#Nílsécgl – Bliain úr ach an tseandíospóireacht céanna

Ali Spillane

Bliain úr atá ann ach ní shin le rá go bhfuil gach rud athraithe. Rud amháin atá díreach mar an gcéanna ná an tseandíospóireacht faoin nGaeilge. Ní raibh seachtain caite againn i 2018 ach bhí ceist na Gaeilge á phlé ar chlár Ciara Kelly ar Newstalk. Mar is ghnáth bhí gach duine gnóthach ag roinnt a gcuid tuarimí ar na meáin shóisialta. Ach ba fhear amháin a luaigh narbh fhéidir leis ubh a bhruith mar gur chaith sé blianta ag foghlaim na Gaeilge ar scoil, a chuir idir ionadh agus éadóchas ar dhaoine. Mar thoradh, cúpla lá i ndiaidh sin thosaigh Ciara Ní É feachtas Twitter iontach leis an haischlib #nílsécgl.

Le tamall anuas tá na céadta Gaeilgeoirí ag roinnt a scéalta faoi míthuiscintí atá ag daoine faoin nGaeilge agus a taithí ag déileáil le maslú faoina dteanga. Coincheap neamhchasta atá i gceist leis, ní mór duit ach an scéal a insint ach teanga eile a chur ann in ionad an Ghaeilge ann.

Tá réimse leathan ábhar ar fáil ann idir ainmneacha Gaelacha agus úsáid na Gaeilge sa mhórshaol. Cé go bhfuil sé thar a bheith greannmhar agus siamsúil chuirfí ionadh ort na rudaí a deireann daoine do Ghaeilgeoirí.

Agus Bliain na Gaeilge buailte linn tá neart daoine den tuairim gur cur amú airgid é. Nach fiú airgead a infheistiú chun ár dteanga dúchais a spreagadh a scaipeadh agus a cheiliúradh le muintir na tíre. Tá an argóint ceannann ceánna faoi Pheig agus pionós corpartha agus iad ag tuar deireadh na Gaeilge mar theanga beo fós i mbéal an phobail. Agus muintir na Gaeilge bréan den teanga a chosaint agus a taobh den argóint a insint.

Cinnte go bhfuil na ceantair Gaeltachta ag streachailt, ach níl aon duine ag rá nach bhfuil siad. Ní shin le rá go bhfuil an Ghaeilge ag fulaingt nó ag dul aon áit. Mar a feictear tríd fás an Gaelscolaíocht agus na Coláistí samhraidh is leis an ghlúin óg todhchaí an teanga. Mar sin cén fáth an mbíonn ar Ghaeilgeoirí barraíocht ama a chur amú ag míniú a rogha teanga?

Agus mé ag éisteacht agus ag léamh faoin díospóireacht le déanaí tháinig smaoinemah chugam. Cén fáth a mbíonn an díospóireacht i gcónaí faoin nGaeilge agus aigead rialtais a chur amú. Ní minic a chloistear gearáin faoin airgead a cuirtear ar fáil le haghaidh an lucht siúil atá ina mionlaigh in Éirinn chomh maith. Is tríd an eagraíocht státurraithe Pavee Point a dhéantar cosaint ar a gcearta mar mhionlach agus a bunaítear feachtais chun oideachas agus a leithéid a chur chun cinn sa phobal. Níl fianaise ann le rá go bhfuil na feachtais oideachas go hiomlán rathúil. Fós tá cuid mhór den phobal sin nach fhanann ar scoil chun Ardteist a bhaint amach. In aineoinn cuile iarrachta is corr-dhuine a leanann ar aghaidh ar oideachas triú leibhéil ach fós níl aon duine ag gearán faoi. Dar liom, is maith an rud é sin. Má éiríonn leis na feachtais fiú don corr-dhuine ní cur amú é. Má taispeánann na treochtanna go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh, fiú feabhsú bheag, ní chur amú é.

Ach cén fáth nach bhfuil an rud céanna fíor ó thaobh na Gaeilge de? Is í an príomhtheanga oifigiúil sa tír. Is teanga oifigiúil den Aontas Eorpach í. Tá sé deacair le tuiscint an fáth go gcuireann sé isteach chomh mór ar daoine nuair a labhraítear í mar ghnáththeanga labhartha. Is maslach an rud é nuair a deirtear gur chúis le heaspa dídine nó le fadhbanna san chóras sláinte í an infhestiú a dhéantar sa Ghaeilge.

Athrú meoin atá uainn. Is álainn an rud é deis bheith agat an Ghaeilge agus an cultúr saibhir atá leí a bheith agat. Is nasc le stair na tíre agus na daoine a ndeachaigh romhainn í. Is rud Éireannach í nach bhfuil ag an gcuid eile den domain. Thar aon rud eile, is teanga dúchais í do na mílte Éireannaigh sa tír a rugadh agus a tógadh le Gaeilge iad. Níl sé níos fearr nó níos measa ná Béarla nó aon teanga eile sa domhain. Ach tá sé difriúl.

Do na daoine nach gcreideann na tuairmí thuasluaite agus a bhí gránn acu don Ghaeilge. Ní fadbh é sin muna chuireann tú isteach ar na daoine nach bhfuil den tuairim céanna. Fiú muna dtaitníonn an Ghaeilge leat nó muna fhéidir leat í a labhairt, ní bhíonn ort ach meas a bheith agat ar an duine a labhraíonn í. Ní hé go bhfuil an Ghaeilge ag bagairt stádas an Bhéarla nó na daoine a labhraíonn é. Is féidir leis an dá teanga a bheith beo sa tír céanna ag an am céanna. Ach #Nílsécgl go bhfuil drochmheas ag daoine ar lucht na Gaeilge. #Nílsécgl milleán fadbhanna an domhain a leag ar teanga mionlach neamhchiontach nach bhfuil freagrach as. Agus #nílsécgl go bhfuil gá leis an fheachtas agus na mílte tvuít seolta faoi rudaí nach bhfuil ceart go leor i saol na nGael i 2018- Bliain an Gaeilge.