Sneachtain na Gaeilge 2018

Ali Spillane

Ní raibh tús iontach bríomhar ag Seachtain na Gaeilge i mbliana nuair a bhí orthu an mórshiúil BEO-Gaelach agus Bródúil a chur ar athló de dheasca na drochaimsire. ‘Sneachtain na Gaeilge’ a cuireadh air, don céad cúpla lá agus gach duine sáinnithe sa teach. Ach ní cuireadh sin isteach ar fhuinneamh ná rath na féile.

Dar le na heagraithe féin; “Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain.”

I mbliaina ba iad na hambassadóirí Sheachtain na Gaeilge ná Noel McGrath, Caitlín Nic Aoidh agus James Patrice. Spreag siad na mílte idir óg agus aosta chun páirt a glacadh sna himeachtaí a bhí eagraithe timpeall an domhain agus leas a bhaint as a gcúpla focal le linn na coicíse.

I mbliana lean an fhéile ó 1ú Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig. Tá Seachtain na Gaeilge ar bun ó 1902 agus anois tá an branda sin aitheanta go forleathan. Agus an fhéile ag dul ó neart go neart, d’fhás tréimshe na féile ó sheachtain amháin go tréimhse coicíse.

Le Bliain na Gaeilge faoi lán seoil bhí clár imeachtaí den scoth i mbliana. Ceann de bhuaicphointí na féile ná Rith 2018. Idir an 11ú Márta agus an 17ú lá glacann na céadta Gaeil idir dáltaí scoile, cumainn, grúpaí pobail agus eile páirt ann. Is cursa os cionn 500km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh ó Bhéal Feirste go Ciarraí.

Freisin rinneadh nasc leis an bhfeachtas Vótáil100 atá á cheiliúradh i mbliana le roinnt de na himeachtaí a cuireadh ar siúl. Bhí turais súilóide i mBaile Átha Cliath bunaithe ar an ngluaiseacht chun cheart vótála do mhná a bhaint amach céad bliain ó shin. Thit Lá Idirnáisiúnta na mBan le linn na coicíse agus rinneadh ceiliúradh Gaelach air le hocáid litríochta i dteach an Ardmhéara.

Bhí sár-fheachtas ar bun ar líne i mbliana agus ar na meáin shóisialta ach go háirithe chun aird a thabhairt ar aidhm na féile – Bain Triail Aisti. Cuireadh eolas ar fáil ní hamháin faoi na himeachtaí a bhí ar siúl ach faoi conas do imeacht féin a eagrú. Freisin bhí pobail éagsúla timpeall an domhain ag roinnt físeáin agus pictiúrí le chéile chun líonra domhanda na nGael a tharraingt le chéile.

Is é an comhlacht Energia a dhéantar urraíocht ar an bhféile. Dar leo tugann siad urraíocht don fhéile chun muintir na Gaeilge a thabhairt níos gaire dá chéile agus chun cheiliúradh a dhéanamh ar theanga álainn.

Muna raibh seans agat bheith páirteach san fhéile i mbliain tá an t-ádh leat go mbeidh seans agat fós. Beidh féile Beo ar siúl ar an 14ú Aibreáin anois agus níl Bliain na Gaeilge críochnaithe go fóill. Má tá tú ag iarraidh teacht ar himeachtaí i do cheantar nó fiú do imeacht féin a chlárú téigh chuig Peig.ie.