Laura Loomer agus toirmeasc Twitter

Jordan Hussain

Tá Laura Loomer ina gníomhaí polaitiúla i Meiriceá, ach dar ndóigh tá níos mó gnó aici le teoiric comhcheilge ná aon rud eile na laethanta seo dar le Twitter agus is ó seo a thagann an conspóid nua le toirmeasc Twitter.

Tá na céadta daoine curtha ar toirmeasc ó Twitter gach lá ach na laethanta seo tá níos mó aird á thabhairt air de bharr go bhfuil pearsana poiblí i gceist. Tá na toirmeasc ar Twitter an cosúil lena chéile, tá formhór dóibh faoi iompar fuatha, mar atá i gceist le ceann Laura.

Séard a tharla le Laura ná gur chur sí rud suas ar Twitter faoi polaiteoir i ‘Minnesota’ darbh ainm Ilhan Omar a cheap Twitter go raibh olc ag bhaint leis. An fáth a bhfuil níos mó nuacht ag baint leis an scéal seo i gcomporáid le gach scéal eile faoi toirmeasc ar Twitter ná gur chuaigh sí chuigh ceanncheathrú Twitter agus cuir sí í féin i nglais lámh le ceann amháin de na doirse ag iontráil an foirgneamh. Ní raibh aon fhadhb ag daoine le seo de bharr gur chuaigh siad isteach an dorais in aice léi agus ar an iomlán is rud greannmhar é do dhaoine ar Twitter agus Twitter iad féin a dúirt nach raibh aon fadhb acu léi a bheith ansin agus is féidir léi fanacht chomh fhad is a thaitnigh léi.

Tá formhór an pobail ag rá gur scéal greannmhar é ach thugann sé rud chun cinn a bhfuil tábhachtach féachaint ar, an bhfuil Twitter ag déanamh a post ceart ag chur toirmeasc ar daoine ‘olca’ ar Twitter? An toirmeasc is mó roimhe seo ná an láithreoir raidió Alex Jones. Tar éis toirmeasc ó Facebook , Youtube & meáin sosialta eile chur Twitter stop leis freisin faoin fáth ‘A lán sarú de rialacha Twitter’ agus ceann eile mór le rá an blian seo ná James Woods, aisteoir i meiriceá ach rud difriúl ó na dhá cásanna eile ná nach raibh an toirmeasc seo seasta.

Seachas James Woods a fuair a cuntas faoi toirmeasc de bharr rud a dúirt sé faoi toghchán a cheap twitter a bheidh míthreorach tá formhór na toirmeasc bainte le rudaí olca agus ráiteas fuatha, rud a cheapann a lán daoine ar Twitter a bhfuil ceart go leor toirmeasc a fháil de bharr. Níl a lán díospóid ó formhór an pobail nuair atá duine ‘olc’ nó duine a roineann ráiteasaí olca nó ciníocha curtha ar toirmeasc ar formhór na meáin sosialta. Tá na rialacha de Twitter an soléir faoin cosc a chuireann siad ar na rudaí sin agus daoine a bhriseann na rialacha sin de gnáth tá toirmeasc ina todchaí.

An príomh cheist leis an scéal seo le Laura agus gach scéal eile faoi na toirmeasc ná arís an bhfuil Twitter ag déanamh an jab is fearr a bhfuil siad in ann chun na rudaí ‘olca’ seo a coimead as Twitter chun sampla maith a chur suas don meáin a bhfuil acu seachas ligint é a thitim isteach in áit uafásach.

Jordan Hussain

Image Credit: NBC News