Peil na mBan

46,286 duine a bhí i láthair ag cluiche ceannais Peil na mBan an Domhnach seo caite. An líon is airde a bhí ag an ocáid riamh. Is lá fíor speisialta é gach bliain. Bíonn na mílte cailíní óga ann lena gclubanna ó chuile cearn den tír. Bíonn atmaisféar den scoth i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí trí chluiche ar siúl ar an lá. Ba é an ceann mór ná an cluiche sinsir idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo, díreach mar a bhí sé an seachtain roimhe. Agus ba é an toradh céanna freisin le Baile Átha Cliath ag glacadh an choirn arís. Ba é an chéad uair le fada nach raibh Corcaigh san iomaíocht ann.

Cé nach raibh an staid comh lán is a bhí sé an Domhnach roimhe agus na fir ag imirt, is cinnte go bhfuil Peil na mBan ag dul ó neart go neart. Le blianta anuas tá urraíocht faighte ag an LGFA ó leithéidí Lidl, TG4, O Neills, CLG agus Specsavers, a chabhraigh go mór le forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh don eagraíocht.

Bunaíodh an eagraíocht i 1974. Ó sin tá fás agus forbairt den scoth déanta agus inniu tá sé ar fáil, ní hamháin i ngach cearn den tír seo ach thar lear comh maith.

Bíonn an Ghaeilge mar chuid lárnach den LGFA le hurraíocht ó TG4. Bíonn sé ar fáil beo ar TG4 agus bíonn an tráchtaireacht go léir as Gaeilge. Sílim gur rud iontach é mar bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach den CLG nuair a bhunaíodh é agus uaireanta ní bhíonn an gné sin comh soiléir i bpeil na bhfear níos mó.

Is pobal iontach é na clubanna atá mar chuid den LGFA. Ní haon ionadh go mbíonn an líon daoine idir óg agus aosta ag freastal ar an gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh ag ardú i gcónaí. Déantar iarracht mhór gach duine a fháiltiú san eagraíocht. Bíonn feachtais ar nós ‘Gaelic4mothers&others’ ar bhun. Comh maith le ‘Gaelic4Girls’ agus blitzchomórtais a bhíonn ar fáil i gclubanna gach áit.

Uaireanta is cosúil go mbíonn peil na bhfear ag éirí níos gairmiúla agus scothaicme ach níl na treochtanna sin chun tosaigh i bpeil na mban. Bíonn seans ag na mílte cailíní óga freastal ar Pháirc an Chrócaigh don lá is mó in féilire na heagraíochta chun a laochra a fheiceáil agus chun bheith páirteach den phobal mór ar an leibhéal is airde atá ann.

Ali Spillane