An Nasc atá idir An Ghaeilge agus Oíche Shamhna

Nuair a chloiseann daoine “Oíche Shamhna”, smaoiníonn siad ar tine cnámh, puimcíní, feistis, taibhse, cat dubh, cailleacha, deamhain agus, dar ndóigh, milseáin agus “bob nó bia”! Ach ní fhios ag an iomarca daoine go dtagann na traidisiúin seo ó sheantraidisiún Ceilteach.

Sa lá atá inniu, is traidisiún Meircieánach í Oíche Shamhna. Deirtear gur thug inimircigh de chuid na hÉireann na seantraidisiún Ceilteach go Mheiriceá. Mar a tharlaíonn sé, níor céiliúradh Oíche Shamhna i Meiriceá go dtí gur tháinig na Éireannach i rith na mblianta an Gorta Mór.

Bhí Oíche Shamhna suite idir gheimhreadh agus samhradh, mar sin níor leanadar na gnáthrialacha den am. Bhí saoirse iomlán ar anamacha na marbh filleadh ar an saol seo. De réir seanscéalta, tháinig na hanamacha ó dhomhain eile go dtí an saol seo tríd “tairseach bhriste”.

Déanann daoine a gcuid tithe chomh sceirdiúil agus is féidir leo. Níl aon choinneal nó tine (sa teach) ag lasadh chun an teach a coimeád dorcha agus mífháilteach. Tháinig an traidisiún le feistis ó na daoine fadó ag iarraidh eagla a chur ar na hanamacha agus na sprideanna. Mar sin, b’fhéile an-tábhachtach í Oíche Shamhna, cosúil lena trí féilte réamh-Chríostaí a buí ag na Ceiltigh eile Imbolc (1ú Feabhra), Bealtaine (1ú Bealtaine) agus Lúnasa (1ú Lúnasa).

An rud is cáiliúla maidir le hOíche Shamhna ná an “jack o lantern”. Snoíonn daoine puimcíní agus bíonn cuma ar an bpuimcíní gur fear darbh ainm Jack. Rinne Jack calaois ar an Diabhal cúpla uair agus nuair a fuair sé bás, níor thug Dia cead aige dul isteach ar Neamh. Chuaigh sé síos go hifreann agus, dar ndóigh, níor thug an Diabhal cead aige dul isteach ar Ifreann. Mar sin, bíonn sé ag imeacht roimhe ar fud an domhain, ar feadh na síoraíochta.

Seo é cúpla scéal faoin Oíche Shamhna ó ‘dúchas.ie.’ Insíonn na scéalta seo faoin na nósanna a bhaineann le hOíche Shamhna i rith na haoise.
“Sula dteach an teaghlach a luí arís chuireadh síos tine bhreá mhór, scuabtaí an t-urlár go maith is d’fhágtaí na cathaoireacha agus na stólta thart fán teallach nó bhí sé creidte ag an Ghael go bhfaigheadh na mairbh fáil ar ais an oíche sin.” Is scéal ón An Coimín i gContae Dhún na nGall é an scéal seo. Insíonn an cuntas conas a d’ullmhaigh daoine le haghaidh Oíche Shamhna.

“Bíonn bairín breac le n-ithe acu an oíche sin. Bíonn fáinne, agus cipín, agus píosa éadaigh ins an bhairín bhreac. An duine a gheibheann an fáinne deirtear gurb é sin an duine is luaithe sa tigh a phósfar, agus an duine a gheibheann an cipín deirtear gurb é sin an duine is luaithe sa tigh a gheobhaidh bás, agus an duine a gheibheann an píosa éadaigh, más buachaill é deirtear go bpósfaidh sé bean fhuála, agus más cailín í deirtear go bpósfaidh sí táilliúir” Tháinig an scéal seo ón Eaglais i bPort Láirge.

Beidh na taibhsí agus puimcíní ag líonadh na sráideanna an tseachtain seo chugainn, agus nuair a fheicimid é seo, ceapaimid ar ár n-oidhreacht. Bhí Éire bhuailte go holc ag an imirce i rith na haoise agus tá sé deas smaoineamh ar ár gcultúr i dtíortha eile. Idir 1700 agus inniu, chuaigh timpeall 9-10 milliún daoine ar imirce ach thug siad a nósanna thar lear.

Le Lauren Ní Chatháin