RyanAir i bponc agus na céadta eitilí curtha ar ceal

Ryanair – an aerlíne le heitilí saora, anois i mbéal an phobail ach i drochchúis an uair seo.  Le coicís anuas, beagnach gach uile lá cloisimid faoin gcealú leanúnach ag eitiltí Ryanair agus dar lena gcuid paisinéirí níl a lán eolas ar fáil faoina gcealaithe. San alt seo beidh mé ag plé agus ag míniú céard atá ag tarlú leis an aerlíne cáiliúil Ryanair agus cad ba chúis leis.

Go bunúsach, dealraíonn sé nach bhfuil dóthain píolótaí incheaptha dá bpost de bharr saoire bhliantúil agus FTLs (Flight Time Limitations) a rialaíonn le CAR nó trí Ghaeilge: an Coimisiún um Rialáil Eitlíochta. Insíodh Ryanair gur athraigh siad a gcuid féilire maidir le saoire bhliantúil, chun glacadh le rialacha na hEorpa. Mar sin de, ba cheart do na píolótaí a gcuid saoire a thógáil go luath agus mar thoradh tá easpa foinre oibre ag an comhlacht. Ina theannta sin tá sé ina ráfla nach bhfuil gaolta maith idir bainistíochta agus na píolótaí, géaraithe le ráiteas Michael O’Leary ag rá cé chomh éasca is atá obair píolóta. Ar an iomlán – mar a dúirt John Muilligan san Irish Independent , is ‘pantomime’ é an ghéarchéim agus an cheist atá againne ná cathain a stopfaidh sé?

Le linn na coicíse cailleadh €2.2 billiún i luach cion agus níl na scairshealbhóirí amháin buartha! Tá thart 400,000 réamháirithintí curtha i bhfeidhm agus ag iarriadh freagraí. Go dtí seo, dúirt Ryanair ba cheart do chustaiméirí  freastail ar eitilt éigin eile, le aerlíne éigin eile, más rud é nach féidir le Ryanair réiteach oiriúnach a chur os a gcomhair. Beidh na heitiltí luaite thuas ar siúl ar an lá gceanna nó an lá ina dhiaidh. Rinneadh an socrú idir Ryanair agus na haerlínte luaite ina dhiaidh: EasyJet, City Jet, Aer Lingus, Norwegian, Jet 2, Vueling agus Eurowings. Ina theannta sin tá costais  ‘out-of-pocket’ á thairiscint más gá duit foirm EU261, tógfar ceithre/sé seachtainí a phróiseas, agus fáltais a chur isteach le chéile. An t-aon rud ina bhfuil daoine sasta leis faoin mbotún mór ná gur admhaigh an chomhlacht go raibh siad mícheart agus go mbeadh réiteach ag teacht. Fiú rinne an Taoiseach trácht ar an gconspóid ag cuireadh béime ar chearta paisinéara agus chun iad a chothú ag rá: ‘People’s and passenger’s rights need to be protected, so if anyone has had a flight cancelled, any airline, in this case Ryanair, needs to provide them with an alternative way of getting to where they need to go ot refunding them in full.’

Mar focal scoir, mar tá sé ar intinn agat dul thar lear do mhargadh Nollag bí cúramach ag ceannach eitilí RyanAir , nó téigh le Aer Lingus!