Uachtarán na hÉireann: Ar cheart dó nó di Gaeilge a labhairt?

Chief of Irish and Languages Zach Hodgkiss

Photo credits: Heritage Ireland

Is ról siombalach é Uachtarán na hÉireann inár sochaí, mar cheann stáit, ach freisin mar shiombail de chultúr agus d’oidhreacht na tíre. Ach ar cheart di Gaeilge líofa a labhairt?

San am a caitheadh, bhí roinnt Uachtarán líofa sa Ghaeilge againn. Mar shampla, Dubhghlas de hÍde, a bhunaigh Conradh na Gaeilge, agus Máire Mhic Ghiolla Íosa, lena iarrachtaí chun an teanga a chur chun cinn. Ghlac Uachtaráin eile páirt i ngníomhartha siombalacha trí Ghaeilge, go háirithe le linn ócáidí oifigiúla nó cuairteanna stáit.

Ag Áras an Uachtaráin, tá an Ghaeilge bheo sa saol oifigiúil. Ullmhaítear cuid mhór doiciméad agus óráidí go dátheangach, agus déantar iarracht an Ghaeilge a úsáid i gcumarsáid phoiblí. D’úsáid Mícheál D. Ó hUigínn Gaeilge go minic ina chuid óráidí, go háirithe le linn ócáidí cultúrtha nó comhthéacsanna taidhleoireachta. Do go leor daoine, ní siombalachas amháin atá ann, is dearbhú é go bhfuil an Ghaeilge fós beo mar chuid dár bhféiniúlacht.

An bhfuil gá ag an Uachtarán Gaeilge líofa a bheith aici? B’fhéidir go mbeadh sé sin ró-theorannach. Cé go bhfuil grá ag go leor daoine don teanga, níl líofacht acu inti, toisc nach raibh an córas oideachais éifeachtach go leor, nó toisc nach raibh an Ghaeilge á labhairt ina bpobal féin. An mbeadh sé cothrom uachtarán maith a dhiúltú mar gheall ar easpa líofachta?

Ar an lámh eile, áfach, gur cheart don Uachtarán a bheith mar threoireolaí cultúrtha agus ar an ábhar sin, tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge aici, fiú amháin ar leibhéal maith oibre. Ní gá go mbeadh an tUachtarán foirfe, ach ba chóir go mbeadh fonn agus iarracht le feiceáil inti.

Áfach, cad a cheapann na mic léinn OCBAC? Tá cúpla freagra againn daoibh:

“For the president not to have any Irish would kind of cause a disconnect between the Áras and its work, as there’s so much related to visiting places, associations, commissions and community events with a focus on the Irish language and culture. ” de réir Amy, iníon léinn aistriúcháin in OCBAC.

“Why should the president (the face of our country) not speak one of the official languages?” a dúirt Oran, mac léinn Spáinnise agus Seapáinise.

Seans go bhfuil réiteach idirmheánach ann: gan líofacht a dhéanamh ina riachtanas, ach a bheith ag súil le tiomantas soiléir don Ghaeilge. Cuir i gcás, idir úsáid shimplí i ndáilcheisteanna, óráidí, nó comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge. Tá tionchar mór ag meon an Uachtaráin: má léiríonn sí meas ar an teanga agus is teachtaireacht láidir é sin dár dtír.

Sa deireadh thiar thall, is é croílár an cheist seo ná céard is dualgas cultúrtha ann don Uachtarán. Creideann a lán daoine gur cuid lárnach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge, mar seo, b’fhéidir gur cheart go mbeadh sí níos lárnaí i ról cheann stáit na hÉireann.