Vótáil100 – Comóradh céad bliain vóta na mban

Ali Spillane

Sa bhliain 1918 tugadh cead do mhná na hÉireann vóta a chaitheamh don chéad uair riamh. Chun an comóradh céad bliain a cheiliúradh, tá tithe an Oireachtais ag reáchtáil clár imeachtaí. Is í an aidhm atá leo ná chun béim a leagadh ar stair na gluaiseachta ceart vótála agus ar na ceannairí a bhí bainteach leis agus ar thionchar na gceart vótála ní ba leithne.

Dar leis an Seanadóir Denis O’ Donovan atá mar Chathaoirleach Seanad Éireann, tá súil aige go spreagfaidh an ceiliúradh seo dul chun cinn agus forbairt i rannpháirtíocht sa daonlathas, sa saol poiblí agus i gceannaireacht na tíre amach anseo.

Is í an Seanadóir Ivana Bacik atá mar Chathaoirleach ar an gcoiste Vótáil 100. Agus í ag caint ar an gceiliúradh luaigh sí gur chomóradh ar na sufraigéidí a bhí gníomhnach sa ghluaiseacht chun vóta na mban a fháil amach é os cionn céad bliain ó shin. Ach go mbeidh béim ar ionadaíocht na mban sa pharlaimint go dtí an lá atá inniu ann freisin.

Mhínigh sí chomh maith go bhfuil súil aici go spreagfaidh an clár níos mó mná i dtreo na polaitíochta agus go gcuirfidh sé i gcuimhne daoine an tábhacht a bhaineann le ceart vótála.

Ó 1918 nuair a bhí Constance Markievicz an chéad bean tofa chun na Dála tá neart dul chun chinn déanta ag mná na hÉireann. Ó 1% de an Teachtaí Dála i 1918 go 22% den Dáil iomlán i 2016, is léir go bhfuil neart fás agus forbairt déanta i réimse na polaitíochta ó tréimhse ceart vótála do mhná céad bliain ó shin. Ach níl ionadaíocht inscne cothrom bainte amach go fóill.

Ó tugadh cuotaí inscne isteach san olltoghchán i 2016 tá líon na mban sa Dáil tar éis neartú go mór. San olltoghchán i 2011 (roimh na cuotaí) bhí 25 mná tofa chun na Dála (sin 15% de na Teachtaí Dála go léir). Ach san olltoghchán deirneach i 2016 tá an céatadán sin dúbailte le mná mar 30% de gach pháirtí polaitíochta sa tír agus mar 22% de na Teahtaí Dála go léir tofa chun an rialtais.

Tá clár imeachtaí iontach curtha ar fáil le linn na bliana mar chuid den chomóradh. Tá neart ócáidí spreagúla curtha ar fáil, orthu siúd atá; Léacht sa Dáil ag Máire Geoghegan-Quinn i rith Seachtain na Gaeilge, taispeántas ar shaol Constance Markievicz i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, Díospóireacht na nÓg i Seanad na hÉireann le daltaí idirbliaine ó chuile chearn den tír ar oidhreacht gluaiseachta ceart vótála do mhná.

Tá imeachtaí eagraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith. Beidh taispeántas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag tosú i Samhain 2018 chun cheiliúradh a dhéanamh ar rannphairtíocht na mban sa saol polaitíochta ar feadh 100 bliain.

Má tá níos mó eolais uait faoi #Vótáil100 téigh chuig www.Oireachtas.ie/vótáil100