Códúcháin, an teanga nua-aimseartha

 

Is féidir scileanna ar bith a fhoghlaim ar an idirlíon faoi na laethanta seo. Ní haon ionadh gur féidir le duine ar bith cúrsaí ríomheolaíochta a fhoghlaim ar shuíomhanna éagsúla. B’fhéidir gur ionadh gur féidir na scileanna seo a fhoghlaim trí-Ghaeilge agus saor in aisce.

Déan cuardach Google de ‘coding’ agus ‘Gaeilge’ agus tagann Code.org suas i dtús áite. Is suíomh idirlín bunaithe i Meiriceá seo a dtugann deis do dhaoine scileanna chódúcháin a fhoghlaim ag am ar bith agus ar do chaoithiúlacht.

Is eagraíocht neamhbhrúbasach Code.org. An sprioc atá leis ná achmhainní foghlama a chur ar fáil do chuile duine, ní amháin daoine atá ag tabhairt faoi chúrsaí riomhaireachta san ollscoil. Tá na daoine i gceannas ar Code.org dóchasach go gheallfar deis do dhaoine ó chuile áit triail a bhaint as codúcháin, go háirithe dreamanna mionlaigh timpeall na cruinne. Deir siad:

“Our vision is that every student in every school should have the opportunity to learn computer science, just like biology, chemistry or algebra.”

Urraithe ag Microsoft, Facebook, the Infosys Foundation, Google, Omidyar Network agus níos mó, tugann an chlár foghlama seo deis do chuile duine triail a bhaint as an gcódúcháin a fhoghlaim.

An rud is spéisiúil a thug mé faoi dheara nuair a chuaigh mé tríd an tsuímh ar dtús ná go raibh gach cúrsa ar fáil ann ar fáil trí-Ghaeilge araon le beagnach 50 teangacha eile. Is féidir cluiche a dhearadh go héasca nuair a leanfar na treoracha atá leagtha amach go soléir sna ceachtanna Code.org. Is féidir triail a bhaint as cluiche a chur le chéile, mar shampla, Flappy Bird, Frozen, Disney Infinity, Angry Birds agus Minecraft. Ta suil agam go mbíonn an-suim ag na daltaí a bheith mar dhearthóir de na cluichí mhóréilimh seo!

Tuigeann foireann ComputeTY an tábhacht a bhaineann leis an gcodúchán. Is clár oideachais do dhaltaí san idirbhliain ComputeTY a bhíonn ar siúl i mí Eanair go bliantiúil. Ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, tugann sé deis do dhaltaí meánscoile seachtain a chaitheamh san ollscoil ag foghlaim scileanna cóidríomhaireachta, dearadh gréasáin agus méarfhorbairt aipeanna. Freastalaíonn beagnach 400 daltaí ar an gclár chuile bliain. Is í Christine Stears stiúrthóir ComputeTY agus tuigeann sí féin an tábhacht a bhaineann le scileanna ríomhchlárú a fhoghlaim. Deir sí:

We have been looking at the statistics of ComputeTY and entrants into DCU 2 years on and can see some of these students are coming back to us in Computing as first year students to continue their journey in the world of programming.  Only recently two of our previous ComputeTY students (and now DCU students) have started their own Company (along with the winner of the 2017 BT Young Scientist’s Shane Curran), to develop their own robot to teach kids the basics of coding.  So it’s great to see that this Outreach Programme is paying off.”

Deir Gary Conway, stiúrthóir eile ComputeTY:

The idea behind ComputeTY is to de-mistify Computer Science for TY students so that they can make a more informed decision when they come to filling in their CAO forms in a few years. We have designed the courses to be as fun and as creative as possible with students leaving DCU with a professional website, android app or programming skills under their belt to show their friends and family. This year we were able to completely redesign the programming stream with the help of Bank of Ireland, to switch over to teaching the students Python programming using the very cool and very tiny BBC Micro:bit computer. Ultimately, we hope that they get bitten by the tech bug and return to DCU in two years time to study Computing here.”

Ba theagascóir ComputeTY í Meghan Dowling i mbliana, agus í mar iarrthóir PhD freisin í san Ionad ADAPT, ceann de na hurraitheoirí.

“Mhúin mé an modúl Buntús Ríomhchlárúcháin ar champas Glas Naíon, OCBAC. Bhí timpeall daichead daltaí idirbhliana sa rang a bhí agam, idir buachaillí agus cailíní. Is ábhar an-difriúil é ríomhchlárú, agus tá baint aige le scileanna ‘fadhbréiteach’ thar rud ar bith eile. Mar sin, rinne mé iarracht smaointeoireacht fadhbréiteach a spreagadh sna daltaí meánscoile ‘in a fun and friendly environment.’” a deir sí.

Má tá suim agat na scileanna thuasluaite a fhoghlaim saor in aisce agus ar do chaoitiúlacht, tá na ceachtanna ar fáil ar www.code.org agus m’ás rud é go bhfuil spéis agat i gcúrsaí ComputeTY, is féidir teagmháil a dhéanamh le Christine Stears ag Christine.stears@dcu.ie.

Áine Monk