An fhadhb nó an chabhair í Sraith Sacair na hÉireann?

Ábhar achrannach atá ag déanamh scime de lucht leanúna sacar na hÉireann le fada an lá  is í Sraith SSE Airtricity. Níl dabht ar bith faoi go bhfuil tuairimí mhuintir na hÉireann scartha maidir leis an tSraith. Ó Chorcaigh suas go Doire tá iad siúd a amharcann ar chuile chluiche beo; a théann amach ag breathnú ar a gcuid foirne ó cheann ceann na seachtaine cuma cén aimsir atá ann ach is mionlach beag de mhuintir shacair na tíre iad seo faraor.

Is minic go bhfeictear daoine ag siúl timpeall na háite chuile lá agus iad gléasta i ngeansaithe Manchester United , Liverpool agus Arsenal . Gach deireadh seachtaine téann na daoine seo chuig an teach tábhairne le breathnú ar na foirne seo ar an teilifís , alpann siad siar na piontaí agus screadann siad in ard a ngutha ar Pogba , Zlatan agus Coutinho . An bhfuil na mothúcháin céanna acu is atá acu siúd a bhíonn ann ag na cluichí ag breathnú ar a bhfoirne féin? Ní dóigh liom é.

Glaoitear ‘An lucht leanúna is fearr ar domhan’ ar mhuintir sacar na hÉireann i ndiaidh gach turnaimint idirnáisiúnta a nglacann Éire páirt iontu ach ní théann formhór acu siúd le breathnú ar chluiche sa tsraith SSE Airtricity. Maíonn an chuid is mó acu nach bhfuil caighdeán an tsacair maith go leor agus nach bhfuil bonneagar na sraithe ar ardchaighdeán. I 2013 mhaígh bainisteoir na hÉireann Giovanni Trappatoni ag an am : ‘In Éirinn níl sraith ar bith ann.’

Ní fhaigheann formhór na foirne sa tsraith ach timpeall 1,000 duine isteach trí na geataí gach seachtain ar an meán ach in ainneoin na deacrachtaí atá ann tá an tsraith Airtricity fós ag seasamh go hard . Gan dabht ar bith is cabhair mhór don fhoireann náisiúnta í Sraith Airtricity.

Ní gá duit ach breathnú ar fhoireann sacar na hÉireann chun an fhianaise de seo a fheiceáil . As an scuad a bhí acu d’Euro 2016 bhí ocht n-imreoir a tháinig agus a d’imir sa tSraith Airtricity ; Seamus Coleman , Stephen Ward , Wes Hoolahan , James McClean , David Meyler , Stephen Quinn, Daryl Murphy agus Shane Long . D’fhéadfaí argóint go bhfuil Hoolahan an t-imreoir is fearr d’Éirinn faoi láthair agus rinne sé a phrintíseacht le Shelbourne .

Ní gearráin dom scríobh faoin tSraith agus a tábhacht don fhoireann náisiúnta gan foireann iontach Dundalk FC a lua. Airím go bhfuil fir Stephen Kenny an fhoireann is fear a chonaic mé imirt sa tsraith ariamh. Táthar ag imirt sa Chraobh FAI agus mé ag scríobh é seo. Is ábhar bróid iad i mbéal phobail na Sraithe faoi láthair toisc go bhfuil siad tar éis na ráitis faoi ‘ísealchaighdeán’ a shárú trí cháiliú do ghrúpaí Europa League agus torthaí iontacha a fháil i gcoinne a leithéid de BATE Borisov , Maccabi Tel-Aviv agus AZ Alkmaar. Tá siad ar tí éalú ón ngrúpa isteach go dtí an chéad bhabhta eile. Níor éirigh le foireann Éireannach teacht chomh fada le seo riamh.

Tá beirt imreoir ó Dundalk , Daryl Horgan agus Andy Boyle, i bhfoireann Martin O’Neill don chluiche mór i gcoinne na hOstaire . Seo an chéad uair dóibh agus tá sé tuillte go mór acu, Horgan ach go háirithe. Tá ráflaí ann go bhfuil Horgan le himeacht trasna na farraige chun na Breataine le himirt do Newcastle atá faoi stiúir Rafael Benitez. Bhí cúl báire Dundalk , Gary Rogers i roinnt foirneacha Éireannacha freisin.

Airím go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an tsraith Airtricity don fhoireann náisiúnta. Leis an nGearmáin imríonn formhór dá cuid imreoirí sa Bundesliga seachas cúpla duine acu ach leis an bhfoireann Éireannach imríonn gach duine acu i sraitheanna eachtracha ón MLS i Meiriceá go dtí an Premier League sa Bhreatain go hiondúil. Is minic nach mbíonn imreoir ar bith ónár sraith féin ann ar chor ar bith , rud a chuireann soir mé.

Tá  imreoirí ag imirt in Éirinn faoi láthair gur chóir seans a thabhairt dóibh san fhoireann náisiúnta. Tá roinnt acu le Dundalk cosúil le  Seán Gannon ,Horgan, Brian Gartland, Boyle, Dane Massey agus Patrick McEleney. Fiú tá Christy Fagan le Pats agus Greg Bolger le Corcaigh maith go leor le seans a fháil sílim . Is cóir do Martin O’Neill seans a thabhairt dóibh i gcluiche cairdiúil.

Ar an iomlán , cé go bhfuil deacrachtaí fós ann maidir le hairgead , bonn-eagar agus easpa tacaíochta in Éirinn don Sraith Airtricity tá foirne ar nós Dundalk ann atá ag sárú na deacrachtaí seo . Is gá don FAI níos mó infheistíochta a dhéanamh chun cabhrú leis na clubanna ; ní fhaigheann buaiteoirí na sraithe ach €110,000, trian den airgead a thuilleann John Delaney gach bliain. Freisin , caithfidh na clubanna níos mó fógraíochta a dhéanamh chun daoine a mhealladh teacht ag na cluichí.

Sraith SSE Airtricity, lán le deacrachtaí ach lán le poitéinsiúil chomh maith. Tá beocht sa dóchas.

 

Conor O’Shea

Íomhá: FAI.ie

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.