Bhí ‘Live Aid’ Ceolchoirm Spleodrach Agus Ní Ligfear Ar Tharla i nDearmad Go Deo

Naoise Darby

I 1985 i mí Iúil bhí an domhan i ngrá le ceol agus bhí gach duine ag caint faoin léiriú iontach a rinne gach uile ceoltóir sa cheolchoirm ‘Live Aid’.

Bhí carthanas agus daonnacht an príomh teachtaireacht agus bhí an lucht eagraithe ag iarraidh airgead a bhailiú ar son na daoine bochta san Afraic.

Bhí gorta na hAetóipe oscailt súl don gustalach agus bhí daoine ag iarraidh rud éigin éifeachtach a dhéanamh do na híospartaigh a bhí ag fulaingt de bharr go leor cúiseanna.

Fuair breis agus milliún duine bás le linn an ghorta agus d’fhág an gorta lorg millteanach ar an tír ar fad. Bhí an daonra feirmeoireachta an earnáil is measa a buaileadh. Mhair an gorta ar feadh dhá bhliain.

D’eagraigh na ceoltóirí Bob Geldof ón ‘Boomtown Rats’ and Midge Ure ceolchoirm déach, ceann amháin i Londain agus ceann eile i bhFilideilfia i lár mhí Iúil.

Bhí cúpla ceolchoirm eile ar siúl timpeall an domhain chomh maith agus bhí beaganch gach duine eile ag féachaint ar an teilifís sa bhaile.

Bhí buairt and dea-rún taobh thiar den ócáid charthanachta seo ach bhí iarracht den chonspóid ag baint leis i gcás an mí-úsáid airgid. Ach is docha ní d’aon ghnó a rinneadh an botún.

Ón soicind a thosaigh an ceolchoirm bhí daoine ag screadach agus bhí an slua ag racáil an oíche ar fad. Bhí an banna ‘Queen’ thar cinn agus mhair a seit ar feadh fiche nóiméad. Bhí siad déithe an rac-cheoil agus tar éis níos mó na tríocha bliain tá an léiriú sin fós dochreidte.

Sa seit bhí na hamhráin ‘Bohemian Rhapsody’, ‘Radio Ga Ga’ agus ‘We Are The Champions’, go bunúsach, na hamhráin dá gcuid is mó a raibh ráchairt orthu.  Bhí ‘Live Aid’ iontach ar fad mar bhí daoine in ann ceol thar cionn a chloisteáil agus tacaíocht a thabhairt chomh maith.

Féach ar an amhráin ‘Is This The World We Created…?’ Chan Freddie é ag an gceolchoirm agus is amhrán deoirshilteach go maith é seo. Is docha nach raibh grua thirim sa slua! Spreagann ceol na mothúcháin agus bhí teachtaireacht láidir sa cheolchoirm seo.  Scaip siad teachtaireacht an ghrá go gonta.

Tá an smaoineamh seo tábhachtach sa saol an lae inniu, tá bearna idir muid féin agus daoine eile ag an teicneolaíocht.  Caithfimid teacht le chéile chun na daoine bochta a cabhrú agus an teicneolaíocht a úsáid i mbealach eile.  Táimid faoi dhraíocht ag an teicneolaíocht agus ag an am céanna tá béic impíoch ag teacht ó na daoine suaracha.

Tá cumhacht an ceolchoirm seo dosháraithe ach bhí buntuiscint ‘Live Aid’ beagán dosháraithe freisin. Bhí troid chrua ag an lucht eagraithe chun cuir ina luí ar dhaoine riachtanas an bailiúchán seo.  Ach thuig na daoine ar fud an domhain an tábhacht agus ní ar mhaithe leo féin a bhí siad.

Bhí ‘Live Aid’ ócáid speisialta agus bíonn meangadh gáire ar dhaoine agus iad ag smaoineamh faoin am iontach carthanais seo. B’fhéidir go bhfuil beagán éada orm, ach ní raibh mé beo go fóill!

Naoise Darby 

Image Credit: LiveAidWikiMediaCommons