Ag ceiliúradh 10 bliana de gheabaireacht na nGael

Hannah Sullivan

Fad is a thagann Seachtain na Gaeilge chun críche, cuirtear deireadh le ceiliúradh bhreithlá an stáisiún cairtchláir Raidió Rí-Rá. Ar an 3ú Márta, nuair a bhí lá an sneachta ar bhuille na huaire, thosaigh Raidió Rí-Rá ag comóradh deich bliana ar an aer.

 

Bunaíodh an stáisiún i mBaile Átha Cliath chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh sa bhliain 2008. I gcomhpháirtíocht le 2fm, tugann an stáisiún ardán do cheoltóirí móra Gaeilge a thaifeadadh ar a ndlúthdhiosca CEOL a eisítear gach bliain. Réaltaí móra mar Picture This, Walking on Cars, Gavin James, Matt Simons, Delorentos, Gabrille Aplin, The Coronas a bhíonn páirteach ann.

 

Go hiondúil, is féidir éisteacht leis an stáisiún ar an gcóras DAB, ar an aip agus ar an suíomh idirlín. Ach le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana, bhí Raidió Rí-Rá beo ar FM i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach.

 

Tháinig pobail na Gaeilge le chéile chun an ócáid seo a chomóradh. Tháinig an iliomad ceoltóir tríd doirse Conradh na Gaeilge, daoine cosúil le Tim Chadwick, Exiles, Oisín Mac Giolla Bhríde agus IMLÉ. Bhí aoi-láithreoirí iomráiteacha ar an aer a bhíonn ag obair sna meáin Gaeilge. Ina measc siúd, bhí Micheál Ó Ciaraidh agus Gráinne Bleasdale (láithreoirí daoine óga ar TG4), Daithí Mac Suibhne (aisteoir Fair City), Seán O’Baoill (aisteoir Ros na Rún) agus cuid d’fhoireann Raidió na dTreabh agus NÓS.

 

Ag caint le NÓS, dúirt Niamh Ní Chróinín, bainisteoir an stáisiún gur “cúis bhróid” é seo di féin le bheith ag ceiliúradh deich bliain de Raidió Rí-Rá.

 

Iarrtar ar €1.6 milliún ón gceadúnas teilifíse chun stáisiún Gaeilge FM don aos óg a dhéanamh den stáisiún idirlín.

 

“Táimid 10 bliana ar an bhfód & táimid réidh an chéad chéim eile a thógáil. An sprioc a bhí ag Raidió Rí-Rá ón tús ná go mbeadh an stáisiún ag craoladh mar stáisiún lán-aimseartha FM. Tá gá le seirbhís raidió Gaeilge ar FM atá ag craoladh ar fud na tíre & atá ag díriú ar dhaoine óga.”a dúirt Niamh.

 

Fad is a bhíonn Raidió Rí-Rá ag freastal ar phobail an t-aos óg Gaelach, bíonn stáisiún eilemar Raidió na dTreabh i nGaillimh, Raidió na Life i mBÁC agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste chomh maith. Raidió phobail iad siúd a mbíonn cuspóirí pobail ina gcodanna bunúsacha d’fhealsúnacht na seirbhíse clár.

 

Tá raidió pobail ríthábhactach chun seirbhís a sholáthar a fhreastalaíonn ar dhaoine a labhraíonn Gaeilge. Tugtar guth dóibh, ón gcainteoir dúchais go dtí an foghlaimeoir. Déantar cinnte chun réimse mór leathan spéise an phobail uile a chlúdach sa tseirbhís chlár.  Oibrítear do phobail na Gaeilge, lucht labhartha na teanga, eagrais Ghaeilge, daoine le spéis acu sa Ghaeilge agus daoine go dtaitníonn réimsí éagsúla ceoil leo. Cuireann na stáisiúin seo cláir nua-aimseartha os ár gcomhair a bhriseann an íomhá traidisiúnta a shamhlaítear i dtaobh na Gaeilge go rialta.

 

Is féidir cluas a thabhairt do Raidió Rí-Rá ar www.rrr.ie, Raidió na dTreabh ar www.rnat.ie, Raidió na Life ar  http://www.raidionalife.ie/en/ agus Raidió Fáilte ar www.raidiofailte.com.