Léirmheas ar Motherfoclóir ; Leabhar nua faoi ‘a not so dead language’

Méabh Riordan

Cluadach an leabhair

D’fhéach mé ar fhíseán ar Facebook i rith na seachtaine déanta mar chuid den fheachtas An Dream Dearg – feachtas ag dul i ngleic leis an laghdú don dheontas Líofa Gaeltacht, agus chuala mé an t-abairt ‘it’s essentially a hobby language’ ráite ag Jim Allister. Bhain an ciúta seo fearg agus díoma amach uaimse ráiteas seafóideach mar sin a chloisteáil. Chas mé ar ais ag an bpointe seo go dtí leabhar a chur áilleacht agus uathúlacht an teanga seo i gcuimhne dom le déanaí, sin Motherfoclóir le Darach Ó Séaghdha.

Cinnte, is aobhinn liom an teideal freisin agus creidim go dtugann an greann, an nathaíocht  tuisicint mhaith cén cineál leabhar is ea é. Osclaíter an leabhar le brollach ó Dara Ó Brian, gan dabht beidh tú sna trithí á léamh é, agus mhínigh sé buaic na Gaeilge an-simplí in abairt nó dhó. Cuireann sé bacainn ar ráiteas ag éiliú is cur amú í an Ghaeilge toisc nach teanga gnó í; ‘we sometimes forget that the purpose of learning isn’t just utility in the workplace; and the benefits of a complex language are that the ideas it contains can be rich and poetic and profound…’

Sa réamhrá cuitear aithne ar an údar, a shaol mar pháiste, ag foghlaim an teanga agus an spreag chun tosú an suíomh Twitter, cá tháining an bonn leabhair, @theirishfor. Níor chríochnaigh mé an leabhar go fóill ach cheana féin táim an tógtha leis agus mé ag púitseáil i gcaibidil eile. Thosaigh mé ón tús sa chaibidil bunaithe ar ainmneacha  ‘Irish Names or, ‘How’s that Like, Prounounced?’ ‘– scairt amach do mo chairde Meiriceánach cé a chur [Meeb] orm. Fiosraítear na h-ainmneacha maisitaithe le fádas, an litir ‘v’ ina bhfuil dofheicthe agus ceard é an scéal leis an bhfuaim ‘s’.

Léim mé ar aghaidh ansin go dtí an chaibidil ag lonrú solas ar na focail gan mhíniú cruinne i mBéarla uaireanta nó an drithlí Gaeilge. Mar shampla, iaró ag déanamh tagairt do dhaoine ina bhfuil gaolta leat óna bhlianta agus iaróg; leis an mbrí: argóint bheag. Déantar magadh go bhfuil nasc idir an dá, a leithéid de chomhtharlú! Bhain mé an taitneamh as stair an fhocail botún. Tuigtear is ‘mistake’ é ach an mhíniú díreach ná bolg gé.

Mar focal scóir fiú mura bhaineann tú úsáid an Ghaeilge go laethúil mar fórmhór do dhaoine Éireannach ní chaillfidh í a draíocht nó a saibhreas. In ionad díriú isteach ar na bearnaí leí agus an cultúr corparáideach,  glacaimid leis an luach agus an leithleachas ‘from a not so dead language.’

Méabh Riordan