Ceol Gan Chostas (Ró-Ard!)

Suite sa chistin thar phionta, solas na gréine a bhí ag éirí ag soilsiú ar mo chloigeann tuirseach, bhí mé ag plé le mo thuismitheoirí na ceolchoirmeacha ar a fhreastal muid orthu thar na blianta agus an costas a bhí orthu. Bhí suim agam i gceol na n-ochtóidí i gcónaí agus sílim go fóill go bhfuil sé dochreidte go raibh mo mháthair agus m’athair ag seó Depeche Mode nár chaith siad ach £10 ar thicéid, iad ag seinm in SFX i mBaile Átha Cliath agus i Halla an Bhaile i gcontae Chorcaí tráth. Spreag sé sin ceist ionam, mise ag fiosrú ‘an chóir duit €70 a íoc ar thicéad don 3Arena chun go mbeidh oíche den scoth agat?’. Is cosúil nach gá, le mo thaithí ar aon nós.

Is é cuardach na dticéad an t-aon áit a h-oireann mo dhrogall airgead a chaitheamh dom toisc go mbím ar thóir na gceolchoirmeacha is saoire ach áit a bhfuil caighdeán ard le feiceáil. Tá barraíocht clubanna agus ionaid sa chathair inar féidir leat ceoltóirí a fheiceáil ar chostas íseal agus rachaidís in iomaíocht leis na seónna móra costasacha. I mí Aibreáin na bliana seo bhí an t-ádh orm teacht ar an mbanna “The Slow Readers Club” as Manchain, iad ag cur ceolchoirme ar fáil in “Workman’s Club” ar ché Wellington. Níor chaith mé ach €7 ar an ticéad agus ba hé sin an €7 is fearr caite riamh agam.

D’oscail banna as príomhchathair na tíre seo dóibh, “Brass Phantoms” a chuireann siad orthu féin, agus ansin tháinig taispeántas leictrea-phap na ndúchasach Sasanach, soilse lonracha glasa agus bándearga ag splancadh leis an gceol. San ionad beag agus an t-atmaisféar leictreonach sin ní fhéadfadh duine comparáid a dhéanamh le haon cheolchoirm i bPáirc an Chrócaigh nó san Aviva, achan mac máthair sioncronaithe agus gan ach an ceol ar intinn acu le linn na huaire an chloig sin.

Uaireanta is fearr amhránaí a fheiceáil in ionad beag ná iad a fheiceáil i bpáirc mhór oscailte sa chaoi go bhfuil a graíúlacht féin ag an seó beag agus bíonn sé níos dlútha. Toisc méid na n-ionad chomh maith, ní gá daoine a fhostú chun an áit a ghlanadh agus ní gá lucht slándála a fháil agus le sin ní bhrúitear praghsanna na dticéad in airde agus ní bhuaileann sé ró-dhona an sparán!

Lonnaithe ar ché Ormond, ní féidir neamhaird a dhéanamh le rí na gceolchoirmeacha saora, Sin É. Ag léiriú ómóis dár dteanga dhúchas lena ainm, is beár den chéad scoth é inar féidir leat pionta beorach ceardaíochta a fháil agus aon seánra ceoil ó rac crua go snagcheol go ‘grime’ a chloisteáil. Meallann freastalaithe cairdiúla agus comhthimpeallacht séimh na háite custaiméirí gach aon oíche ach ní bhíonn streachailt ann i gcomhair suíochán ach an oiread. Oíche chompordach a bhíonn ann agus fágann tú an t-ionad seo lán le saibhreas an cheoil díreach cloiste agat.

Sin É - Facebook

Tugann an suíomh Dublinsessions.ie deis duit súil a choimeád amach dos na ceolchoirmeacha beaga seo mura féidir leat dul ar a dtóir go leanúnach. Ó am go ham aimseoidh tú eolas ar na taispeántais ar a leithéid de Facebook agus Twitter ann, ach is féidir cúig nóiméad a chaitheamh ar an suíomh iontach seo agus do mhí a leagan amach díreach uaidh, é ag tabhairt láithreach an cheoil duit, dáta an taispeántais agus cén t-am a thosaíonn sé. Má thógann tú ní amháin as an airteagal seo, cuirfidh tú dublinsessions.ie mar ‘Bookmark’ ar do ghléas!

Dom féin, cé go bhfuil suim faoi leith agam sa rac-cheol ailtéarnach agus an leictrea-cheol, ní fhéadfadh tréimhse a chaitheamh i mBaile Átha Cliath gan turas go “Opium Rooms”. Gan ach costas thart ar €8 ag an doras, tiocfaidh tú ar dhá mhórsheomra ina ina bhfuil dhá cheirneoir dhifriúil ag seinm, an seomra laistigh i gcónaí níos troime ná an seomra lasmuigh. Cé nach gcaithim, taitníonn an halla leis an díon oscailte go mór liom toisc go mbíonn teasairí ann, bíonn gach éinne ag labhairt ‘s ag damhsa leis an gceol agus bíonn an-atmaisféar ann. Chomh maith leis an ngné chompord de, tá na soilse go hiontach anseo, le dhá sholas i gcruth diamaint, agus luítear isteach go mór ar na céadfaí.

Ní fhéadfainn críoch a chuir leis an sliocht seo gan tagairt a dhéanamh den áit is fearr don cheol gan costas ró-ard i mBaile Átha Cliath – “Whelan’s” ar Shráid Loch Garman. Beár mór millteach, frapaí agus troscáin ailtéarnacha agus seónna fíorálanna le fáil san ionad réasúnta beag seo. Tá cúis ann go bhfuil ceithre réalta faighte aige ar Yelp.ie agus ní mór dul ann uair nó dhó lena dhraíocht a mhothú duit féin. Cuireann “Whelan’s” agus a leithéid de “The Academy”, Sin É agus na hionaid seo ina bhfuil ceol beo ar fáil inár gcathair bhreá in iúl dúinn nach gá duit do rathúnas a chaitheamh ar thicéid go harrachtaí an domhain cheoil agus b’fhéidir go smaoineoidh tú sula seasann tú sa scuaine fhada lasmuigh do Ticketmaster in Ionad Siopadóireachta Fhaiche Stiabhna!

 

Cal Ó Donnabháin 

Íomhánna: Pexels.com 

                  Sin É Facebook

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.