Léigí Ar Nós An Pháiste le Pádraig Standún

Niamh Finlay

Le beith ionrach libh, nuair a phioc mé Ar Nós An Pháiste suas ar dtús baire, bhí mé ar dhá intinn faoi.

Deirtear is minic a bhíonn duine agus a chosúlachaít in aghaidh a chéile, agus sin go díreach céard a rinne mé. Ní faoin scéal, ach a mhalairt; an Ghaeilge.

Cé go bhfuil Gaeilge ag fórmhór de na daoine, is minic a bhítear stadach agus leabhar Gaeilge á phiocadh suas don shiamsaíocht. Mé féin san áireamh.

B’fhéidir go bhfuil gaol idir an meon diúltach cuichi agus an córas oideachais, ach má raibh suim ar bith agat líofacht do Ghaeilge a fheabhsú, ní féidir liom an leabhar seo a mholadh go hard go leoir.

Úrscéal grinn ab ea é, a leanann Stiofán Ó hAnluain, seanfhear a bhfuil galar Alzheimer’s air atá ina chonaí i dteach altranais in Éirinn. Ach anois, tá Stiofán ina sheasamh ar uchtbhalla atá trí stór os cionn na talún i Músaem Van Gogh in Amstardam.

Níl clú dá laighead ag éinne conas nó fiú cén fáth a bhfuil sé ar an mballa. Níl clú fiú aige féin. Anuas ar sin, níl Béarla aige, agus níl Gaeilge acu.

Le duaglas ar na caractair mar lucht féachana chun an scéal agus eachtraí an leabhar a insint trína shúile, déantar forbairt ar an bplota neamhghnách seo i slí uathúil.

Tá seans maith ann go mbeidh an chéad smaoineamh agat agus tús an leabhair á léamh agat ná, ‘céard atá ag tarlú?’, agus cinnte beidh an ceist chéanna á chur ort féin arís is arís fad is atá Ar Nós An Pháiste á léamh agat. Ach molaim daoibh é a chríochnú mar déanfaidh sé ciall faoin am a shroichfidh tú deireadh an leabhair.

Muna bhfuil mórán féinmhúinín agat i do chuid Gaeilge nó má tá tú buartha nach dtuigfidh tú focal ar bith sa leabhar, ná bí buartha.

Úsáidtear scríobhneoireacht sothuigthe inti le Gaeilge nádúrtha, lán le béarlagair agus roinnt béarlachas. Mar gheal ar seo, is féidir í a thuiscint go héasca agus is úrscéal soléite é d’éinne le cúpla focal Gaeilge acu.

D’fhéadfadh é a léamh d’aon iarraidh amháin nó is féidir leat é a léamh cúpla leathnach ag an am, tá sé suas duit féin. Ach sa deireadh, mothaíonn tú trua do na caractair go léir agus tuigeann tú cén fáth a sheas Stiofán suas ar an mballa sa chéad áit.

Niamh Finlay

Image Credit: Pixabay