Leithghabháil chultúrtha i dtreo na hÉireannaigh

Le blianta beaga anuas, tá an téarma “Leithghabháil Cultúrtha” á úsáid ag na daoine a cheapann go bhfuil siad ar bharr an tsochaí. Ceaptar mura bhfuil tú ag tabhairt meas do gach uile duine an t-am ar fad gur ciníochaí nó duine salach gan cineáltas tú.

Sa lá atá inniu ann beidh do phost agus an íomhá atá tógadh agat scriosta i bpreabadh na súile toisc gur bhraith duine eile brónach faoin rud greannmhar a dúirt duine éigean nó nár thaitin leo an t-aoir a bhí ráite agat.

Is rud fíor-sheafóideach é leithghabháil cultúrtha. Téann sé i gcoinne óráid saor in aisce, rud atá thar a bheith tábhachtach chun saoirse a choimeád i bhfeidhmn.

Nílimid in ann a bheith cairdiúil le daoine timpeall an domhain má táimid ag iarraidh a bheith crosta aon uair a thosaigh duine ag magadh faoi dhuine eile. Nuair nach réitíonn tú le duine eile, nó an t-aoir atá siad ag úsáid, tá cead agat siúl fúthu. Is domhan mór é.

Bhí daoine ar thaobh clé den phobail ag tabhairt amach faoi Apu. Cloiseadh gach mac máthar agus gach uile iníon athair ag tabhairt amach faoi Apu. Afách, Ní chloiseadh mórán daoine as an India ag caoineadh faoi. Bhí daoine atá ag iarraidh pictiúir marfach a léiriú faoin tsochaí an chéad domhain ag caoineadh faoi agus iad ag rá go bhfuil íomha cíníocach léirithe.

Agus tá an ceart acu. Is íomhá simplí agus ciníocach é Apu agus is é sin an fáth go bhfuil sé greannmhar. Tá na scríbhneoirí ar an chlár seo ag aoradh Apu sa bhealach céanna a bhíonn said ag aoradh muintir na hÉireann nuair a bhíonn leipreachán ar meisce ar an gclár.

Ní rud dona é leithghabháil Cultúrtha nuair atá cothrom na féinne i gceist. Agus tá sé i gceist sa Simpsons. Bíonn siad ag magadh gach uile dhuine. Is seans é an clár seo do gach duine a bheith ag gáire le chéile fúthu féin. Nach rud maith é sin?

Is cuma liom faoi leithghabháil culthúrtha. Má atá sé an fhadhb is mó sa rás do chearta daonna, tá an rás rite agus tá an bua againn.

Is arm é leithghabháil cultúrtha do daoine a bhaineann le smaointe Karl Marx chun fís nua den domhain a chruthú. Is cuma leo má atá daoine brónach faoi Apu. Tá siad ag iarraidh saol a chruthú gan na daoine atá in uachtar an tsochaí. Cultúr na fir díreach, bán a mharú.

Cuireann na feiminigh an fís seo go bhforleathain. Tá siad ag cabhrú daoine atá croíbhriste tar éis “The Simpsons” agus an íomhá ciníocach faoi Apu nó carachtar eile sa tsraith.

Ach níl siad ag cabhrú. Tá said ag tógadh ballaí idir daoine, go háirithe daoine le dath difriúil ar a chuid craiceann.

Is gá dúinn mar dhaoine an tseans a bheith ag gáire agus ag caint faoi gach uile rud le chéile. Fiú amháin na rudaí atá deacair a n-aoradh.

Is rud maith é leithghabháil cultúrtha. Beimid níos gáire ná ríomh leis.

Le John Morley

Image Credit : Hollywood Reporter