Dorn Amháin

Seán Ó Nualláin

Bhí Liam Ó Murchú, paraimhíochaineoir ó Bhaile Átha Cliath, ag siúl trasna an bhóthair nuair a shleamhnaigh sé agus thit sé. Ba bheag nár bhuail carr é, ach bhí an tiománaí an-ghasta ag brú ar na coscáin, an t-aon rud a chosain Liam ó roth an chairr ag leacú a cheann. Rith an tiománaí chuige, buartha go raibh sé gortaithe go dona, ach sheas Liam suas agus rith sé chun éalú ón náire. Bhí a lán aidréanailín ag dul tríd a chorp agus ní raibh Liam in ann smaoineamh ar aon rud eile seachas cé chomh gar is a bhí sé don bhás. Ní bheadh a scileanna mar chleachtóir karaté in ann é a choimeád slán ó charr, ach chuir an smaoineamh sin á shamhlú faoi fhéidearthachtaí chun é féin a chosaint ó dhaoine eile agus iad ag iarraidh é a ghortú.

Nuair a bhí sé óg thosaigh sé karaté mar go bhfaca sé na scannáin Bruce Lee agus spreagadh é chun ealaíon chomhraic a fhoghlaim ionas go mbeadh sé réidh é féin, a chairde agus a chlann a chosaint. Rinne sé cleachtadh tar éis cleachtadh den ghnáthamh céanna agus bhí íomhá shoiléir ina intinn aige de féin ag úsáid a lámha agus a chosa chun duine a smachtú agus a ghortú go leor nach gceapfaidís faoi bhagairt a dhéanamh dó arís. Bheadh sé ina laoch agus beidh an t-am go léir a chaith sé ag cleachtadh fiúntach.

Áfach, bhí sé fiche bliana d’aois anois agus fós ní raibh deis aige a scileanna a thaispeáint, mar sheachain sé trioblóid nuair a chonaic sé é. Bhí sé ag éirí braon dá chairde ag magadh faoi, iad ina ndornálaí ag rá nach n-oibreoidh aon rud a dhéanfadh sé. Inniu ba bheag nach bhfuair sé bás gan a scileanna karaté a chur i bhfeidhm chun léiriú gur féidir leis troid. Mar gheall ar an eachtra sin, bheartaigh Liam go raibh air a theicnící a úsáid ar a laghad uair amháin ina saol agus gurb é sin an lá.

Thug Liam faoi deara gur shiúil sé go dtí an siopa áitiúil agus é ag éalú gan réadú. Chonaic sé na déagóirí áitiúla ag pleidhcíocht timpeall air. Bhí siad ag caitheamh balúin uisce ar dhaoine a ndeachaigh isteach agus amach. Ba dhornálaí é ceannaire an slua sin, Tadhg Ó Bhroin. Bhí aithne ag Liam air mar labhair a chairde faoi, ag moladh go hard a chumas mar dhornálaí. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag d’aois ach fiú ag an aois sin dúradh go raibh sé réidh chun gairm phroifisiúnta a thosú. Bhí sé thart faoi throigh go leith níos airde ná Liam agus bhí i bhfad níos troime ná é. Bhí eagla ar chuid mhór den phobal roimhe, Liam san áireamh (ach ní admhódh sé é). D’aithin Liam an rud seo mar dheis chun a bheith mar laoch agus ghlac sé an deis. Dhruid sé leis an ngrúpa agus dúirt sé “ní thuigim cén fáth a bhfuil sibh chomh dúr sin go gcaithfidh sibh siamsaíocht a fháil as balúin uisce a chaitheamh agus sibh beagnach in ann vóta a chaitheamh”.

“Cé hé tusa agus conas a cheapann tú go bhfuil tú chun sin a rá agus teacht amach slán?” Tháinig Tadhg suas do Liam agus d’fhéach sé air go feargach. Bhí Liam ag pleanáil na gníomhartha a bhí le déanamh aige. Shocraigh sé Tadhg a bhuaileadh sa cheann, é a chiceáil sa bholg agus ansin chorfadh sé a lámh go dtí go ndúirt sé go bhfuil brón air agus nach ndéanfadh sé arís é. Thosaigh Tadhg ag gáire, áfach, nuair a chuimhnigh sé cé a bhí ann agus thosaigh sé ag magadh faoi. “An bhfuil tú chun d’ealaíon chomhraic bhréagach a úsáid chun ceacht a mhúineadh dom? Ní oibríonn karaté. Tosaigh dornálaíocht nó stop ag samhlú gur féidir leat troid. Truamhéalach.” Ansin, ar luas lasrach bhuail Liam Tadhg sa cheann lena dhorn dúnta, agus d’ardaigh sé a chos chun é a chiceáil sa bholg, ach ní raibh Tadhg ann. Tar éis an chéad bhualadh, thit Tadhg ar an talamh agus bhuail sé a cheann go trom ar an talamh. Bhí fuil ag teacht as a cheann go tapaí agus bhí a chairde go léir ag screadach le heagla. Ní raibh Liam ag iarraidh aon rud mar seo. Ní raibh mórán ama aige, bhí air a scileanna paraimhíochaineora a úsáid chun saol an fhir óig seo a shábháil. Nuair a chonaic cairde Thadhg Liam ag cromadh thairis, rith siad chuige agus tar éis cúpla soicind bhí Liam neamhaireachtálach é féin.

Dhúisigh Liam níos déanaí i leaba ospidéil. Ar feadh cúpla nóiméid, níor chuimhnigh sé cén fáth a raibh sé san ospidéal, ach nuair a tháinig an chuimhne ar ais chuige, léim sé as an leaba agus rith sé go dtí an chéad altra a raibh sé in ann aimsiú. D’iarr sé uirthi faoi dhéagóir a tháinig isteach le gearradh mór dáiríre ar a cheann. D’imigh an dreach geall as a haghaidh agus mhínigh sí leis go bhfuair an buachaill bocht sin bás agus é san otharcharr ar an mbealach go dtí an t-ospidéal. Chaill sé an iomarca fola agus ní raibh aon duine ann a thuig conas é a shábháil ag tús an tubaiste uafásach. Nuair a d’aithin an t-altra Liam mar an duine a rinne an gníomh danartha sin, ghlaoigh sí ar na gardaí a bhí ag fanacht in oifig an phríomhdhochtúra. Bhí siad ann chun é a cheistiú nuair a dhúisigh sé. Nuair a thosaigh an ceistiúchán, mhínigh Liam gach rud a tharla an lá sin, agus os comhair na cúirte an tseachtain ina dhiaidh sin, ciontaíodh é i gcion dúnorgaine.

Chaith Liam fiche bliain sa phríosún ag smaoineamh faoin lá sin, ag iarraidh air féin cén fáth ar cheap sé go ndéanfadh sé ciall chun foréigean d’aon saghas a úsáid agus chun a bheith den intinn go n-oibreoidh gach rud amach mar a cheap sé. Uaireanta, ní thógann sé ach dorn amháin chun saol a athrú nó fiú a chríochnú. Nuair a scaoileadh é, thosaigh sé ag dul go dtí imeachtaí ag insint a scéil le daoine, ag súil go gcosnóidh sé ar a laghad duine amháin ón mbotún céanna a dhéanamh. Áfach, stopadh na deiseanna sin nuair a maraíodh Liam go mistéireach agus é ag dul go dtí an siopa lá amháin. Dúradh gurbh é athair a mharaigh Liam, ach ní bhfuarthas amach riamh cé a rinne é. D’fhéadfadh é sin go léir a bheith seachanta mura gcaithfí an dorn amháin sin.