Cead ag mná tiomáint san Araib Shádach

Le blianta beaga anuas anois, feictear gníomhaire Sádacha ag cuireadh a mbeatha i mbaol agus iad ag seasamh an fhóid i gcoinne an t-aon tír a bhfuil cosc ar mná tiomáint. Feictear éagóracha uafásacha ar na meán sóisialta mar shampla nuair a cimíodh Manal Al-Shariff, gníomhaire a chuir físeán di ar YouTube ag tiomáint sa bhliain 2011.

Ar an 26ú lá, d’éisigh Mohammed Bin Salman, Rí an Araib Shádach an foraithin a ligeann mná tiomáint. As seo amach, ní chaithfear mná cead a fháil chun a gceadúnas tiomána a fháil agus ní chaithfear caomhnóir a bheith in éineacht leo.

Fad is atá mná ag teacht i dtír ar an saoirse úire seo, níl an cinneadh seo chomh soineanta seo, tá mná fós mar saoránaithe den dara grád.

Fós, tá an Araib Shádach faoin gcóras ‘coimirce’ atá i bhfeidhm ann. Ní féidir le mná a bhfear chéile féin a roghnú, cuntas banc a oscailt, taistil, taca míochaine, post nó colscaradh a fháil gan cead a fháil ón bhfear dá theaglach. I gcóras dlí Araib Shádach, is beag is fiú an fianaise chúirte ag mná i gcomparáid le fir. Fiú, ní féidir le mná a bpas a choinneáil, i gcónaí bíonn sé i seilbh an fir.

Is iomaí feabhas a bhfuil le teacht agus is dócha gur machnamh é seo ar an suíomh eacnamaíochta an Araib Shádach faoi láthair. Mar thoradh ar borradh gáis scealla sna Stáit Aontaithe agus an laghdú ar amhola ina raibh an Araib Shádach an príomh-táirgeoir. Brúitear ceannairí tionscadal eacnamaíochta nua a bhunú, chun bogadh ón ngeilleagar olabhunacha go geilleagar nua-aimseartha. Tá rannpháirtíocht na mná mar ghalar leighis dóibh.

Tá an Araib Shádach báite i bhfiacha na céadta milliúin dollair. Dúirt Momhammed Aljadaan ina dhiaidh an cinneadh seo go mbeidh Salman ag maolú na déine, ag gearradh siar ar fhóirdheontais agus ag cuireadh srian teann ar chaiteachas ar thionscadail le teacht.

Más é an mian atá ag Salman chun claochlú ar shaol na mban san Araib Shádach, ní amháin chun ceadúnas tiomána a thabhairt dóibh ach ceadúnas le bheith i gceannas ar a saolta féin. Iarrtar ar Rialtais an Arab Shádach fáil réidh le córas coimirce na fir.

Faoi dheireadh, is féidir le mná a bheith taobh thiar den roth stiúrtha ach faraor, is le fir an Araib Shádach an roth sin.

 

Hannah Ní Shuilleabháin