Stailceanna Bus – Dhá Stór leis an mBus Dhá Stór

Le costas ceithre mhilliún Euro ar Bhus Átha Cliath ó thaobh stailceanna na dtiománaithe de agus iad ag cur as d’imeachtaí laethúla muintir na cathrach, bheadh sé deacair don té nach de thaobh na dtiománaithe dóibh comhbhrón a mhothú i leith fostaithe an chomhlachta. Le 13 lá eile de ghníomhú thionsclaíoch agus laethanta sa bhreis le teacht mura féidir teacht ar réiteach, fanann daonra Bhaile Átha Cliath agus an cheantair go himníoch ar aon nuacht dhearfach, an comhlacht d’fhochuideachta “Córais Iompair Éireann” dóibh ag glacadh leathanaigh as leabhar luchta LUAS.

Tháinig deireadh le hagóid LUAS i mí Mheithimh na bliana seo le hardú pá dos na tiománaithe- ag fás 18.3% thar ceithre bliana. Cuireadh tús leis an stailc go moch maidin Dé Déardaoin, an 8ú lá de mhí Mheáin Fómhair agus níl deireadh le feiceáil amach anseo leis an díospóireacht chomh garbh agus mar a bhí ó thús na míosa seo caite. D’fhreagair na tiománaithe tacsaí HAILO an t-éíleamh, comaitéirí tréigthe i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath slánaithe acu, ach ní fiú é mar mhodh chun d’airgead a shábháil toisc go bhfuil costas ar a laghad €3.60 sula gcuirtear cos le troitheán.

Cad a cheaptar faoi sin? Bhuel aontaíonn ionadaí an cheardchumainn Bhus agus Iarnróid, Dermot O’Leary, go hiomlán leis an gcinneadh, ach is cosúil nach dteastaíonn sé ó lucht taistil an bhus go mbeadh cnuasach de tháillí tacsaí íoctha acu ag deireadh na míosa.

Deirtear go bhfuil tionchar ag na stailceanna ar gar le 400,000 duine achan lae, ó thaobh tráchta de agus de bharr easpa busanna. In ainneoin an jab déanta ag na hoibrithe, rinneadh ‘TheJournal.ie’ suirbhé i rith na seachtaine seo caite (12-18ú Meán Fhómhair) ar thuairimí an phobail i dtaca leis na stailceanna agus na tiománaithe agus léirítear nach n-aontaíonn ach 34% den slua a thóg an suirbhé leis an gcinneadh, go rachaidís ar stailc. Leis an tromlach ina gcoinne, 66% le bheith cinnte, ní bheadh sé deacair tuiscint nach bhfuil mórán duine sásta leo.

Ag labhairt le tiománaí Bhus Átha Cliath, nochtadh tuairim an taoibh eile den agóid, tuairim an sceilpín gabhair. Deir sé nach as an ngnáth gur tháinig an stailc seo: “The strike hasn’t been a long time coming, realistically we (na tiománaithe) only voted for strike action in August so they’ve known about it for a month. However, 8 years ago the drivers were promised a 6% pay rise, but when recession hit we voted to put the raise on hold until the company were back in profit in order to save 300 jobs of the newest employees.”

Cé gur léirigh na tiománaithe go raibh siad neamhleithleach, ag déanamh iarrachta poist na dtiománaithe nua a shábháil agus chuaigh a bhfostóirí i dtír orthu. Tharla an méid seo go rúnda i ngan fhios don phobal agus is de bharr na rúndachta seo a chaill siad a n-inchreidteacht. Tá na tiománaithe ar thóir an airgid sa bhreis a bhí geallta dóibh 8 mbliain ó shin, agus is eolas é seo nach bhfuil le feiceáil ag an bpobal, ach rud a athródh an seasamh poiblí go mór.

Tá siad ag tuilleamh brabúis le dhá bhliain anuas, áfach, gar le €23 milliún ag teacht isteach sa chomhlacht agus gan an t-ardú pá geallta tagtha go fóill chucu.

Teastaíonn cúig déag faoin gcéad ardú pá thar trí bliana uathu agus dealraíonn sé gur ghealladh méadú pá sé faoin gcéad dóibh, íocaíocht iarchurtha ab ea nach bhfuair siad de thoradh na géarchéime airgeadais.
Ag cur críoch lena ráiteas, deir an tiománaí “The workers don’t feel that 6% is enough after 8 years and are pushing for more which is fair enough especially with the cost of living increasing so since their pay freeze”.

Scaoil bord bainistíochta Bhus Átha Cliath ráiteas ag cur le fios go ndéanfaidís a ndícheall gan cur isteach ar an bpobal agus an tseirbhís, ach is gá dóibh más mian leo a bpointe a bhrú ar an gcomhlacht. Áfach, leagadh plean amach de mhí stailceanna i Mí Dheireadh Fómhair. De réir an sceidil luaite, ní bheidh busanna ar fáil ón gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair agus dhá lá déag á leanúint roimh dheireadh na míosa.

Ar an taobh is fearr do mhic léinn DCU, chuaigh aontas na mac léinn i dteannta le ‘City Swift’ chun go mbeadh modh iompair ar fáil dóibh campas an choláiste a shroicheadh gan stró ná impleacht na stailceanna. Beidh na busanna ag fágáil ó: Sráid Dhásain, Sráid an Phiarsaigh, Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Droim Chonrach i lár na cathrach. Baileoidh na busanna seo mic léinn ag 8:45 agus 9:45 ar maidin na stailceanna agus fágfaidh siad DCU ón 4:05 agus 5:05 san iarnóin. Tá costas breá saor ar an tseirbhís freisin le turas singil ar €3 agus ticéad fillte ar €5.70. Le sin, tá breis eolais le fáil ar shuíomh DCU nó CitySwift i leith na seirbhíse seo.

Méabh Riordan

Íomhá: Des Ó Murchú

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.