Vale Tudo: Ón bpúirín go dtí an pálás.

Neadaithe sna sléibhte agus sna cnoic in Rio de Janeiro, is monarchan de chineál éigin iad na ‘Favelas’, as a dtagann an mhéid is mó de iomaitheoirí sa chomórtas ealaíne chomhraic mheasctha is mó ar domhan ná aon áit eile. Tá cultúr troda cláiraithe i mball na gceantair seo ó bhreith agus bíonn bua acu nach mbíonn chomh flúirseach in aon chathair eile, ainmneacha cosúil le Vitor Belfort, Royce Gracie agus Gabriel Gonzaga ag cur béime ar ainm an chathair dhraíochta seo. In ainneoin go bhfuil na lúthchleasaithe seo ag troid ar son na corparáide UFC ( Ultimate Fighting Championship) sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, is as comórtas ina dtír féin agus iad ag treenail dó a thagann traidisiún troda na mBrasaíleach: Vale Tudo.
Is Portaingéilis “Vale Tudo” ar an ráiteas trí mheán an Bhéarla “Anything Goes”. Bunaithe sna slumaí, thug Vale Tudo deis do dhaoine ag streachailt leis an dÍfhostaíocht a gcuid am a chaitheamh i mbun traenála agus ag troid ar son airgid. Toisc go raibh – agus go bhfuil fós – na ceantair seo fite fuaite leis an gcoiriúlacht agus an chaimiléireacht, chuir Vale Tudo béim ar onóir an iomaitheora agus meas a léiriú ar an duine a raibh os a gcomhair.
De réir Sherdog.com, an suíomh is mó ó thaobh na ealaíne chomhraic de, is féidir an comórtas a leanúint siar chomh fada leis an mbliain 1914, nuair a thuirling saineolaí judo Seapáineach an Bhraisíl chun a eolas ar ealaíona comhraic eachtrannacha a fhorbairt agus é ag scríobh dialann ar a thuras. Ba mhúinteoir ar Carlos Gracie é, duine ceaptha a bheith ina athair ar an Jiu-Jitsu Gracie, ar a bhfuil aithne againn air inniu. Chuir a shean-mhac, Rorion, tús leis an gcomórtas agus comhlacht UFC le linn na 90idí.
Bhunaigh Carlos ionad traenála ‘Gracie’s’ i Rio de Janeiro sa bhliain 1925 agus is san ionad seo a thosaigh an comórtasaíocht idir-ealaíne chomhraic ar dtús. Thosaigh an t-ionad ag cur fógraí amach inar thug siad cuireadh ar iomaitheoirí difriúla teacht chucu más mian leo “a n-aghaidheanna a fháil scriosta, a dtóin ciceáilte agus a ngéaga briste”! Tháinig daoine difriúla chucu tar éis dóibh glacadh leis an gcuireadh agus is trí bhua a fháil ar na hiomaitheoirí seo a fuair clann na ‘Gracies’ a meas. Don chéad uair, bhí an spórt ag dul chun chinn.
Sa lá atá inniu ann tugtar fós “Vale Tudo” ar an MMA, nó ealaíona comhraic meascaithe, sa Bhrasaíl agus ní haon rún é cén fáth. Is as an gcomórtas a thosaigh sna bailte seantán agus a thagann an MMA go díreach. Cé go bhfuil forbairt ollmhór tagtha ar an spórt – tá rialacha curtha i bhfeidhm, tá aicmí meáchan ann agus tá an spórt curtha chun chinn sná méain – tá na prionsabail céanna i gceist, an tábhacht chéanna ann i leith onóra fós croí-lár. Tá sé soiléir go bhfuil áit breithe an MMA, agus an UFC mar gheall ar sin, lonnaithe sna cnoic stroighin in Rio de Janeiro, an lucht oibre mar chruthaitheoir aige. Cuireann sé le fios nach gá do dhuine casadh ar dhrugaí ná ar fhoirmeacha eile den choiriúlacht, go bhfuil slite ann do fhrustrachas a dhíriú ar ghníomhaíochtaí táirgiúla eile.
Is ag deireadh an fhichiú haois a tháinig an t-éileamh is mó don Vale Tudo. I 1993, bhunaigh Rorian Gracie an UFC chun go mbeadh sé ábalta taispeáint don domhan gurb é Jiu-Jitsu Gracie an t-aon slí éifeachtach do dhuine meánach iad féin a chosaint. Chuir sé cuireadh ar throdaithe cáiliúla, fíochmhara mórthimpeall an domhain agus tháinig siad go Las Vegas chun dul i mbun troda lena dheartháir, Royce. Faoi dheireadh, bhí an bua ag Royce Gracie ar an gcomórtas agus bhí éileamh ollmhór ar ranganna Jiu-Jitsu Gracie, Vale Tudo ag tabhairt deise dó a ainm a scaipeadh. Bhí brionglóid clann Gracie bainte amach acu.
Anois, de réir an Phríomhoifigigh Fheidhmiúcháin Dana White, tá luach $3.5 billiún dollar ar an gcomhlacht agus is as baile seantaí sa Bhrasaíl a tháinig an rathúnas seo ar fad. Is léir go n-oireann nádúr fíochmhar an spóirt ar nádúr an duine agus is as sin a thagann a cháil. Scéal rátha is ea é scéal na Gracies, Vale Tudo agus an UFC agus is féidir ionspráid a bhaint as an scéal, ag dul ó bhun an dréimire go barr an dréimire.

Cál Ó Donnabháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.