Bróinse i mBaile Átha Cliath

Beth Mollloy

Tá an radharc bróinse ag dul ó neart go neart agus tá bialanna agus caiféanna i ngach áit beo. Tá an iliomad acu ann! Ní haon dochar do phléisiúr féin a dheanamh anois is arís. Roghnaigh mé cúig áiteanna bróinse den scoth i mBaile Átha Cliath. Feach síos ar an chun inspioraid a fhail.

Suite i Tír an Iúir, is é Foam Coffee House ar an liosta ar dtús.  Bíonn bróinse ar fail i rith an lae acu agus is féidir bord a chur in áirithe.

Díolann said béilí ar phraghas réasunta agus nuair a bhí mé ann, bhí uisce ag teacht ó mo cuid fiachla nuair a chonaic mé an biachlár.

D’ordaigh mé an tósta francach agus caoineog torthaí. Nuair a shrioc an béile ar an mbord, bhí sé clúdaithe le síoróip mhailpe. Tá an dearadh taobh istigh úr agus comhaimseatha agus is fiú cuairt a thabhairt air.

Ansin, Póg. Tá sé suite laistigh den chathair le bialanna i Siúlán an Bhaitsiléara agus ar Shráid na Teamhrach.  Díolann said bia sláintiúil agus ar bheagán calraí. Bíonn ceapaire, caoineoga agus bróinse ar fail gach lá. Mar sin féin, is iad na spisialtachtaí atá iontu ná pancóga próitéin.

Tá an praghas tosaigh do pancóga ná €10. Tá rogha leathan ann, d’fhéadfá leamhachán, cíobhaí nó uachtar cnó coco. Tá atmaisféar suaimhneach ann. B’fhiú go mór triail a bhaint as an gceann seo!

Ná bí gan Brother Hubbard. Ní féidir an suíomh a shárú le bialanna i Shráid Harrington agus Shráid Chéipil. Tá biachlár mealltach ag an mbialann seo.

Tá rogha de thrí cineálacha leite ar an biachlar. Clasaic, suáilceach agus caor. Comh maith leis sin, tá mias tionlacain ar fail cosúil le abhacád, uibheacha friochta, ubh scallta agus arán gan ghlútan.

Tairgeann said pancóga séasúrach go hiontach.  Má tá fonn ort féin, tá suíocháin faoin spear ar fhail.

Tá Meet Me in The Morning suite in áit lárnach ar Shráid Pleasants. Bialann siopa beag den seandéanamh atá ann agus tá raon leathan bia ar fail ar an biachlár.

Tá táirgí orgánacha ar fail agus tá an bia sláintiúil. Tá an bia an-bhlasta, ceann amháin is fear na an ‘Hash’, seo é prátaí McNally, biatas, ubh scallta agus uachtar gear. Tá praghas €12 air seo. Ba choir duit an donnog cnó coill. A leithéid d’aoibhneas!

Suite ar Shráid Sheoirse Mhór Theas is é San Lorenzo bialann níos mó ardleibhéil. Chuirfeadh biachlár na bialainne uisce le do char. Tá rogha iontach béilí acu.

Tá sé beagán daor ach úsáideann an bialann comhábhair ardchaighdeáin. Tairgeann said rudaí cosúil le tacos bróinse agus Coco Pops tósta francach brioscánach.

Tá sé sin dochreidte! Tá béilí veigeatóracha ar fáil cosúil le ‘Veggie Breakfast’ seo é prataí, muisiriún, trátaí, spionáiste, asparagus, uibheacha friochta agus anlann trátaí.  Tá sé seo thar a bheith blasta!

An chéad uair eile a bheidh sibh faoin mbaile féach ar na háiteanna seo!

Beth Molloy

Image Credit: Beth Molloy