I mí Bhealtaine na bliana 1944, chuir airm Stalin ‘X’ dearga ar thithe na Tataraigh Chriméacha agus taobh istigh de cúpla lá, bhíodar ar fad, beagnach 300,000 díobh, curtha ar thraenacha chuig Lár an Áis. B’aistear cruálach é an t-aistear soir, le gol is screadach, agus tá cuimhne acu siúd a mhair ina dhiaidh, ar dhaoine ag caitheamh chorp a gclainne as an dtraein agus é ag imeacht ar lánluas – an t-aon fhoirm de shochraid ar an mbealach go dtí an Úisbéiceastán. Agus rinneadh é seo ar fad, mar gur cuireadh ina leith gur chabhraigh siad le forghabháil Naitsíoch an Chrimé (rud a léiríonn staid paranóideach ceannaire na Rúise thar aon ní eile).
Anois tá marcanna nua á chuir ar dhoirse na Tataraigh Criméacha – agus arís, is ó lámha an airm Rúisigh a dtagann siad. Deir dream amháin sa Chrimé nach bhfuilid ach ag magadh, ach go gcabhródh sé le gach duine dá stopfadh an tacaíocht leis an Rialtas san Úcráin. Deir an dream eile –“Tá siad ag cur pionóis orainn mar nach bhfuil smacht Putin uainn anseo.” Tá deireadh tagtha le stáisiún teilifíse na Crimé, agus tógann ceann Rúiseach a háit, ag tabhairt gealltanais agus ag ofráil tacaíocht do phobal uathúil an Chrimé.
Deir Putin go bhfuil sé mar dhualgas air Rúisigh an Chrimé (a ndéanann suas mórlach na tíre) a chosaint ó náisiúnaigh, aontoiscigh agus frithghiúdacha. Chaith Rialtas réigiúnaí an Chrimé vóta ag deireadh an mhí seo caite agus ba é an toradh air seo ná gur ainmníodh an leithinis mar chuid den Rúis. Athraíodh an reifreann (a bhí sceidealta don 30ú Márta) go dtí an 16ú Márta, agus athraíodh an cheist ó níos mó rialacháin a thabhairt don Chrimé go dtí ar mhaith leo a bheith mar chuid den Rúis.
Deir Cameron agus Merkel, ceannairí na hEorpa faoi láthair, mura nglacann Putin páirt sa phróisis taidhleoireachta go mbeidh tionchar diúltach aici seo ar chaidreamh idirnáisiúnta. Deir Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, John Hague, go bhfuil “dhainséar ann de choimhlint gunnaí” dá rachadh fórsaí na Rúise aniar go dtí oirthear an Úcráin (áit a gcónaíonn muintir thacaithe an Úcráin).
Deir Obama agus Rialtas Mheiriceá cuid mhaith den rud céanna ach is deacair a rá an bhaint atá acu leis an ngéarchéim – seachas gurbh iad an tír is cumhachtaí faoi láthair, agus go mbraitheann siad go gcaithfí iad súil a choimeád ar gach rud a dtarlaíonn ar dhomhan. Ach cad a deir na Tataraigh Criméacha faoina gcás?
Braitheann siad go bhfuil feall déanta orthu ó thaobh an Rialtais sa Chív. Tar éis na héileamh ar fad acu, ar nós aitheantais d’íospartaigh Stalin, agus scoileanna Tatairis na Crimé a bhunú, an t-aon rud a tugadh dóibh ná neamhaird. Tá eagla an domhan ar mhuintir an Chrimé go gcaillfear an chultúr, an teanga, agus an t-aitheantas acu agus ag deireadh an lae tá sé sin mar thosaíocht acu. Ofrálann an Rúis – áit sa Rialtas acu, cúnamh airgeadais, cearta teanga oifigiúil, agus cláir forbartha tuaithe. An t-aon rud a bhfuil ag cuir stop le ná go mbraitheann muintir na Crimé nach féidir brath ar an Rúis ina dhiaidh gach ar tharla i rith an Dara Cogadh Domhanda.
Deir na saineolaithe go bhfuil an Úcráin agus a pobal ag bogadh i dtreo cogadh cathartha, agus is deacair é seo a chloisteáil agus gan é a chuir i gcomparáid le cás na hÉireann. An t-aontas mór agus tír bheag ag troid go paiseanta I gcoinne a chéile le seilbh a ghlacadh ar ghiota beag talaimh a bhfuil a phobal i gcomónta acu agus ar mhaith leo a gcultúir agus a dteanga a chosaint ón cheann eile.
Suimiúil le feiceáil go bhfuil an dá fhadhb an cosúil lena chéile agus nach bhfuil réiteach cinnte ar ceachtar taobh. D’ainneoin domhandú fairsing an lae inniu, nó b’fhéidir mar gheall uirthi, is cosúil go bhfuil tíortha ag scoilt ina gcodanna chun a gcuid aitheantais agus cultúir a chaomhnú – An Chatalóin sa Spáinn, agus an Albain sa Ríocht neamh-Aontaithe mar na samplaí is cáiliúla.
Cibé taobh atá an lámh in uachtar acu, déanaimis cinnte de go dtiocfar ar réiteach gan foréigean – mar tuigimid thar aon dream eile cé chomh huafásach an rud é nuair a chasann cairde a hairm in aghaidh a chéile.
Gráinne Ní Aodha
Leave a Reply