‘Ceol 2018’ – An t-Albam is Fearr sa tSraith Go Dtí Seo

Tá ‘Ceol 2018’ le fáil timpeall na tíre ón 26ú lá de mhí Meán fómhair. Bhí 350,000 ceann seolta amach do gach uile scoil timpeall na hÉireann agus tá muintir na hOllscoile in ann í a íoslódáil le cóid chomh maith.

Cruthaítear an t-albam Gaeilge seo le Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá le cabhair RTÉ 2FM.

Tá an t-albam seo speisialta go leor, toisc go bhfuil aisteoir Saoirse Rónán agus Macklemore ann chun fáiltiú a chur ar an t-albam seo.

Maidir leis na cinneadh sna blianta beaga anuas, tá na ngnáth ceoltóirí ann, le grá chroí acu do ‘Ceol’ cosúil leis The Coronas, tá go leor réaltaí nua, áfach, a mbeidh a lán daoine ar bís faoi.

Tá sé soiléir go bhfuil an caighdeán níos airde an bhliain seo. Tá ceol nua ann ó Picture This, Gavin James, Kodaline, Wild youth agus buachaillí na Luimnigh chomh maith, Chasing Abbey. Ar an dara dul síos, cloistear amhráin ó ré órga na gclubanna cosúil le Wheatus le Stócach Brocach.

Tá muintir DCU thar a bheith sásta leis an t-albam seo. Deir Amy Donohoe, “Tá gá leis an t-albam seo. Tá an ceol le cloisteáil air níos fearr ná aon cheol riamh. Go háirithe leis na hamráin ó The Academic agus JP Cooper. Beidh mé ag tnúth go mór lle hiad a chloisteáil i rith oíche lán le craic.”

Deir Hugh Farrell “Tá an cluiche buaite ag Ceol ‘18. Ní fhaca mé albam chomh deas le seo riamh. Chasing Abbey agus na Banna ceol eile, agus iad beagnach go léir as Éirinn. Bualadh bos mhór do na cruthaitheoirí.”

Tá na ceoltoirí ar an albam an-sásta faoi. Deir Danny O’Reilly, príomhamhránaí The Coronas chuig 2FM go bhfuil grá an domhain ag The Coronas páirt a glacadh ar cheol agus go mbaineann siad tairbhe ollmhór as na hamhráin a chasadh trí Ghaeilge áit ar bith ar domhain.

Deir sé go bhfuil nasc idir na hamhráin Ghaeilge agus na sluaite. Chomh maith le sin, tá súil ag Danny go gcuirfear a hamhrán ‘Nílimd Béagach’ agus na chinn eile inspóiráid ar daoine níos mó gaeilge a úsáid i rith Bliain na Gaeilge.

Rud a bhfuil saghas brónach faoin t-albam seo ná go bhfuil amhrán ann le The Cranberries tar éis bás Dolores O’Riordan.

Deir coimeádaí Ceol 18 Eoghan McDermott go bhfuil onóir an domhain orthu tar éis bás Dolores, gur tugadh a n-amhrán “Linger” mar bhronntanas don albam seo. Casann bean darb ainm Sibéal an t-amhrán in áit Dolores, an duine céanna a chan an t-amhrán “Mise Éire”.

Deir Oifigeach na Gaeilge DCU SU Sorcha Ní Chonghaile go mbeidh an SU ag déanamh a sheacht ndícheall chun na halbaim a chéiliúra.

“Beidh réamhdeochanna sa Seomra Chaidreamh roimh DCU Fest agus beimid ag casadh na hamhráin go leir ar an t-albam agus chomh maith le sin, beimid ag tabhairt amach cóipeanna do na mic léinn le haghaidh Seachtain Freshers.”, a dúirt sí.

Nuair a chuir mé an cheist uirthi faoi cén amhrán a mbeidh an suim is mó aici faoi, dúirt sí “an ceann as The Cranberries le Sibéal, mar ceapaim go mbeidh an cheann sin chomh gleoite.”

Dúirt sí freisin go mbeidh an ceann le Chasing Abbey an-cháiliúil leis na mic léinn toisc go bhfuil an ceann sin nuaaimseartha.

Is cinnte go mbeidh an t-albam seo togha do na cúrsaí Gaeltachta i 2019. Feicfear an seasfaidh ‘Nílimid Bréagach’ suas i gcoinne ‘Táibhsí nó Laochra’ ar thaobh The Coronas. Tá sé seo an chéad albam i gcoinne an chéad amhrán ó “Trust the Wire”. Beidh sé sin “deacair dúinn a rá.”

Tá na leaids ó Kodaline sona sásta lena n-amhrán Ag Fadú D’Aidhme. Deir Mark Prendergast le 2FM gur thosaigh sé féin agus Steve an banna ceoil sa Ghaeltacht agus mar gheall ar sin bhí grá chroí acu don teanga i gcónaí.

Deir sé freisin go bhfuil said ar mhuin na muice páirt a ghlacadh i gCeol an bhliain seo, agus go bhfuil an t-ardchaighdeán agus an méid ceoltóirí ann go hálainn ar thaobh an teanga. An rud is fearr a tharla don teanga le tamall.

Gan dabht ar bith is rud fíor-thábhachtach í an t-albam seo ó thaobh cultúr na teanga de. Mar a deir an seanfhocal “beatha teanga í a labhairt” agus mar gheall ar an t-albam seo ní amháin go bhfuil déagóirí agus gnáthdhaoine ag canadh agus ag labhairt na teanga ach tá said ag titim i ngrá léi arís.

Is rud cumhachtach í Ceol agus cuireann an t-albam seo an Ghaeilge thar n-ais ar an bpríomhstáid. An t-áit ba cheart theanga oifigiúil a bheith. Glanann Ceol 18 stiogma as an teanga. Tá an Ghaeilge ag dul chun cinn i saol ilchultúrtha.

In am ina bhfuil TD as Sinn Féin ag tabhairt amach faoi conas nach mbeidh an toghchán uachtaránachta trí Ghaeilge, tá díospóireacht fuithi inár sochaí. An mbeidh sé níos fearr ar thaobh na teanga go mbeidh orainn í a úsáid nó an mbeidh sé níos fearr spioraid an teanga a bhaint amach onainn trí rudaí cosúil le Ceol 18?

I mo thuairm, ní maith le duine ar bith rialacha. Spreagaimid an Ghaeilge inár gcroíthe, is é sin an rud atá déanta ag an t-albam álainn seo, gan dabht ar bith.

Le Seán Ó’ Muirgháile

Image Credit : RTÉ 2FM