Martin McGuinness; Fear na dTrioblóidí agus Fear na Síochána.

Laoch, sceimhlitheoir, tírghráthóir, saighdiúir, agus polaiteoir. Seo cuid de na hainmneacha a cuireadh, agus a chuirtear fós ar, Martin McGuinness. Níl amhras ar bith ann gurbh fhear conspóideach é a nochtaigh go leor díospóireachta i mbéal an phobail agus a nochtóidh sna blianta atá ag síneadh amach romhainn.

Bhí sé mar cheannaire ar an IRA le linn tréimhse na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann (na 1960idí ar aghaidh go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta 1998) agus deirtear gur ordaigh sé dúnmharuithe iliomad daoine Sasanacha; timpeall 1,800 acu, saighdiúirí agus sibhialtaigh araon, ach, d’fhéadfaí a rá freisin gur fear a bhí ann a bhí tiomanta i dtreo na síochána.

Ghlac sé ballraíocht san IRA i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1969 i ndiaidh d’airm na Breataine teacht i dtír chun déileáil leis an aighneas agus an foréigean a bhí ag eascairt as smacht idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh. Tar éis tamall áfach, ba léir dó go raibh an t-arm ar thaobh na bProtastúnach. Shíl sé go raibh sé ag cosaint a thír ó fhórsaí eachtracha agus bhí sé dubhdóite faoi cheannas na Breataine. Ghlac sé páirt i gcíréibeacha agus in eachtraí foréigneacha eile le linn na dTrioblóidí ach dar leis go ndearna sé seo ar mhaithe lena thír a chosaint agus cuireann sé seo a thírghrá agus a chrógacht in iúl dúinn.

Gan dabht is uafásach í an chogaíocht agus tarlaíonn rudaí uafásacha lena linn agus bhain eachtraí millteanacha leis an dá thaobh; na hAontachtaithe agus an IRA. Ar an 30 Eanáir 1972 mharaigh airm na Breataine 14 sibhialtach a bhí i mbun agóide síochánta ar mhaithe le cearta sibhialta a fháil i gCathair Dhoire, rud a chur go mór le daoine áitiúla ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí de chuid an IRA. Ar an lámh eile, ceann de na heachtraí ba mhó le linn na tréimhse dhainséaracha seo ná buamáil Brighton ar 12 Deireadh Fómhair 1984 nuair a rinne an IRA buamáil ar The Grand Hotel in iarracht Príomh-Aire na Breataine ag an am, Margaret Thatcher, agus a comh-aireacht a mharú. Níor éirigh leo ach maraíodh cúigear duine. Freisin gortaíodh 34 duine ann; bean chéile Lord Tebitt ina measc. Maítear gur ordaigh McGuinness, an t-ionsaí seo.

Ní raibh aon iontas ann mar sin nuair a dúirt Tebitt inné, le gliondar croí sa ghuth’s aige go raibh sé sásta gur cailleadh Martin McGuinness.

‘Is áit níos fear é an domhain inniu. Ba chladhaire ann nár íoc as a chuid coireanna. Mhaígh sé gur Chaitliceach a bhí ann, mar sin, tá súil agam go bhfuil fírinne le fáil ina chuid creidimh agus go mbeidh sé suite i gcúinne te in Ifreann go dtí deireadh ama.’

 

Is fada siar a théann iarsma an drochbhirt, ach, é sin ráite ní mar a shíltear a bhítear agus b’fhíor é seo i gcás Martin McGuinness. Cé go raibh baint aige le ré na dTrioblóidí agus na heachtraí foréigneacha a tháinig in éineacht leo d’éirigh leis é féin a thiontú isteach ina pholaiteoir agus ina thaidhleoir den scoth; rud a léirigh a chuid solúbthachta mar dhuine.

Bhí sé ina phríomh-idirbheartaí do Shinn Féin le linn na gcainteanna síochána sa Tuaisceart ag labhairt le ceannairí móra polaitíochta a bhí i gcoinne an IRA agus Sinn Féin; Ian Paisley (DUP) agus Tony Blair (Príomh-Aire na Breataine ag an am) ina measc. D’ordaigh sé an IRA deireadh a chur leis an troid sa bhliain 1994 agus bhí ról lárnach aige i gComhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Chomh maith leis seo bhí sé mar cheannaire Shinn Féin sa bhliain 2007 nuair a tháinig siad i gcumhacht leis an DUP, rud atá íorónta toisc gurbh iad an DUP agus Ian Paisley, a bhí mar Chéad Aire na tíre sa rialtas sin, príomh-naimhde an pháirtí sna blianta roimh ‘Ré na Síochána’. Bhí McGuinness ina Leas-Chéad Aire ón am sin go dtí mí Eanáir na bliana seo. Chuir sé an stair go hiomlán taobh thiar dó mar ba mhinic go nglaoití ‘The Chuckle Brothers’ sna meán ar McGuinness agus a chara faoin am seo, Ian Paisley.

Dúirt Ian Paisley Jr, mac le hIan Paisley faoi McGuinness: ‘Sílim go gcreideann na Críostaithe go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le conas a thosaíonn duine amach ar an saol, ach is tábhachtaí é conas a chríochnaíonn sé.’

Is ráiteas é seo a ritheann go smior i bhfágáil McGuinness, cé go bhfuil síocháin ann sa Tuaisceart tá stoirm pholaitíochta ag druidim ina treo; ba é an t-acht deireanach polaitíochta de chuid an Leas-Chéad Aire ná éirí as óna phost mar agóid i gcoinne scéim athnuachan fhuinnimh de chuid an ‘Chéad Aire’, Arlene Foster (DUP).

Chruthaigh seo teannas polaitíochta arís sa Tuaisceart mar chuir sé seo tús le holltoghchán; d’éirigh leis an DUP an chumhacht a fháil thar Shinn Féin le suíochán amháin sa bhreis acu thar a comhraic pholaitíochta ach fós níl aon réiteach ar rialtas ann go fóill, rud a bhfuil géarghá leis le Breatimeacht (Brexit) ag bogadh i dtreo na hEorpa agus an mí-chinnteacht polaitíochta agus eacnamaíochta a thiocfaidh leis. Aireoidh Tuaisceart Éireann taithí agus scil polaitiúla Martin McGuinness uathu sa chás seo.

Martin McGuinness, fear na síochána agus fear na troda. An polaiteoir agus an paraimíleatach. Fear a mhúsclaíonn go leor díospóireachta, ach fear a fhágann a oidhreacht go slán taobh thiar dó.

Conor O’Shea

Íomhá: IrishExaminer.com