Mo Thaithí Le Néaltrú

Beidh mo sheanmháthair ochtó hocht mbliana d’aois Dé hAoine agus tá néaltrú uirthi. Beidh muid ag ceiliúradh a breithlá an tseachtain seo agus ag cuimhneamh ar an mbean a raibh aithne againn uirthi roimh theacht an ghalair Alzheimer . Ba bhean neamhspleách í i gcónaí, le freagrachtaí na clainne fágtha di agus gan ach sé bliana déag slánaithe aici. Anois, de bharr an néaltraithe braitheann sí ar mhaireachtáil chuidithe chomhthimpeallach. Ní ullmhaíonn sí béilí níos mo, ní féidir léi dul ag siopadóireacht ina haonar agus ní dhéileálann sí lena hairgead féin. Mar a deir speisialtóirí, tá sí ‘in a state of profound mental confusion.’

Bíonn comharthaí le feiceáil inti i gcónaí: dímheabhair, í gan a bheith in ann cuimhneamh ar thascanna laethúil, fadhbanna a réiteach, malairtí theanga agus iompraíocht. Le himeacht aimsire éiríonn an mearbhall níos doiléire. Thosaigh mearbhall ar mo sheanmháthair leis an teilifís, í ag labhairt faoina bheith ag freastal ar chóisir leis an bhfoireann aisteoirí ‘Corononation Street’, ag dul i ngleic le mangaire drugaí nó drong coirpeach nó ag cur a teach ar dhíol chun páirt a ghlacadh sa chlár ‘A Place in the Sun’, ach d’éirigh sé dáiríre nuair a tháinig síorimní uirthi. Thug sí faoi deara nach bhfuil gach rud i gceart nuair a d’fhiafraigh sí de mo mháthair; ‘An bhfuil m’aigne ag dul in olcas?’

Tá caoga cúig míle duine in Éirinn ag maireachtáil le néaltrú. Tá tionchar ag an ngalar ar leath mhilliún teaghlach Éireannach, de réir an tsuímh idirlín Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Ní thuigeann duine as gach ceathrar cad is néaltrú ann, nó ‘an galar díchuimhne’ curtha air uaireanta, dar leo. An tsainmhíniú oifigiúil a thugann an FSS air ná: Is réimse d’airí é de ghalair inchinne. Téann sé i bhfeidhm ar an meabhair, an iompraíocht agus tascanna laethúil a dhéanamh as do chumas féin.

Ceapann cuid daoine nach mbíonn an néaltrú in aon duine faoi sheasca bliain d’aois, ach tá deich faoin gcéad de dhaoine ag maireachtáil leis an ngalar faoi sheasca. Tá ceithre phríomhchineál de néaltrú ann agus tá ceithre céad cineál eile den ghalar aimsithe ag eolaithe agus dochtúir, ach gan ainm curtha orthu. Is é Galar Alzheimer an ceann is cáiliúla agus an chúis is coitianta de néaltrú le dhá thrian de chásanna cúisithe aige. Is de thoradh barraíochta próitéine san inchinn an Galar Alzheimer nach ligeann di feidhmiú i gceart. Foilsíodh ‘World Alzheimer Report’ sa bhliain 2015 agus dúradh go raibh beagnach 47 milliún daoine timpeall an domhain  ag streachailt leis an néaltrú. Tá na figiúirí seo ardaithe agus feictear go gcuireann sé an-bhrú ar sheirbhísí sláine na tíre.

Labhraíonn Phil Hope, iar-aire cúraim na Breataine, faoin chostas ar an domhan sa phodchraoladh ‘The New York Academy of Sciences.’  Is í aidhm na sraithe ná tuiscint níos fearr a fháil ar na galair bainteach leis an néaltrú. Nochtann Hope go raibh an costas domhanda 604 billiún dollar orainn ar mhaithe le cúram néaltraithe agus ní ansin a stopfaidh sé. Tá sé geallta ag rialtas na Stáit Aontaithe Meiriceá go mbeadh trilliún dollar eile ag dul chuig an ngalar roimh 2050, ó thaobh eolais de agus staidéar a dhéanamh air, ag léiriú nach bhfuil an dóthain eolas againn ó thaobh an tseadáin de.

Tá roinnt seirbhísí ar fáil in Éirinn do na hothair agus dá gclanna. An dá phriomheagraíocht ná ‘Cumann Alzheimer na hÉireann’ agus ‘Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte’(FSS). Tugtar uimhir fhóin cabhrach ar an gcéad shuíomh ina theannta le lárionaid laethúil, eolas ar ghrúpaí tacaíochta, clubanna sóisialta, seans don othar iontráil chun go bhfaigheadh siad faoiseamh agus conas cúntóir baile a fháil cabhrú timpeall an tí.  Áfach, déantar dearmad ar chlinic cuimhne a lua, áis iontach do dhaoine ag maireachtáil le néaltrú agus iad níos óige ná 65 bliain d’aois. Is clinicí neamhspleách iad ar leis an aidhm comharthaí a aithint go luath agus malairtí a dhéanamh ar an ngalar agus cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi thionchar an néaltraithe. Níl ach seacht n-ionad déag in Éirinn, le seacht lárionad bunaithe i mBaile Átha Cliath.

Tugann an FSS cistiú do na clinicí, agus cheapfá go mbeidís saor in aisce do na hothair, ach cinnte go bhfuil breis airgid ag teastáil. Níl ach ionad amháin bunaithe san Iarthar, i gcontae Mhaigh Eo, na ceantair mórthimpeall uirthi, Contae na Gaillimhe, Dún na nGall agus Ciarraí, gan clinic cuimhne ar bith ar fáil agus ar a laghad dhá mhíle duine le néaltrú tréigthe i ngach contae ag an gcóras in ainneoin an luacha agus rath a thugtar ar na clinicí seo, de réir ‘Dementia.ie’. De réir píosa déanta ag ‘The Irish Times’, thug an FSS deich milliún euro do Chumann Alzheimer na hÉireann sa bhliain dhá mhíle is a trí déag.

Chuir Phil Hope ceist shuimiúil sna podchraoltaí ‘Dementia Decoded’ agus d’fhan sí liom: An í easpa airgid an fhadhb nó oiriúint an chórais sláinte claon nua-aimseartha a chur air agus b’fhéidir go laghdóidh an costas ar an gcóras? Grinniú an-spéisiúil ar fad ó thaobh an Uasail Hope de

Méabh Riordan

Íomhá: Brooklynn P. (mystorybook.com)

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.