Pop-Up Gaeltacht

Pop-Up Gaeltacht

Uaireanta, bíonn an tuairim ann go bhfuil deighilt idir na daoine atá líofa sa Ghaeilge agus na daoine atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. Fiú, sa pháipéar seo, ní do Ghaeil amháin é an roinn seo den phaipéar. I ngach eagrán den phaipéar ó seo ar aghaidh beidh alt dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a cuid Ghaeilge. Beidh nodanna agus leideanna ar fáil ann faoi bhealaí éagsúla feabhas a chur ar do chuid Ghaeilge. San eagrán seo táimid ag díriú ar an Pop-Up Gaeltacht.

Chuir beirt fhear – Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha- tús leis an ocáid míosúil seo i mBaile Átha Cliath. Is smaoineamh simplí é. Roghnaítear teach tabhairne éagsúil gach mí agus fógraítear é ar na meáin shóisialta. Bailítear na céadta daoine le chéile ann agus labhraítear an Ghaeilge lena chéile. Bíonn fáilte roimh gach duine idir óg agus aosta ann.

Inniu tá an Pop-Up Gaeltacht le feiceáil timpeall na tíre agus thar lear fiú. I ngach uile cearn den domhan bíonn daoine ag bailiú le chéile, ag ól, ag canadh, agus ag caint as Ghaeilge. Is ocáid neamhfhoirmiúl é agus braitheann atmaisféar agus stíl na hoíche ar an slua atá ann agus ar an áit ina bhfuil sé.

Anois tá an coincheap ag leathnú amach ón bpríomhchathair agus ag athrú ó áit go háit. I cúpla ceantar tá sé dírithe níos mó ar theaghlaigh agus ar pháistí, gan béim ar bith ar an alcól.

Is cuma faoi do chaighdeán Ghaeilge ann. Bíonn cainteoirí dúchasach ann cinnte, ach freisin bíonn daoine ann nach bhfuil uathu ach cúpla focail a úsáid.

Moltar go mór é mar oíche amach iontach, lán le craic agus spraoi. Má tá sé ar intinn agat freastal ar cheann go luath, beidh an chéad ceann eile i mBaile Átha Cliath ar siúl ar an 27ú Aibreáin, i dteach tábhairne darb ainm Sin É i mBÁC 1.

Seo cúpla frása úsáideach don oíche:

  • Tá pionta uaim le do thoil – I’d like a pint please
  • An féidir leat é sin a rá arís? – Could you say that again
  • Coimeád an shóinseáil – Keep the change
  • Cá bhfuil na leithris? – Where are the toilets
  • Cad é d’ainm ar Snapchat? – What’s your snapchat name
  • Cad é an Ghaeilge ar X? – What’s the Irish for
  • Tá tú ag breathnú go hálainn – You’re looking well

Ali Spillane