‘An Foclóir Aiteach’ seolta ag an Aire Joe McHugh i DCU

Ali Spillane

Seoladh an chéad fhoclóir Ghaeilge LADTA (LGBTQ) an Céadaoin seo caite anseo i DCU. Foclóir téarmaíochta bainteach leis an phobal LADTA atá i gceist leis. Is chomhoibriú idir Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), BeLonG To Youth Services, agus an Transgender Equality Network of Ireland (TENI) le tacaíocht ó Joe McHugh é an tionscadal seo.

Ba é an tAire don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin a sheol an foclóir le níos mó céad téarmaí aistrithe ann go hoifigiúil an tseachtain seo caite. Ag caint ar an ábhar, luaigh sé an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an nGaeilge. “Tá tú ag cur leis an teanga, tá tú á láidriú. Coinníonn fiontar mar seo an teanga beo, agus gar don chroí.”

Bhí Cearbhall Turraoin, ball de bhord TENI  ag caint ag an ocáid chomh maith. “Cuirimid fáilte roimh fhoilsiú ‘An Foclóir Aiteach’ mar éacht sainitheach maidir le haitheantas inscne, léiriú inscne, agus claonadh gnéis in Éirinn.” Mhínigh sé freisin an aidhm agus an sprioc a bhí thaobh thiar den tionscadal seo, ”béim ar an bheocht agus ar an uileghabhálacht a bhaineann leis an teanga maidir lenár n-aitheantas agus ár bhféinléiriú.” Luaigh sé go bhfuil Éirinn mar tír chun tosaigh maidir le cearta LADTA ach nach raibh baint le sin lenár náisiúnachas nó teanga na tíre agus go raibh deighilt idir an dá.

Dúirt Moninne Griffith, Stiúirthóir Feidhmiúcháin in BeLonG To Youth Services, “Mar phríomh-eagraíocht óige agus LADTA in Éirinn, oibrímid le daoine óga, tuismitheoirí agus oidí ar fud na tíre. Le forbairt an fhoclóra, tá acmhainn eile againn ar féidir linn thabhairt do scoileanna, ionas go mbeidh múinteoirí in ann obair lena mic léinn LADTA, agus níos tábhachtaí, ionas go mbeidh na mic léinn in ann féinléiriú agus féin-aithint ar bhealach fiúntach agus cruinn – bealach ar bith ar mhian leo.” Tá siad ag súil leis an foclóir a roinnt anois mar chuid den Standup Awareness Pack i mbliana chun an téarmaíocht ón “leathanach go dtí an saol beo.”

Is gné lárnach de teanga ar bith ná an féinléiriú. Úsáidtear teangacha chun tuairimí a léiriú ach gan an téarmaíocht oiriúnach ní féidir é sin a dhéanamh agus is fadhb í sin a bhí agus a mbíonn ag daoine LADTA go dtí seo. Dar leí ní bheidh “baill den phobal LADTA fágtha gan focal níos mó inár dteanga dúchais.” Ach níl gach aon duine ag failtiú an foclóir nua forbartha. Gearán amháin déanta air, mar bharúil faoin scéal nuachta foilsithe ar Tuairisc.ie ná “Thóg sé fada go leor orm dul i dtaithí ar an bhfocal ait sin, aerach, le cur síos orm féin, gan an focal ‘ait’ féin a bheith in úsáid le cur síos orm. Má tá aiteachas ag baint liom níl aon bhaint aige le mo chlaonadh gnéis.” Dúirt an fear céanna nach bhfuil “rian ar bith den Ghaeltacht air.”

Tá go leor oibre déanta ag AMLÉ ar cearta LADTA go dtí seo le tionscnamh cosúil le Pink Training. Bunaíodh an tionscadal sin i 1992 agus inniu is é an ocáid is mó den sórt sin sa tír do mhic léinn Triú Leibhéal é. Ba é an mana léirithe leis an foclóir aiteach nua ná ionadaíocht i dteanga na Gaeilge agus is é sin atá mar chroílár an feachtasaíocht agus obair go léir a bhíonn á dhéanamh ag AMLÉ.

Is iad an saghas téarmaíocht atá ar fáil san fhoclóir nua ná téarmaí cosúil le Trasinscneach (Transgender) agus Neamh-dhénártha (Non-binary), Gan Inscne (Agender), Dá-inscneach (Bigender), Leath-inscneach (Demigenger) agus Inscne-aiteach (Genderqueer)

Dar le Laoiseach Ní Choistealbha ó AMLÉ, “Mar a athraíonn teanga agus a athraíonn daoine, áfach, athróidh an Foclóir seo sa todhchaí. Is doiciméad oibre atá ann.” Dar leí, “Thosaigh muid ar an tionscanamh seo mar chreid muid gur cheart go mbeadh achan duine in ann iad
féin a aithint i dteanga ar bith, agus go mbeidh siad in ann cur síos a dhéanamh orthu féin i dteanga ar bith.”

Mar ollscoil a chuireann uileghabhálacht agus comhionannas chun cinn is oiriúnach gurb i DCU a seoladh an foclóir úr seo. Tá cumann LADTA beo bríomhar mar chuid den ollscoil a chuireann ocáidí iontacha cosúil leis an comórtas banríon draig ar siúl do phobal na hollscoile.

Tá an foclóir aiteach ar fáil saor in aisce ar líne ar suíomh AMLÉ http://usi.ie/focloir-aiteach/ agus tá breis eolais faoin tionscadal ar fáil ann comh maith. Níl an foclóir seo bainteach leis an gCoiste Téarmaíochta nó le Focal.ie.

Ba mhaith liom an deis seo a thógáil mo bhuíochas a gabháil libh uilig. Is é seo an t-eagrán deirneach faoi mo chúram. Bhí bliain iontach agam mar eagarthóir Gaeilge. Tá go leor foghlamtha agam agus neart deiseanna iontacha faighte agam le linn mo thréimhse mar eagarthóir. Go raibh míle maith agaibh na léitheoirí ach na scríbhneoirí ach go háirithe. Gan na scríbhneoirí iontacha ní bheadh an roinn Gaeilge álainn atá againn sa College View. Go n-éirí go geal leis an chéad foireann eile. Don uair dheirneach, Slán agus Beannacht.