Laoch ar an bPáirc, Laoch ar an Sráid

An Corn Heineken ardaithe go bródúil san aer aige, bhí Anthony Foley, nó Axel mar a tugadh air, agus 50,000 duine de dhílseacht Mumhan eacstaiseach ar an lá eisceachtúil i stair rugbaí na hÉireann i 2006. Díreach deich mbliana chun tosaigh agus tá muintir rugbaí an domhain ag fágáil slán le hiar-chaptaen a chúige agus bainisteoir na foirne sular cuireadh ar shlí na fírinne é agus fós ina óige ag 42 bliain d’aois. Chorpraigh Foley féinsmacht sa rugbaí, gan ach cárta buí amháin faighte aige ina ghairmréin fada agus bhí an-tionchar aige ar an nglúin is déanaí d’imreoirí, le CJ Stander, uimhir a hocht do Mhumhain faoi láthair, ag léiriú ómóis dó le stádas Facebook ag rá “Axel..I’ve got you to thank for the rugby player I am and aim to be”.

“Cad as a dtagann meas na mílte ar Foley?”, a cheisteodh duine. Bhí pearsantacht mhaighnéadach aige agus bhrú a phaisean agus a ghrá don spórt iadsan mórthimpeall air chun go mbeidís abálta a spriocanna a bhaint amach chomh maith. D’éirigh leis foireann Mumhan a stiúradh chun an choirn Heineken den chéad uair ina stair in 2006, bhí sé mar bhall d’fhoireann mionúr an Chláir san iománaíocht agus bhí ina fhear clainne. Ghathaigh an fathach fuineamh dhearfach agus bhí seo le feiceáil lena  oireas spóirt.

Rugadh ar an 30ú lá de mhí Dheireadh Fómhair 1973 Anthony Foley do Brendan agus Rosie, iarimreoirí rugbaí d’Éireann chomh maith leis, i gcontae Luimnigh. Cé go raibh sé ina Luimníoch, thosaigh sé ag imirt peile Ghaelach agus iománaíocht don chlub Smith O’Briens i gCill Dalua, Contae an Chláir. Cosúil le réimse leathan d’imreoirí rugbaí Éireannach, Shane Horgan agus Mick Galwey ina measc, chabhraigh an pheil leis a scileanna a fhorbairt agus a thuiscint ar spás a fheabhsú,

D’fhreastail sé ar an gColáiste Naomh Munchin agus d’imir sé ar phainéal an Choirn Shóisearaigh agus Shinsearaigh rugbaí ar a son. Bhí fuil dhearg Mumhan ag sreabhadh trína chorp go huile agus go hiomlán agus tagann an tseanráiteas sin chun aigne – “Irish by birth. Munster by the grace of God”.

Tagann bás an fhir óig go hanabaí agus baineadh geit mhór as an domhan rugbaí lena imeacht, gan srian leis an méid measa léirithe dó. Cuireadh ar ceall an cluiche an lá dár gcionn idir Mumhain agus Racing Metro 92 sa Fhrainc  agus bhí tréimhsí ciúnais ann trasna na hEorpa roimh chluichí an deireadh seachtaine, idir an rugbaí agus Cluichí an Chumainn Lúthchleas Gael.

Fágann Foley a bhean, Olive, agus a bheirt mhac lena oidhreacht a iompar agus is mór an tasc sin toisc stádas an fhir, ach guím gach rath ar an gclann agus cuimhním orthu le linn an tréimhse dúshlánach seo.

 

Cal Ó Donnabháin

Creidmheas: St Munchin’s College

 

 

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.