An Feiniméan Marthanach De ‘Jaws’

Naoise Darby

An torann gránna, an fuil agus putóga ag snámh san uisce gorm agus eite in aice láimhe. Tá an radharc seo ón scannán fíor cáiliúil ‘Jaws’, ceann de na scannáin ab fhearr riamh. 

Bíonn faitíos ag daoine nuair a bhíonn siad san uisce mar gheall ar an stiúrthóir scannán Steven Spielberg. Chum John Williams fuaimrian cumhachtach corraitheach.

Tá an príomh ceol téama inaitheanta do go leor daoine, idir liath agus leanbh.  Tá an cheoil aitheantais cosúil leis an fharraige, tá luas gasta agus mall, bog agus glórach le feiceáil i rith an píosa.

Níor raibh an scannán seo éasca go praiticiúil, bhraith an stiúideo scannánaíochta go raibh an obair ag dul sa treo mícheart. Ach bhí aisling ag Spielberg, d’éirigh leis, de neart tola.

Cruthaítear atmaisféar mealltach, mistéireach sa scannán ón tús, agus tá an mothúchán ceanna sa fuaimrian. Tá teideal uafásach ar an píosa tar éis an cheoil aitheantais, “Chrissie’s Death”.

Ligean do dhaoine a cheapadh go bhfuil gach rud go breá don scannán ar fad.  Tá uachtar reoite i nóiméad amháin agus scéin sa nóiméad eile.

Is cóiriú é an scannán seo ar an leabhar.  D’athraigh Spielberg go léir rudaí ón leabhar, tá an- éagsúlacht idir na charachtair. Tá Martin Brody nó ‘Chief Brody’ beagán difriúil sa leabhar.

Sa scannán bhí sé éasca ionbhá a léiriú leis. Is scannán fíorspéisiúil é, chuirfeadh an scannán gliondar ar do chroí beagnach caoga bliain ina dhiaidh an eisigh.

Is ea an radharc deireanach an ceann is fearr i mo bharúil féin, tá an teannas agus an práinn inmhothaithe. Déanann an scannán laoch de Brody ach is féidir an siorc bán mór é a mharú agus d’fhéadfadh sé sin tarlú am ar bith.

Ach tá raidhfil aige agus chuir sé umar scúbadóireacht i mbéal ‘Jaws’.  Cúpla soicind níos déanaí, tá an siorc marbh agus tá an tromluí millteanach thart. Bhí mé faoi dhraíocht ag áilleacht an cheoil agus an siorc ag titim tríd an uisce dorcha, marbh go deo.

Bhí an scannán seo thar a bheith rathúil ag an am. Bhí an buiséad seacht milliún ach timpeall an domhain tháining siad ina sluaite chun é a fheiceáil agus thuill an scannán timpeall ceithre chéad milliún.

Bhí an-rath go deo ar an scannán sna pictiúrlanna.  Thosaigh an scannán seo ár oibseisiún le siorcanna agus an faitíos gan bhunús go bhfuil gach duine ag snámh i bhfarraigí atá beo le siorcanna. Is docha go bhfuil Éire sábháilte sa chás seo.

Tá an scannán seo fadbhunaithe inár gcultúr agus tá an tóir atá air ag dul i méid i gcónaí.  Leis an dul chun cinn sa teicneolaíocht tá rudaí nua atá scanraitheach ach níl aon rud in ann scéin an uisce neamhchinnte a sáraigh.

Tá dothuarthacht scáfar don glúin ‘Instagram’ ach béidir tá sé sin i gcás an uimhir atá acu de ‘is maith liom’ ar na meáin shóisialta!

Tá ‘Jaws’ dochreidte mar tugann an scannán luathrabhadh don lucht féachana, ach cosúil le híospartaigh an siorc, is féidir an scannán seo teacht aniar aduaidh orainn.

Naoise Darby

Image Credit: JawsKevinDooley