart bunúsach is í an tsaoirse, ceart a bhfuil ann le taitneamh a bhaint aisti.
Ellen Ní Churtáin
Leave a Reply