Twiggy, an mainicín bídeach

Naoise Darby

Sna 60idí, bhí gach uille mainicín ard agus galánta.

Ach sa bhliain 1966 bhí cailín nua ag teacht ar an láthair. Ainnir d’arbh ainm Lesley Hornby, ach tá sí cáiliúil leis an ainm ‘Twiggy’. Bhí Twiggy 5’6 in airde agus bhí stíl andraigíneach aici.

Roimhe sin bhí gach uille mainicín dea-labhartha agus múinte ach bhí Twiggy ó Neasden le cabáiste an mhadra rua agus blas an lucht oibre aici.

Inniu tá níos mó caoi ag na mainicín gearra, agus is féidir leo buíochas a ghabháil do Twiggy le haghaidh na feabhsuithe seo. Féach ar an mainicín Amina Blue, tá an bean seo ó Meiriceá, 5’1 in airde ach tá sí ar an mainicíneacht ardáin le haghaigh Kanye West go mion minic.

Bhfuair Twiggy bearradh gruaige ón gruagaire clúiteach ‘Leonard of Mayfair’ agus ní raibh gruaig fada aici níos mó, bhí sé gairid agus faiseanta. Bhí stíl iontach, nua ag Twiggy agus mar gheall ar sin sheas sí amach sa slua.

Bhí Twiggy sé déag agus scríoch iriseoir leis an nuachtán an Daily Express alt ar an cailín seo, bhí teideal an píosa “The Face of 1966” agus tá a fhios ag an saol Fódlach cad a tharla ina dhiaidh sin.

Tá an aibhleog ‘Victoria’s Secret’ anois ag tosú cnuasach mórthomhas, beidh níos mó éagsúlacht le feiceáil ar na cláir fógraíochta mar gheall ar sin. Beidh sé an-tábhachtach do chailíní timpeall an domhain an teachtaireacht sin a fheiceáil.

Bhí Twiggy i ngach áit tar éis an alt sa nuachtán agus bhí gach duine ag iarriadh féachaint cosúil leis an mbean iontach seo. Bhí sí i ‘Vogue’ agus ‘Seventeen’ agus thosaigh sí siopa éadaí chomh maith.

D’éirigh go maith le Twiggy sa ghnó agus beagnach tríocha bliain i ndiaidh sin tháining mainicín beag eile ar an radharc, Kate Moss.

Bhí slí bheatha aici ar an stáitse agus ar an scáileán. Bhí sí sa scannán “The Boyfriend” agus bhuaigh sí dhá ‘Golden Globes’ do bharr an cheoldráma.  Is duine ildánach í Twiggy.

Gan amhras ar bith, is mórphearsa chultúir agus faisin í Twiggy. Léirigh sí go bhfuil áilleacht nádúrtha níos fearr ná máinliacht phlaisteach agus go bhfuil daoine beag galánta. Tá sé soiléir is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Is féidir gach uille duine féinmhuinín a fhorbairt mar gheall ar an mbean seo. Bíonn brú ort bheith ar nós gach duine eile sa tsochaí ach ní chloíonn sí leis an bhfaisean.

Anois is féidir Twiggy a fheiceáil ar bhfógraíochtaí don miondíoltóir mórshráide ‘Marks & Spencer’. Tá branda faisean aici leis an gcomhlacht agus cúpla bliain ó shin bhí an brabús níos airde ná mar a bhí roimhe sin mar gheall ar Twiggy.

Ta sé soiléir go bhfuil an mbean seo eiseamláir agus inspioráid do chailíní níos mó ná riamh mar tá go leor daoine cotúil de bharr na suíomhanna meáin shóisialta. Ní breáthacht a dhéanann brachán ach min. Tá féinmhuinín an rud is tábhachtaí agus níor mhaolaigh na blianta a áilleacht.

As na tithe beaga a thagann tithe mór!

Naoise Darby 

Image Credit: Sarah Stanley