Sraicfhéachaint ar Éifeacht Donald Trump i nDiaidh Míosa

Tar éis mí mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Meiriceá, tá sé soiléir go bhfuil Donald Trump dáiríre faoi na gealúintí tugtha aige nuair a bhí sé ag rith don ról i rith an tSamhraidh an bhliain seo caite.

Tá méid mór i ndiaidh tarlúint ónar ceapadh é agus cuid cinntí a bhfuil impleachtaí móra bainteach leo. Níl ach mí imithe ó shin, ach tá Meiriceá i bhfad níos difriúla anois.

Ceann de na céad athruithe a rinne Trump tar éis ceithre lá ná gur shínigh sé ord gealúint go mbeadh balla tógtha idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo. Dúirt sé i rith a fheachtais go mbeadh sé ag tógáil balla chun inimircigh neamhdhleathacha a choimeád amach as a thír, ach ní raibh aon duine cinnte an raibh fírinne leis an méid a dúirt sé. Le sin ráite, tá sé soiléir anois go bhfuil sé ar intinn aige leanúint le tógáil an bhalla ach ní fios d’aon duine cathain a thosóidh sé.

Ar thaobh an ghnó de, an cinneadh is tábhachtaí agus is rioscúla a rinne Trump ná d’fhág sé an TPP (Trans Pacific Partnership). Séard atá i gceist leis an TPP ná comhpháirtíocht idir 12 tír, an Astráil agus an tSeapáin ina measc, chun trádáil agus fás eacnamaíoch a fhorbairt i dtíortha na mball. Shínigh Barack Obama, Iar-Uachtarán Mheiriceá, an conradh le linn a sheal sa ‘White House’ agus chreid sé go gcabhródh sé le geilleagar agus trádáil Mheiriceá, ach bhí tuairim dhifriúil ag Trump, áfach, agus d’fhág sé an TPP.

Dúirt Trump nach raibh aon chúis go mbeadh SAM sa TPP agus go raibh sé níos tábhachtaí go mbeadh an bhéim ar na Stáit Aontaithe i gcónaí. Níor aontaigh sé leis an TPP toisc go raibh SAM ag tabhairt earraí agus rudaí eile tábhachtacha dos na tíortha eile agus cheap sé nach raibh siad ag fáil an dóthan ar ais i gcomparáid leis an méid a bhí siad ag cur amach. Léirigh sé i rith a fheachtas go mbeadh sé mar aidhm aige an chomhpháirtíocht a fhágáil nuair a cheaptar ina uachtarán é.

Nuair a chuir Trump cosc ar inimircigh agus teifigh ó 7 dtír éagsúla teacht chun na tíre ag tús Feabhra bhí uafás ann ar fud an domhain. Na tíortha a bhí i gceist ná: an Iaráin, an tSúdáin, an tSiria, an Iaráic, an Libia, an tSomáil agus Poblacht Éimin. Deirtear gur roghnaigh an tUachtarán na tíortha seo de bharr go bhfuil siad liostaithe mar thíortha a bhfuil sceimhlitheoirí iontu nó tíortha a bhfuil ag tabhairt cúnaimh do sceimhlitheoirí, de réir rialtais na Stáit Aontaithe.

Bhí fearg ar dhaoine go forleathan toisc nach raibh ach mionlach an mhionlaigh sna tíortha seo ag obair le sceimhlitheoirí agus iad ar fad sa chatagóir chéanna i súile rialtais Mheiriceá. Creideadh go raibh an cinneadh seo ciníoch agus go bhfuil Trump é féin ina chiníochaí. Toisc an cosc seo bhí agóidí ar fud an domhain agus faoi dheireadh cuireadh ar ceall an cosc ar feadh 120 lá de bharr rialú a rinne an chúirt fheidearálach.

Ní conspóideach eile a rinne Trump le déanaí ná shínigh sé ord a chuireadh deireadh le daoine trasinscne ag úsáid leithris an inscne lena gcomhcheanglaítear iad féin leis. Dúirt Trump agus na hoifigigh thartimpeall air nach bhfuil aon idirdhealú i gceist agus go ndearna siad an cinneadh toisc go raibh an dlí ró-theibí i dtaca leis an lucht trasinsnce agus bhí sé an-éasca do dhaoine mí-úsáid a bhaint as an míchruinneas seo.

Mothaítear tionchar na malairte seo den chuid is mó sna scoileanna toisc go gcreideann a lán scoileanna gur chóir go mbeidh daoine trasinscne ábalta an leithreas a oireann dóibh a úsáid. Tá daoine i gcoinne an dlí seo de bharr go bhfuil seans ann nach n-athróidh siad an dlí arís agus go mbeidh bac ar chearta na ndaoine trasinscne. Níl aon nuacht amach fós i leith forbartha leis an gcás agus níl aon ráitis suntasach i leith thodhchaí an lucht trasinscne.

Labhraíonn Trump faoi ‘Fake News’ i gcónaí ach thóg sé céim i gcoinne an ‘nuacht bhréagach’ an tseachtain seo caite nuair a chur sé cosc ar roinnt ghníomhaireacht nuachta teacht go seisiún faisnéise don phreas. Is iad CNN,The New York Times,Politico,Buzzfeed agus The Guardian na gníomhaireachtaí a cuireadh cosc orthu.

Tá na foinsí nuachta ag díriú níos mó ar Trump anois agus á chur i gcomparáid le deachtóirí difriúla de bharr an ghnímh seo agus tá agóidí beaga le feiceáil sna Stáit Aontaithe, líonta le daoine a bhfuil ar thaobh na meán.

Níl srian leis an méid cinntí conspóideacha déanta ag Trump agus a dhéanfaidh sé, ach is gá a cheistiú ‘an bhfuil sé ag smaoineamh i leith maitheasa mhuintir Mheiriceá?’ Cé go bhfuil fuath ag méid mór daoine dó agus dá pholasaithe, vótáil an tromlach dó agus tá slua chomh maith atá i bhfabhar an Uachtaráin.

Jordan Hussain

Íomhá: USAToday.com