Derry Girls: An Tábhacht Inniu

Lauren Ní Chatháin

Chuir Channel 4 Derry Girls i láthair ar an gceathrú lá de mhí Eanáir an bhliain seo.

Scríofa ag Lisa McGee, tá an clár suite i nDoire sna nóchaidí agus insíonn an scéal faoin saol na déagóirí agus saol na dteaghlach le linn na dTroiblóidí gar don teorainn an tuaisceart.

Tá téamaí reiligiúnach fite fuaite tríd an tsraith ar fad. Freastalaíonn na cailíní (agus an buachaill) scoil de chailíní amháin Chaitliceach agus tá mná rialta ag reáchtáil an scoil.

An chéad rud a thug mé faoi deara ná níl James, col ceathrar Michelle, ábalta an scoil de bhuachaillí a fhreastail mar dhéanfadh na buachaillí eile bulaíocht air mar tá blas Sasanach air. Is léir go bhfuil scoilt idir daoine Éireannach agus daoine Briotanach – nó idir na daoine Caitliceach agus na daoine Protastúnach.

Luaitear Óglaigh na hÉireann go minic sa chlár ó thús go deireadh. Téann Uncail Colm go dtí an teach Erin chun scéal a insint faoin Óglaigh na hÉireann. Ghoid beirt fhear as Óglaigh na hÉireann a veain chun airm a aistriú ón Tuaisceart go Poblacht.

Nuair a shroich siad an Poblacht, dhóigh siad an veain. San eachtra leath-dheireanach, ar an Dara Lá Déag de mhí Iúil, tá an teaghlach agus na cailíní ag dul as Doire go Tír Chonaill, chun an mháirseáil a sheachaint.

Ag an deireadh an eachtra is déanaí, Bhí na cailíní ag damhsa ar an stáitse sa scoil lena chéile, ach abhaile, bhí Da Gerry, Ma Mary, Aunt Sarah agus Granda Joe ag féachaint ar bhuamáil marfach ag an nuacht.

Tháinig deireadh leis na Trioblóidí Comhaontú Aoine an Chéasta ag an deichiú lá de mhí Aibreán 1998. Ach anois, tá sé thar a bheith tábhachtach cuimhneamh na Trioblóidí, an bás agus an léirscrios a rinneadh.

Sa lá atá inniu ann, tá éiginnteacht pholaitiúil timpeall Breatimeacht agus an teorainn an tuaisceart agus tugann chun cuimhne saol a bhí ag daoine le linn na dTrioblóidí agus foréigean seicteach.

Fad is clár éadrom é Derry Girls, iarsma don fhoréigean inár stair é. Tá dualgas orainn ár dtír a coimeád slán sábháilte. Caithimid tír gan foréigean agus leithcheal a thugamar dár bpáistí – tír an-difriúil le tír a bhí ag Erin, Michelle, Orla, Clare agus James.

Lauren Ní Chatháin

Image Credit : Channel 4