Sin m’ainm – Tábhacht an fhada

Méabh Riordan

Is aoibhinn liom m’ainm. Go híorónta, ciallaíonn sé: í cé a chur le gealaigh, ina theanta le ceangail a dhéanamh leis an mBanríon dhiongbháilte Medb. Mar a fheictear tá réimse rogha litrithe don ainm – Medhbh, Maedhbh, Maebh, Maeve, Medb, Méabh – ach roghnaigh mo Mham an ceann deireanach. An ceann maisithe leis an bhfada. Feictear fada agus ar an toirt ceaptar is ainm Gaeilge é nó í. Is í feidhm an fada guta a fhadú, ach don chuid is mó dealraíonn sé go gcruthaíonn sé níos mó fadhbanna  ná dúspéis sa teanga é.

Tá an leabhar ‘Motherfoclóir’ le Darach Ó Séaghdha á léamh agam faoi láthair. Sa chéad caibidil míníonn agus labhraíonn sé faoina hainmneacha Gaeilge fréamhacha sa teanga, agus thug mé faoi deara abairt amháin ar leith. Cuirtear ceist oscailte orainn maidir leis an gcinneadh chun roghnú ainm Gaeilge d’ár bpásití: ‘what impact will the name have on the thousands of first impressions that child will make in life?’ Smaoinigh mé siar ar bhun mo thaithí féin, le m’ainm féin. Ar na hidirghníomhaíochta le háireamh bunaithe ar cheal tuiscint nó suim san ainm, nó insan teanga go bunúsach.  Bhí cuimhne agam ar eachtra áirithe amháin a tharla an bhliain seo chaite, i mí Nollaig.

Mo lá bhreithe is fiche ab ea agus bhí mé i mbun bailliú mo bhronntanas ó Mham agus Dhaid. Ba muince ainm é, mo ainm, agus bhí mé ar scamall a naoi ag fánacht air. (Bualadh bos a dhéanamh dona léitheoirí cé a thuig an nasc idir an rogha don muince ainm agus an ceann ag Carrie Bradshaw ón gclár Sex and the City. D’aithin mé an nasc ó tús.) Shroich mé ar an siopa agus d’iarr mé ón bhean, go tosach an deaisc, an raibh sé déanta acu. Lean an cómhra ar aghaidh le ceist uaithi faoin ainm gur raibh an muince cláraithe faoin. Ansin, chuir an bhean an cheist ormsa; ‘conas a litríonn tú é sin?’ Is gnáthcheist é seo le hainm cosúil le ‘Méabh’. Mar sin de, thosaigh mé is gnáth – ‘M-E-fada-A-B-H’. D’fhreagair sí le ‘ah bhuel, ná bác leis an bhfada! An féidir leat é sin a rá arís?’

Bhaintear preab asam. Níor creid mé an dearcadh a bhí aici. Dearcadh gur cuma leis an bhfada. Cinnte go mbím i Starbucks ó am go ham – ní cailín Starbucks mé, geallaim daoibh! – agus nach litríonn m’ainm i gceart go riamh! Ach tarlaíonn sé sin leis na hainmneacha is simplí; is scéal greann é sin anois agus tuigeann fórmhór do lucht ólta Starbucks ba chúis é an t-am agus an luas nascadh le cupán caife Starbucks. Ach sa chás seo, cás mo bhronntanas breith-lae, ní raibh cíos cás ná cathú ag an mbean seo conas a mhaslaíonn sí mo rogha ainm.

Cloistear na leithidí Saoirse Ronan agus Domhnall Gleeson, fite fuaite sna suíomh Hollywood ag spoicadh as na Meiriceánaigh agus a gcuid fuaimniú ar a hainmneacha Gaeilge. Chonaic mé Saoirse Ronan ar an gclár Graham Norton ag an deireadh seachtaine ag insint scéal faoin amhrán greannmhar a chruthaítear chun cabhrú leis a cuid litriú. An tseachtain ceanna chonaic mé an t-alt ag Daily Edge faoin foighne Domhnall Gleeson á bhrisiú ag Sundance Film Festival –  ‘D-O-M-H-N-A-L-L IT’S F*#KING EASY!’ Spreag an dá haisteoir míshásta dom mo frustrachas féin a chur in iúl. Agus cinnte  le tosnú Bliain na Gaeilge ann go bhfuil slua dúinn cé go mothaíonn mar an gceanna. Taispeántear sin san eagrán deireanach nuair a phléigh Alison Spillane an fuilibiliú bainteach leis an haischib ‘nílsécgl’. Mar a dhúirt Alison táimid fós ag díriú ar an gceist ceanna sna meáin – an tseandíospóireacht faoin nGaeilge: an í beo nó marbh?

Muna chuir tú súil ar an bpíosa déanta ag Alison ar an bhfeachtas tosaithe ag Ciara Ní É, #nílsécgl, ba buaic an feachtas ná: ‘daoine le Gaeilge ag roinnt a gcuid scéalta faoi míthuiscintí atá ag daoine le Gaeilge agus a dtaithí ag déileáil le maslú faoin dteanga.’ Tá orm an dá shampla sin ón bhfeachtas a chur isteach mar bhí mé sna tríthí iad a léamh: 1. ‘How is English a modern language when it doesn’t even have its own word for croissant?!’  2. ‘The conditional tense is so stupid. I mean when would anyone use it?’ Labhair ceannaire an feachtais Ciara Ní É leis The Irish Times faoin maslú mothaithe ag daoine agus cuirtear an ceist reitriciúil ar daoine cén fáth ba chóir aon duine a mhíniú a rogha teanga?

Tháining mé ar irisleabhar foilisúithe ag an gCumann Margaíochta Meiriceánach ag phlé brandáil iasachta agus an tionchar ar thuairimí agus dearcthaí na dtáirge. Léirigh triail amháin go raibh tionchar mór ar dhearcthaí de bharr fuaimniú Fraincise ar an ainm branda. Thosaigh mé ag smaoineamh an mbeadh cosúlachtaí idir an triail sin agus ar ainmneacha iasachta – ainmneacha Gaeilge. Thóg mé an seasamh go raibh tionchar ar dhearcthaí na hainm agus iad trí Ghaeilge. Ag breathnú siar ar na ceisteanna rialta, ‘céard é an Bhéarla é sin?’, ‘cén fáth nach litríonn tú é sin trí Bhéarla?’, ‘an gá leis an bhfada?’, is léir nach bhfuil meon dearfach ag fórmhór do dhaoine ar ainmneacha Gaeilge; ag comhlachtaí móra – ní féidir liom m’ainm a líoniú ar fhórmhór d’iarratais ar líne ar son unicode lag; mo phas bordála san áireamh. Fiú ní tugtar an stádas don litriú Gaeilge ar Fhorais Rialtais – táim fós ag faighiú litir ó Revenue chuig ‘Meabh Riordan’.

Thosaínn ag glacadh leis an slí níos éasca. Thosaínn ag rá ‘ná bác leis, ní litríonn aon daoine é i gceart.’ Thosaínn leis an díomuach go ndúirt fear i Raidió na Life é seo dom: ‘Is cuma leis an bhfada. Is é d’ainm.’ Tá an-tábhacht do fheachtas ar nós #nílsécgl. Feachtas cé  a thugadh stádas don teanga agus cé a chur í i mbéal an pobail níos leithne.

Dá mba rud é go bhfuil sibh fiosrach faoin muince ainm, rinne mé cinnte go mbeadh fada ann agus tá ann.