Daonáireamh 2016; Cainteoirí Gaeilge ag streachailt arís

Daonáireamh 2016

Léirigh Daonáireamh 2016  oileán atá ag síorathrú, le méadú 3.8% ar daonra na tíre idir 2011-2016. Tá 4,761,865 duine ina gconaí sa tír faoi láthair. Cé gur tháinig méadú i ndaonra na tíre, lean an laghdú i gcainteoirí Gaeilge na tíre.

Nuair a bunaíodh an Straitéis 20 Bliain sa bhliain 2010, bhí sé mar lóchrann dóchais do thodhchaí na Gaeilge. B’é an t-aidhm a bhí leis ná go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais faoi 2030; go mbeadh ardú 25% ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil agus go mbeadh méadú go 2 mhilliún ar líon na ndaoine le tuiscint bhunúsach ar an dteanga dhúchais. Ach de réir an eolas is luaithe foilsithe ó Daonáireamh 2016 ní hé atá ag tarlú, a mhalairt atá fíor.

 

Bhíomar ag súil le hardú 26,000 duine sa Daonáireamh 2016 chun an straitéis a bheith rathúil. Faraor, bhí titim 3,382 i líon cainteoirí laethúla Gaeilge.

 

Mhaisigh an Daonáireamh laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, ó 54,010 go 53,217. Tháinig méadú 0.8% ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil gan nasc leis an gcóras oideachais. Dearbhaítear treocht soiléir sna Daonáireamh san am atá thart; cé go bhfuil na figiúirí íseal go leor maidir le daoine a labhraíonn Gaeilge go rialta lasmuigh den Ghaeltacht, tá na figiúirí níos fearr ná i gcás na Gaeltachta. Is iad contaetha Mhaigh Eo agus Dún na nGall a tuairiscítear an laghdú is mó sa réimse sin.

 

Feictear méadú mór i nDaonáireamh 2016 maidir le líon na ndaoine a bhfuil teangacha eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge acu. Tá 135,895 cainteoir Polainnise ag úsáid a dteanga dhúchais féin mar phríomhtheanga. Tá méadú ann ó 2011 nuair a bhí 119,526 acu ann. Ní cuireadh ceist faoin méid daoine a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile, tá 74,000 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachas, is dócha go bhfuil teanga na Polainnise níos cumhachtaí ná an Ghaeilge os rud é go bhfuil sé níos forleithne ar a laghad.

 

Is foláireamh scanrúil iad torthaí Daonáireamh 2016 a léiríonn go ndéanann talamh slán den teanga. Tá réiteach agus gníomh de dhíth orainn ar fad mar phobal. Táthar ag súil go mbeadh níos mó le rá ag polaiteoirí ach caint fileata agus go mbeadh polasaí indéanta ann chun an treocht seo a casadh bun os cionn. Ní féidir le na treochtanna seo leanúint ar aghaidh go dtí an céad daonáireamh eile.

Hannah Sullivan