Cé hí Peig? An Ghaeilge sa ré úr teicneolaíochta.

Ali Spillane

Le fada tá argóint déanta ag daoine gur teanga seanfhaiseanta as dáta í an Ghaeilge. Chun tacaíocht a thabhairt don argóint sin is minic a luaitear leithéidí Peig Sayers, ainm nach bhfuil fiú cloiste ag an gcuid is mó don aos óg.

An mhalairt ar fad atá fíor, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart sa ré úr teicneolaíochta atá ar siúl faoi láthair. Tá sé ag freastal ar cainteoirí dúchais agus ar fhoghlaimeoirí chomh maith.

Anseo tá liosta de 10 rud atá ar fáil ar líne le taispeáint go bhfuil an Ghaeilge nua-aimseartha agus faiseanta sa lá atá inniu ann.

  1. Is é an chéad rud ná an podchraoladh Motherfoclóir. Inniu tá podchraoltaí ar fáil gach áit, ar gach topaic, i mbeagnach gach teanga. Is i mBéarla atá an ceann áirtithe seo ach is í an Ghaeilge an t-ábhar atá á phlé ann. Le Darach Ó Séaghda @theirishfor atá sé. Agus é ag cur síos air, dúirt sé gur ‘gateway drug to Irish’ atá ann. Oireann sé don fhoghlaimeoir, don chainteoir dúchais agus don té nach bhfuil ach suim acu i gcúrsaí teangleolaíochta.
  2. Is é an dara rud ná podchraoladh eile; Beo ar Éigean (BAE). Is é seo an chéad podchraoladh lán-Ghaeilge ó RTÉ. Triúr mná óga ó RTÉ atá i gceannas ar an gceann seo. A mhalairt atá fíor faoin gceann seo, is don té atá líofa (nó a bhfuil ard-chaighdeán Gaeilge acu ar aon nós) atá sé dírithe. Pléitear rudaí a dtaitníonn leo, cúrsaí saoil agus gach gné den saol nua-aimseartha. Tá spraoi agus craic ag baint leis. Podchraoladh deas réchúiseach neamhfhoirmiúil atá sa cheann seo. Ag cur síos air dúirt Siún Ní Dhuinn, duine den triúr, go ndéanann siad iarracht an cúrsaí teanga a sheachaint.
  3. Tá na Gaeil beo ar Snapchat chomh maith. Tá sár-iarracht déanta ag TG4 ar na meáin shóisialta. Tá beirt láitheoir iontach acu idir Chaitlín Nic Aoidh agus Micheál Ó Ciaraidh atá lán le fuinneamh agus spraoi ar an gcuntas Snapchat. Is fiú go mór iad a leanúint (tg4tv).
  4. Tá go leor vlagadóirí Gaelacha ar Snapchat chomh maith @caoimhechats ina measc. Iriseoir físe le meon eile ag cur fuithi i mBéal Feirste bíonn sí i gcónaí feiceálach ar na méain. Freastlaíonn sí ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí dúchais idir óg agus aosta. Tá vlag aici den ainm céanna ar Youtube chomh maith. Agus anuas ar sin tá sí mar leath den chaineal Youtube TusaTube. Cursaí saoil a bhíonn á vlagáil aici ar na gréasán uilig, agus é go hiomlán trí Ghaeilge. Ach bíonn fotheidil Béarla ar na Snaps chun freastal ar na bhfoghlaimeoirí.
  5. Ag muid leath bhealach tríd an liosta ba chóir dom aird a thabhairt ar aipeanna Gaeilge atá ar fáil. Cúpla mí ó shin seoladh aip darb ainm ‘Loinnir’. Tinder na nGael a thug neart daoine air. Bhunaigh Dónal Ó Catháin agus Edmond Ó Floinn é tar éis Hackathon i UCD. Agus é faoi agallaimh ag an Oireachtas dúirt Dónal gurb ‘meascán de Tinder agus myTaxi é.’ Is é an t-aidhm atá leis ná gréasán na nGael a chruthú agus chun é a dhéanamh níos éasca teacht le chéile le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu. Tá sé ar fáil ar android faoi láthair saor in aisce.
  6. Is aip eile atá ag freastal ar fhoghlaimeoirí Gaeilge timpeall an domhain ná Duolingo. Is féidir go leor leor teanga a fhoghlaim ar an aip idirghníomhach seo. Ach tá an-tóir ar an nGaeilge. Tá níos mó ná 2 milliún duine ag foghlaim an Ghaeilge ar an aip, níos mó na leath den uimhir sin thall sna Stát Aontaithe.
  7. Is gréasán domhanda iad na Gaeil. Tá leithéidí an grúpa Gaeilge Amháin ar Facebook iontach chun iad uilig a thabhairt le chéile. Is féidir le daoine idir fhoghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais ceisteanna a chur ar a chéile agus smaointí a scaipeadh eatarthu ann. Tá fáilte roimh gach duine bheith páirteach ann. Is é an t-aon coinníol atá ann ná go mbíonn ort an Ghaeilge a úsáid agus an Ghaeilge amháin.
  8. Is réimse iontach mór de na meáin faoi láthair ná blaganna. Bíonn blagadóirí de gach aon saghas ann, blagadóirí Gaeilge ina measc. Is é an chéad blag atá le clúdach anseo ná Gaeilge le Glam. Blag faisin atá inti bunaithe ag ceathrar múinteoirí Gaeilge ó Gaillimh. Bíonn cursaí stíle agus faisin i measc na n-ábhar a bhíonn á phlé acu. Bíonn siad gníomhach ar na meáin shóisialta chomh maith ar an gcuntas Snapchat ach go háirithe.
  9. Is é an chéad bhlag eile atá ar fáil ná ceann dátheangach ag Ursula Savage dar teideal, ‘Ag smaoineamh os ard’, oiriúnach don fhoghlaimeoir os rud é go bhfuil cuid den ábhar as Béarla. Ní hé go mbíonn gach uile rud aistrithe ó Ghaeilge go Béarla nó a mhalairt. Uaireanta bíonn sí ag scríobh as Béarla, uaireanta eile as Gaeilge a bhíonn sé.
  10. Den stíl céanna, is é an ceann deirneach ná blag dátheangach ‘As an Nua’ le Siún Ní Dhuinn (as Beo ar Éigean). Cuid den am as Gaeilge a bhíonn an t-ábhar, amanntaí eile as Béarla a bhíonn sé. Bíonn gach réimse ó stíl agus faisean go feimeanachas agus leabhair agus ealaíon pléite ann.

 

Mar sin is féidir a rá go bhfuil an Ghaeilge beo sa 21ú hAois ní hamháin sa Chlub Conradh nó ag an Oireachtas nó ar Raidió na Gaeltacha ach ar líne, ar na meáin shóisialta agus sa Ré teicneolaíochta freisin.