Scéal Taighdeora ADAPT DCU

Rinne Áine Monk agallamh le taighdeoir anseo in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Meghan Dowling.

 

“Is taighdeoir mé san Ionad ADAPT i DCU, agus beidh mé ag tabhairt faoi chéim dhochtúireachta i gceann cúpla mhí san ionad céanna. Anois, táim ag caitheamh dhá mhí thar lear sa Spáinn ar “iasacht”, ag obair i gcomhlacht darb ainm “Prompsit Language Engineering.” a dúirt Meghan, agus í tar éis tosú ar obair i mbun na dochtúireachta.

 

Thug Meghan faoi chéim i gColáiste na Tríonóide agus í ag tabhairt faoi ríomheolaíocht agus teangeolaíocht na Gaeilge. Ba spéis léi a bheith ag obair i dtaobh cúrsaí ríomhaireachta agus cúrsaí Ghaeilge nuair a bhí sí ina dalta meánscoile:

 

“Roghnaigh mé an cúrsa sin mar bhí an-suim agam sna ríomhairí, ach níor mhaith liom fáil réidh leis an nGaeilge. Dúirt mé an méid sin le mo mhúinteoir gairmthreorach agus mhol sí an cúrsa sin dom. Chomh luath agus is léigh mé an cur síos bhí a fhios agam gurb é an chúrsa domsa.”

 

Ní chainteoir dhúchais í, ach tá grá aici dá teanga na hÉireann. An chomhairle atá aici do dhaoine eile a bhfuil ag iarraidh tabhairt faoin ábhar nó faoi chúrsaí taighde a bhaineann leis ná:

 

“Caithfidh grá don teanga a bheith agat. Ní chaithfidh tú a bheith i do Ghaeilgeoir ó dhúchas: má tá na scileanna ríomheolaíochta agat, agus caighdeán maith Gaeilge, beidh tú ar do chumas an taighde seo a dhéanamh. Ach is é an rud is tábhachtaí ná suim agus grá don Ghaeilge.”

 

Thosaigh sí ag obair mar intéirneach in ionad taighde agus is as sin a thosaigh sí ag obair mar thaighdeoir:

 

“Ónar tháinig mé go dtí an t-Ionad ADAPT anuraidh, bhí mé ag obair ar thionscadal darb ainm Tapadóir.”

 

Baineann tionscadal Tapadóir leis an ríomheolaíocht agus an Ghaeilge, an dá rud a rinne sí staidéar orthu ar an ollscoil:

 

“‘Séard atá i gceist le Tapadóir ná tionscadal aistriúcháin uathoibríoch Gaeilge-Béarla atá ina húsáid le haistritheoirí ghairmiúla sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.”

 

Is féidir an uirlis a úsáid chun feabhas a chur ar an bpróiseas a bhaineann le haistriúcháin Gaeilge go Béarla agus a mhalairt de:

 

“Is é an aidhm atá le Tapadóir ná cabhair a thabhairt d’aistritheoirí a chuid oibre a dhéanamh níos tapa, mar dar le hacht na dteangacha 2003, caithfidh gach cuid den eolas phoiblí a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Thaitin an tionscadal seo go han-mhór dom agus ba mhór an deis é a bheith ag obair le foireann den scoth anseo san ionad ADAPT.” a deir Meghan

 

Tá sí agus foireann taighdeoirí na Gaeilge san ionad taighde ag iarraidh seirbhísí níos fearr a chur ar fáil i nGaeilge, chun an teanga a chur ar an leibhéal céanna de na mórtheangacha eile, in ainneoin go bhfuil an Ghaeilge mar mhionteanga Eorpacha:

 

“Baineann mo chuid taighde le teicneolaíocht na Gaeilge, go háirithe aistriúcháin uathoibríoch na Gaeilge. Is é an aidhm atá agam ná an Ghaeilge a bheith ar an leibhéal céanna ná teangacha móra eile, maidir le teicneolaíocht.”

 

Bhí intéirneach ag obair in éineacht le Meghan i rith an tsamhraidh. Rinneadh obair ar chóras uathcheartaigh d’fhóin cliste agus d’oibrigh siad le Coláiste Lurgan chun an feidhmchlár a thaispeáint ar chlár TG4 le déanaí.

 

Áine Monk

Íomhá: Emily McKenzie

 

 

 

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.