Troid Mór os ár gComhair 

 

Tá sé seo le bheith an troid is mó riamh sna healaíona chomhraic measctha; ‘The Notorious’ Conor McGregor i gcoinne Khabib ‘The Eagle’ Nurmagomedov.

Is máistrí iad an bheirt acu ina réimsí troda féin, an iar-churadh de dhá chatagóir mheáchain (ag an am céanna) ag cur a scileanna buailteora os comhair an churaidh éadrom-meáchain, coraí Sambo nár chaill troid ECM proifisiúnta riamh.

Úsáideann Khabib a chuid coraíochta chun céilí comhraic a chur ar an talamh agus an-chuid dochar a dhéanamh dóibh le doirne nó iad a chur i ngéillí agus ar an taobh eile, tá lámha draíochtacha ag McGregor, tá sé in ann a chéilí comhraic a leagan amach ar an talamh le buillí agus na doirne deiridh a shocrú i slí éagsúil ó throdaithe eile.

I ndiaidh na drámaíochta go léir a bhí ar siúil níos luaithe an bhliain seo, tá an méid daoine a bheidh ag tnúth le toradh na troda seo a fheiceáil, idir na daoine atá ag súil le Conor a fheiceáil ar an talamh gan toil leanúint ar aghaidh agus na daoine eile atá ag iarraidh an feiniméan atá ann a fheiceáil ag baint amach gaiscí nár éirigh le haon duine eile déanamh.

Is deacair argóint a dhéanamh in aghaidh an ceachtar acu, ach i ndeireadh na dála, caithfidh duine acu teacht amach ón ochtagán ar an 6 Deireadh Fómhair leis an mbua faighte acu. An t-aon rud a bheadh casta faoi ná dá mbeadh comhscóir ann, ach tá sé chomh neamhdhailraitheach sin go mbeadh comhscóir nach fiú smaoineamh ar an gcoincheap. Ar aon nós, mura gcailleann an curadh is fós an curadh é, mar sin caithfidh McGregor an bua a fháil chun an teideal a thógáil ón Dagestáineach.

An rud a chuireann an méid sin suime ar dhaoine sa troid seo ná gur féidir leis dul pé slí. Throid Conor i gcoinne coraithe den scoth ar nós Chad Mendes agus Eddie Alvarez, agus d’éirigh leis teacht amach go rathúil. Throid Khabib i gcoinne buailteoirí thar barr ar nós Edson Barboza agus Michael Johnson, agus cé gur chuir Johnson i dtrioblóid é go luath sa troid, léirigh Khabib go bhfuil sé ar leibhéal iomlán eile maidir le scileanna smachta agus a neart fisiceach. Má théann an troid isteach sna babhtaí níos moille, beidh an lámh in uachtar ag Khabib, fear a fhaigheann a lán buanna trí chinneadh moltóirí, ach ar an taobh eile beidh air a bheith cúramach agus é ag lorg leagain, toisc go mbeidh sé ag dul isteach i raon buille McGregor, agus is beag an mhéid daoine gur féidir leo rá go bhfuair siad buille uaidh agus nár leagadh iad. Sin ráite tá sé deacair McGregor a fheiceáil rathúil má théann sé go dtí an talamh, seachas má fhaigheann sé géill glic nach mbeadh Khabib ag súil leis.

Níl clú againn conas a chríochnóidh an troid seo, ach tá rud amháin cinnte faoi; beidh Éire nó an Rúis ag ceiliúradh ar an 6 Deireadh Fómhair mar thoradh de bhua soiléir ceannasach a fhaigheann trodaí na tíre sin. Tá a lán troideanna eile thar a bheith suimiúil ar an gcárta sin fosta; Tony Ferguson i gcoinne Anthony Pettis, Derrick Lewis i gcoinne Alexander Volkov, Michelle Waterson i gcoinne Felice Herrig agus i bhfad níos mó. Mar sin, bígí cinnte go bhfeiceann sibh ar an gcárta troda is mó i stair an spóirt seo!

Seán Ó Nualláin