Sluafhoinsiú: Coincheap Nua-Aimseartha

“An chiall atá le sluafhoinsiú ná cabhair nó tacaíocht a lorg ó ghrúpa mór ar líne hiondúil.”

Baineann an tábhacht le sluafhoinsiú do thaighdeoirí timpeall na cruinne agus tá roinnt taighdeoirí na Gaeilge ag iarraidh cabhair ón bpobal do thionscadal éagsúla.

An chiall atá le sluafhoinsiú ná cabhair nó tacaíocht a lorg ó ghrúpa mór ar líne go hiondúil. Baineann costas mór le tionscadal taighde, agus is féidir na costais a laghdú le cabhair ón bpobal. Is sampla rathúil de shluafhoinsiú suíomh idirlín Wikipedia. Is féidir le duine ar bith a bheith ina eagarthóir air agus is féidir rud ar bith a athrú agus a scríobh.

Tá cabhair de dhíth ag saineolaithe na hÉireann maidir leis an Ghaeilge faoi láthair. Is féidir le lucht labhartha na Gaeilge a ndícheall a dhéanamh chun tionscadal atá ar bun ag Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chríochnú.

Deir an Dr. Gearóid Ó Cleircín, léachtóir agus téarmeolaí Fiontar go bhfuil baint ag an sluafhoinsiú sna tionscadail a bhíonn ar bun acu:

“Tá dhá thionscadal idir lámha againn in Fiontar faoi láthair a bhfuil baint acu leis an sluafhoinsiú: Logainm – bunachar logainmneacha na hÉireann – agus Dúchas – tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Is comhthionscadail iad ar aon.

Tá Logainm á fhorbairt i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha agus is páirtnéireacht é Dúchas le Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD. Tá cosúlachtaí idir an dá thionscadal ó thaobh na sprice de freisin, is é sin ábhar luachmhar oidhreachta a dhigitiú agus a chur ar fáil ar líne don phobal. Tá an dá thionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.”

Maidir le Dúchas.ie,  is é an tras-scríobh atá sluafhoinsithe. Tá foireann Fiontar ag iarraidh ar an bpobal téacs na scéalta béaloidis atá le feiceáil in íomhánna ar an suíomh a tras-scríobh:

“Go dtí seo tá beagnach 34,000 leathanach tras-scríofa curtha ar fáil ag ár gcuid úsáideoirí in imeacht bliain go leith. Tá breis eolais ag http://www.duchas.ie/ga/meitheal/ agus is féidir clárú ansin agus triail a bhaint as an tras-scríobh thú féin.”

Tá an sluafhoinsiú mar pháirt lárnach de thionscadal taighde atá ar bun ag taighdeoirí in The Adapt Centre for Digital Content Technology in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá ceann de na foirne ann ag tabhairt faoi thionscadal maidir le hanailís a dhéanamh ar mheon agus tuairimíocht tweetanna faoin olltoghchán 2016.

Deir an Dr. Teresa Lynn:

“Bhí uirlis darb ainm SentiWordTweet cúrtha ar fáil ag taighdeoirí anseo i rith tréimhse na holltoghcháin i mbliana chun anailís a dhéanamh ar tweetanna #GE16 scríofa i mBéarla amháin. Faraor, níorbh fhéidir linn anailís a dhéanamh ar tweetanna seolta ag Gaeilgeoirí agus ní raibh a gcuid tuairimí feicthe ag na meáin nó an pobal.”

Deirtear nach raibh tuairimí na nGaeilgeoirí cloiste go náisiúnta agus an aidhm atá leis an taighde seo ná anailís a dhéanamh ar mheon úsáideoirí Twitter atá ag seoladh tweetanna i nGaeilge.

“Ní rud nua an cineál teicneolaíochta seo, tá uirlisí ann chun anailís a dhéanamh ar sentiment agus tuairimíocht tráchtais i dteangacha eile, na mórtheangacha go háirithe, ach níl an bogearra céanna le fáil do na mionteangacha ar fad.”

Tá cabhair de dhíth acu faoi láthair chun corpas tweetanna a aistriú.

“I dtaobh an taighde atá ar bun againn, tá sé fíorthábhachtach úsáid a bhaint as sluafhoinsiú chun obair a dhéanamh ar chorpas. Grúpa beag taighdeoirí atá againn anseo. Bhaineamar triail as sluafhoinsiú cúpla bliain ó shin nuair a bhí an Corn Domhanda ar siúl sa Bhrasaíl, Braziliator an t-ainm a chuirtear ar an uirlis. Aistriúcháin ar tweetanna faoin chomórtas a bhí ann.”

Tugadh faoi deara go raibh an éifeacht ag an mbealach seo chun obair a dhéanamh ar tionscadal ollmhór aistriúcháin agus cuireadh an rud céanna ar fáil d’aon duine ar spéis leo teachtaireacht na dtweetanna a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge nó a mhalairt de.

“Tá an sluafhoinsiú tábhachtach sa chás seo agus i gcásanna tionscadail taighde eile maidir leis an Ghaeilge. Tá straitéis nua ‘Phlean Dhigiteach don Ghaeilge’ le seoladh ag an Rialtas roimh dheireadh na bliana agus iad ag moladh úsáid an sluafhoinsiú chomh minic agus is féidir. Tá an t-ádh dearg linn in Éirinn go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge bródúil as an teanga agus go bhfuil suim acu cabhair a thabhairt dúinn.”

Má’s maith leat triail a bhaint as tweetanna a aistriú ó Ghaeilge go Béarla nó ó Bhéarla go Gaeilge, téigh go www.itranslateirish.adaptcentre.ie.

Áine Monk

Íomhá: ElegantThemes.com