Todhchaí na Gaeilge á cheiliúradh ag seoladh oifigiúil Irish101

Ali Spillane

Tá Irish 101 seolta ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh. Ar an Máirt, bailíodh na Gaeil le chéile i dTeach Uí Chonaill, i gCearnóg Mhuirfean chun an tionscadal nua a cheiliúradh agus tús oifigiúil a chur leis.

Is MOOC nó Massive Open Online Course atá i gceist le Irish 101. Foireann de chuid Fiontar & Scoil na Gaeilge i DCU atá freagrach as an ‘togra spreagrúil stairiúil,’ mar a thug an tAire air. Tá an cursa curtha ar fáil faoin scáth-ghrúpa Future Learn. Dar le Mark Lester ó Future Learn, ‘tá DCU anois mar chuid den chlann le níos mó ná 100 ollscoil eile timpeall an domhain.’

Tá sé mínithe ag an gCeannscoile ar Fiontar & Scoil na Gaeilge, an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh, go bhfuil siad ‘ag tosú go bog’ agus ag díriú ar an ‘diasporra’ agus ar an té atá ag tosú amach nó ag athfhoghlaim an teanga. Ach go mbeidh fás agus forbairt ag teacht ar an tionscadal amach anseo.

Ag caint ag an seoladh, dúirt an tUachtarán ar DCU, an tOllamh Brian Mac Craith; ‘I mbliain seo na Gaeilge tá sé tábhachtach go bhfuil eolaíocht na hoiliúna, nuálaíocht sa bhfoghlaim, an teicneolaíocht féin agus grá dár dteanga ag teacht le chéile chun an teanga sin a chur chun cinn.’ Lean sé ag caint faoin tábhacht a bhaineann as an teanga a chur chun cinn agus í a thógáil ‘trasna na dtonnta’ go dtí gach cearn den domhan.

Agus é ag labhairt ar an éacht atá bainte amach ag DCU leis an tionscadal seo, dúirt Mark Brown, Stiúrthóir ar an NIDL (Institiúd Náisiúnta ar fhoghlaim dhigiteach) go bhfuil DCU ag déanamh sár iarracht chun bealaí isteach chuig an Ardoideachas a chur ar fáil. Rinne sé ard-mholadh ar an Dr. Mairéad Nic Giolla Mhichíl agus a foireann a bhí i bhfeighil ar an tionscadal úr seo, an chéad MOOC le DCU.

Is ar chultúr na Gaeilge agus an teanga atá Irish 101 dírithe. I láthair ag an ocáid bhí go leor de na bhfoghlaimeoirí a bhí páirteach sa chlár píolótach den chursa. Bhí meon thar a bheith dearfach acu agus bhí siad sásta a taithí a roinnt le daoine ann.

Deirtear go bhfuil na mílte duine as na céadta tíortha sínithe suas don chúrsa soar in aisce seo a bheidh ag dul beo an tseachtain seo chugainn agus tátar ag tuar go mbeidh na mílte eile cláraithe roimh tús an chúrsa. Cúrsa trí seachtain atá i gceist leis. Is daoine thar lear den chuid is mó ó gach tír ó Mheiriceá go Taiwan atá cláraithe go dtí seo. Is féidir clárú anois ar https://www.futurelearn.com/courses/irish-language